An raibh a fhios agat go leagann tú do mhéar ar do ghuthán póca 2,617 uair sa lá?
Tá a fhios agat anois.
Bhain an uimhir sin siar asam nuair a tháinig mé uirthi an lá cheana, in alt fada faoi theicneolaithe atá ‘ar an taobh istigh’ agus a bhfuil imní ollmhór orthu faoin tionchar atá ag gutháin chliste ar aigne an duine.
Ach ní raibh inti ach staitistic scanrúil. Bhain rud a rinne mé féin aréir siar i bhfad Éireann níos mó asam.
Ghreamaigh mé nóta Post-It de mo ghuthán póca agus an téacs seo air: ‘Fan amach!’
D’fhág mé an fón agus an nóta air i mo sheomra oibre agus dhún an doras i mo dhiaidh.
É sin – nó bhascfainn an diabhal rud i gcoinne an bhalla go dtí go mbrisfí é. Nó, níos measa fós, is é sin a dhéanfainn le mo chloigeann féin.
Céard a bhí tar éis tarlú?
- Bhí mé tar éis a bheith súite isteach in argóint ar Twitter.
- Ní raibh mé ag iarraidh glaoch ar Dhuine Áirithe nó teachtaireacht a chur chuige.
Ceart go leor, admhaím láithreach é: ní gá do dhuine a bheith ina shíceolaí chun a oibriú amach go bhfuil rud éigin cearr le hord na gcúiseanna thuas. Ní raibh san argóint sin ar Twitter (an Ghaeilge a spreag í, céard eile?) ach buille maraithe na muice.
Cinnte, bhí daoine ag dul as a gcrann cumhachta de bharr cúrsaí grá leis na milliúin blianta sularbh ann don ghuthán póca. Ach arm fíorchontúirteach atá sa ghléas céanna i lámha an té a bheadh ag iarraidh duine eile a mhealladh nó a choinneáil spleách.
Sa Guardian, deir an Meiriceánach Cris Marcellino – fear a chaith na blianta ag obair don chomhlacht Apple agus a chum cuid den teicneolaíocht a choinníonn daoine greamaithe dá gcuid iPhones, ach atá ag staidéar le bheith ina néaramháinlia faoi láthair – gur léir dó féin go bhfuil tionchar ag ár ngutháin phóca ar na codanna sin den aigne a n-imríonn cearrbhachas agus úsáid drugaí tionchar orthu freisin, na ciorcaid néareolaíocha chéanna a thugann ar an duine dul ar thóir bia, compoird, teasa agus gnéis.
Ní néaramháinlia mise ná níor chaith mé na blianta ag obair do mhórchomhlacht teicneolaíochta, ach mothaím i mo chuid ciorcad néareolaíoch féin go bhfuil an ceart ar fad ag Cris Marcellino.
Arm fíorchontúirteach é an guthán póca agus ghabhfainn chomh fada lena rá gur contúirtí é ná an gunna féin. Ní chuireann an guthán póca duine den saol, tugann sé bás mall dá chumas cinntí a dhéanamh dó féin agus déanann sé sclábhaí as, andúileach airde a dhéanfadh rud ar bith ar son ‘is-maith-liom-é’ eile ar Facebook, ‘croí’ eile ar Twitter, nó teachtaireacht ón Duine Áirithe sin.
‘Ní mharaíonn gunnaí daoine, daoine a mharaíonn daoine’ a deir an NRA agus is dóichí ná a mhalairt gur ‘ní nimhíonn gutháin phóca aigne an duine, nimhíonn an duine féin a aigne féin’ nó a leithéid an mana a bheadh ag mórchomhlachtaí Silicon Valley.
Is léir don dall, ar ndóigh, go bhfuil sé dodhéanta urchar a scaoileadh le duine mura mbíonn gunna ag duine.
Aréir, agus mé ag breathnú ar an ngléas snasta miotail i mo lámh, thuig mé den chéad uair go raibh arm níos contúirtí ná gunna i mo ghlac.
Contúirteach, go háirithe, dom féin.
Fág freagra ar 'Sclábhaí thú 2,617 uair sa lá, a bhuí de d’fhón…'