Scoil samhraidh Gaeilge curtha ar fáil ag CLG Uladh saor in aisce

Reáchtálfar Cúrsa Cuimhneacháin Shéamuis de Faoite sna Dúnaibh arís an samhradh seo agus ranganna Gaeilge ann do dhaoine ag gach leibhéal cumais

Scoil samhraidh Gaeilge curtha ar fáil ag CLG Uladh saor in aisce

Tá CLG Uladh ag cur cúrsaí Gaeilge ar fáil saor in aisce do bhaill CLG an samhradh seo do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge nó atá ag iarraidh tosú á foghlaim.

Tá Cúrsa Cuimhneacháin Shéamuis de Faoite ar an bhfód le beagnach 30 bliain anois ach tá CLG Uladh ag súil go mbeidh an tinreamh is mó i stair an chúrsa acu in 2017.

Reáchtálfar an cúrsa sna Dúnaibh i nGaeltacht Dhún na nGall níos deireanaí an mhí seo, idir 17 agus 21 Iúil.

Deir duine de lucht eagraithe an chúrsa, Fergus McGee, go bhfreastalaíonn an cúrsa ar gach leibhéal cumais.

“Tugann cúrsa Shéamuis de Faoite deis do gach duine, pé cumas Gaeilge atá acu. Beidh ranganna againn dóibh siúd atá ag tosú amach, dóibh siúd a bhfuil cumas réasúnta acu agus beidh ranganna ardleibhéil ann dóibh siúd a bhfuil scileanna maithe comhrá acu.”

Chomh maith leis na ranganna Gaeilge, beidh ranganna ceoil agus amhránaíochta ann gach tráthnóna. Beidh seisiúin cheoil ann san oíche chomh maith agus ceiliúradh á dhéanamh ar chultúr na Gaeilge agus CLG.

Beidh Uachtarán CLG Uladh, Michael Hasson, ag freastal ar an scoil samhraidh agus deir sé go bhfuil sé ag tnúth go mór leis an tseachtain. Agus é á reáchtáil an tseachtain i ndiaidh chluiche ceannais peile Uladh, deir sé go dtugann sé deis do bhaill an chumainn an Gaeilge a fhoghlaim in atmaisféar suaimhneach.

“Tá an scoil samhraidh imithe ó neart go neart thar na mblianta agus tugann sé deis do bhaill CLG feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge saor in aisce,” a deir Hasson. “I mbliana, tá áthas orainn fáilte a chur roimh Uachtaráin CLG, Aogán Ó Fearghail, fear atá líofa, agus beidh deis ag gnáthphobal CLG labhairt leis trí Ghaeilge.”

Is féidir foirm iarratais do Chúrsa Cuimhneacháin Shéamuis de Faoite a fháil anseo. Má tá tuilleadh eolais de dhíth, is féidir glaoch a chur ar dhuine de na heagraithe, Fergus Mac Aoidh (00353 (0) 86 854 4445) nó Séamus Mac Giolla Phádraig (0044 (0)78 1033 1564).

Fág freagra ar 'Scoil samhraidh Gaeilge curtha ar fáil ag CLG Uladh saor in aisce'