Scéinséir eile ag sodar i ndiaidh an phúdarlaigh

Is deacair na castaí in ‘The Gift’ a thuar agus bíonn tine ar an gcraiceann cóngarach don deireadh, ach mar sin féin…

The Gift

The Gift

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Joel Edgerton

Cliar: Jason Bateman, Rebecca Hall, Joel Edgerton, Allison Tolman, Tim Griffin

N’fheadar an moladh nó cáineadh a thuilleadh é a rá faoi shaothar go bhfuil comharthaí sóirt de chuid Hitchcock ag baint leis. Ní hé go bhfuil amhras á chaitheamh agam ar chumas an phúdarlaigh Shasanaigh mar is scannáin cheannródaíocha iad Psycho (1960), Vertigo (1958), Rear Window (1954) agus North by Northwest (1959). Go deimhin, d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh é Hitchcock tionscóir iomaire an scéinséara agus is cinnte gurbh é máistir an tseánra é.

An fhadb ná go bhfuil iarracht fhánach déanta i gcaitheamh na mblianta teacht ar an gcéad ‘Hitchcock’ eile agus an iliomad sin scríbhneoirí/stiúrthóirí ag iarraidh a lorg a leanúint dá réir. Cé go dtugann siad leo cuid de chomharthí sóirt an tsaoi, níos minicí ná a mhalairt, ní bhíonn na táirgí thar mholadh beirte. Cloch eile ar an gcarn sin é an scannán seo agus é cuíosach gan a bheith maíteach.   

Is mar aisteoir is fearr aithne ar an Astrálach Joel Edgerton ach tá fo-gheábh tugtha aige ar an bpeann agus suíochán an stiúrthóra/léiritheora. Seo an chéad fhadscannán leis agus tugann sé faoi chúraimí an stiúrthóra, léiritheora, scríbhneora agus aisteora, rud b’fhéidir nach gcabhraíonn leis a bheith iomlán oibiachtúil faoi chaighdeán an tsaothair.

Lánúin ghustalach iad Simon (Bateman) agus Robyn (Hall) atá díreach tar éis Chicago a fhágaint le filleadh ar fhód dúchais an fhir i mbruachbhaile Los Angeles. Tigh breá, le neart fuinneoga (go mbaineann an scéal an-úsáid astu), Merc sa chabhsán agus iad ag iarraidh páistí a bheith acu. Tá saol an mhadra bháin acu agus tá go maith is níl go holc go gcastar Simon, sean-chomhghleacaí scoile, orthu. Is fuirist a aithint gur éan corr é Gordo (Edgerton) agus déanann sé a shlí a ghuailleáil isteach i saol na lánúine. I dtosach, fágann sé bronntanais ar leic an dorais dóibh ach ní fada go n-éiríonn siad míchompordach agus an cadhan aonair seo ag faoileáil timpeall orthu.

Thaibhseofaí duit ón gcur síos sin, agus ón mblaisín fógraíochta, gur scannán é seo faoi lánúin atá faoi léigear ag duine atá sna craobhacha, scéinséir aigneolaíoch a bhainfeadh macalla as leithéidí Cape Fear (1962 agus 1991) agus Fatal Attraction (1987).  Tá uisce faoi thalamh anseo, áfach, agus tagann cúpla casadh sa scéal a bheireann amuigh orainn. Gintear suan na muice bradaí ón tús agus is de réir a chéile a nochtar dúinn go bhfuil a gcuid fadbhanna agus rúin ag an lánúin seo.

Dar liom go ndéantar scéal mhadra na n-ocht gcos den mhíchompord a chothaíonn Gordo ach ina dhiaidh sin féin cinntítear i gcónaí go bhfuil débhríocht sa charachtar. Is gnách le Bateman tabhairt faoi tháirgí níos éadromchroíche ach téann sé i ngleic le carachtar téagartha anseo ar shlí nádúrtha. Is carachtar soineanta, saonta, neamhurchóideach atá idir lámha ag Hall agus is í i ndáiríre an ceann feadhna. 

Fan na slí, ní leasc le Edgerton dul i muinín chleasanna seanchaite na scannán uafáis: bean sa chith, torann neamhurchóideach ag baint siar asainn srl. Is deacair na castaí a thuar agus bíonn tine ar an gcraiceann cóngarach don deireadh nuair atá an trí bhronntanas á n-oscailt ag Simon.

Mar sin féin, is frithbhuaic de shaghas í an chríoch obann agus cuireann sé an dlaoi mhullaigh ar an tuairim nach bhfuil anseo ach scéinséir eile ag sodar i ndiaidh an phúdarlaigh.

Fág freagra ar 'Scéinséir eile ag sodar i ndiaidh an phúdarlaigh'