Sceon ar shráideanna an Tuaiscirt agus an Bhreatain san airdeall faoi bhagairt úr

Cén bhaint atá ag barbarthacht na n-easaontóirí le hÉire aontaithe? Is cosúla go mór le coirpeacht agus le handúil san fhoréigean í ná le mealladh polaitiúil

Feature_IRA

Ní bhainfeadh sé geit as duine ar bith go mbeadh paraimíleataigh phoblachtacha ag smaoineamh ar ionsaithe foréigneacha a dhéanamh sa Bhreatain Mhór. Sin é an cleas chun aird na n-údarás a fháil, chun sceon a chothú agus chun a chruthú gur ‘fir mhóra’ iad an lucht ionsaithe. Chreid paraimíleataigh riamh go raibh ionsaithe sa Bhreatain níos éifeachtaí ná cinn ag baile cé nár stop sé sin uafáis in Éirinn thuaidh ná theas.

B’údar iontais agus díomá é, áfach, nuair a d’fhógair Theresa May, an Rúnaí Gnóthaí Baile i Westminster go raibh na heasaontóirí éirithe níos contúirtí ná mar a bhí. Déanann na seirbhísí slándála rangú ar an gcontúirt ó lucht foréigin – IS agus an tIRA Nua ina measc. ’Sé an breithiúnas is deireanaí ar na heasaontóirí poblachtacha go bhfuil seans maith go ndéanfaidh siad ionsaí sa Bhreatain; ‘contúirt shubstainteach’ atá i gceist.

‘Measartha’ nó ‘meánach’ a bhí an baol le tamall cé go raibh foláireamh tugtha ag an PSNI i dTuaisceart Éireann go raibh cumas na n-easaontóirí neartaithe. ‘Dianchontúirt’ an rangú ar an mbaol abhus – sin bagairt níos déine ná an Bhreatain agus ní hiontas é i bhfianaise an fheachtais in aghaidh phóilíní agus oifigigh príosúin chomh maith leis na hionsaithe pionóis i gceantair náisiúnacha.

Tá sé cúig bliana déag ó rinne easaontóirí ionsaí sa Bhreatain cheana. Sa bhliain 2001, gortaíodh seachtar nuair a phléasc buama gluaisteáin in Ealing Broadway in iarthar Londan. An Fíor-IRA (an dream a rinne buamáil na hÓmaí i 1998) a bhí freagrach. Ba iad freisin a rinne ionsaí roicéid sa bhliain 2000 ar cheannáras MI6.

Tá dreamanna éagsúla easaontóirí tar éis a dhul i gcomhghuaillíocht le chéile agus astu sin a d’eascair an bhuíon a ghlaonn an tIRA orthu féin. Mhaígh siad in 2014 gurb iad a bhí freagrach as buamaí litreacha a sheoladh ag ionaid earcaíochta mhíleata sa Bhreatain. Is mar ‘an tIRA Nua’ is fearr aithne orthu. Sin é an grúpa a dhúnmharaigh an t-oifigeach príosúin Adrian Ismay le buama Semtex faoina charr. B’in é an t-ábhar pléascach a mbaineadh an tIRA Sealadach úsáid as le linn na dTrioblóidí agus b’údar imní é an t-ábhar a bheith ag an IRA Nua chun cur lena chumas daoine a mharú.

’Sé raison d’être na n-easaontóirí a ndiúltú don chonradh polaitiúil ar ghlac muintir na hÉireann leis thuaidh agus theas sa reifreann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus don phóilíneacht nua, i bhfoirm an PSNI. Ní polasaí é foréigean. Anuas air sin, i bhfianaise an reifrinn i 1998 ní féidir leo a mhaíomh go bhfuil ‘dlisteanacht phoblachtánach’ acu; bréagmhaíomh ab ea é ag na Sealadaigh agus tá sé cealaithe go glan soiléir. Níl seasamh polaitiúil acu ach an oiread. Má tá argóint pholaitiúil acu níl siad ag dul i muinín an daonlathais chun í a scaipeadh. Nuair a chuaigh duine acu anseo is ansiúd i muinín na vótóirí tugadh an t-eiteachas as éadan dóibh.

Is beag tacaíocht atá acu i measc an phobail ina bhfuilid lonnaithe. Ní hin le rá nach bhfuil smacht acu i gceantair áirithe. Tá samplaí dá ‘n-údarás’ feicthe in Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste le déanaí mar ar mharaigh siad Michael McGibbon in ionsaí pionóis. Is ar easaontóirí a cuireadh an milleán as ceithre eachtra lámhaigh i dtuaisceart agus in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh cheithre huaire fichead le seachtain anuas. Chuir dúnmharú Dan Murray Dé Máirt leis an liosta d’uafáis atá fulaingthe ag an bpobal faoi bhéal gunnaí. Cén bhaint atá ag an mbarbarthacht sin le hÉire aontaithe? Is cosúla go mór le coirpeacht agus le handúil sa bhforéigean í ná le mealladh polaitiúil.

Más coirpigh nó paraimíleataigh atá freagrach as ionsaithe is beag difir atá eatarthu; mar a chéile iad, go minic. Ramhraíonn siad ar fhaitíos an ghnáthdhuine. Údar mór buartha é a laghad daoine atá i mbun na n-ionsaithe ar an bpobal nó ar sheirbhísigh phoiblí atá cúisithe nó ciontaithe. Dúshlán é sin don saoránach, don bhunaíocht pholaitiúil agus don PSNI.

Fág freagra ar 'Sceon ar shráideanna an Tuaiscirt agus an Bhreatain san airdeall faoi bhagairt úr'