Is go fíorannamh a dhéanann ‘gealt’ ionsaí sceimhlitheoireachta…

Caithfimid glacadh leis go bhfuil réasúnaíocht taobh thiar den fheachtas sceimhlitheoireachta domhanda de chuid IS. Is ar an mbonn sin is gá a dhul i ngleic leis…

Is go fíorannamh a dhéanann ‘gealt’ ionsaí sceimhlitheoireachta…

‘Tuigimse mo mhac.Tá sé cineálta. Níor thóg mise diabhal’. Máthair sa Fhrainc a bhí ag caint, í ag séanadh go bhféadfadh a mac, Abdel Malik Petitjean a bheith freagrach le fear eile as an slad in Eaglais Saint Etienne du Rouvray sa Normainn.

Chuir marú an tsagairt, an tAthair Jacques Hamel, agus tógáil giall alltacht ar dhaoine ach bhain an sárú ar thearmann na heaglaise croitheadh sa bhreis as an bpobal. Buille uafásach ab ea é sa mullach ar an slad sa Fhrainc, sa Bheilg agus sa Ghearmáin. B’fhurasta freagra na máthar a thuiscint ar leibhéal clainne ach léirigh a caint ar ‘diabhal’ dearcadh atá coiteann –ach róshimplí – i leith sceimhle agus sladmharú.

Is minic a luaitear meabhairghalar nó daoine a bheith i ngreim ag diabhal mar mhíniú ar conas is féidir le hionsaitheoirí gníomhartha barbartha a dhéanamh. Ba mhinic a bhíodh an port sin le cloisteáil faoi uafáis sa tír seo le linn na dTrioblóidí. Ní raibh blas fianaise go raibh na daoine a rinne ionsaithe an IRA, an UVF, an UDA, INLA nó Red Hand Commando ‘as a meabhair’. Ba mhó go mór an fhianaise a bhí ann go raibh paraimíleataigh tugtha don ghrúpsmaointeoireacht ina n-eagraíocht féin .

Rinneadh dídhaonnú ar dhaoine ar an taobh eile. Luíonn sé le réasún gur rinneadh múnlú inchinne ar bhaill nua na ngrúpaí paraimíleatacha ach bhíodh eachtra éigin, ionsaí ón taobh eile go hiondúil, i gcónaí ann chun iad a ghríosadh i dtreo an fhoréigin. Ina theannta sin, ba léir gur chruaigh croíthe le taithí. Is mar sin a tharla ionsaithe na Shankill Butchers nó an sléacht san eaglais bheag i Darkley i ndeisceart Ard Mhacha nó an slad ar Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann, gan ach dornán a lua.

Meastar anois go bhfuil foréigean IS níos brúidiúla agus ar scála nach bhfacthas cheana. N’fheadar. An tUileloscadh ? An feachtas in aghaidh na Mau Mau sa Chéinia? Ní airím sléacht sa Mheán Oirthear. Tá difríocht sna taicticí ar ndóigh agus tá an cumas ag IS treallchogaíocht a fhearadh i dtíortha ar fud na cruinne, áit ar bith a bhfuil daoine ar féidir tionchar a imirt orthu.

Gan dabht, deir síciatraithe gur féidir go mbeadh eagraíocht neamh-scrupallach in ann daoine le meabhairghalar a earcú agus a ghríosú chun uafáis. Is furasta sin a dhéanamh nuair is cadhain aonair atá á ghríosú chun ionsaithe. Ach ansin féin bíonn ullmhúchán agus eagar riachtanach agus is é barúil na saineolaithe gur go fíorannamh a dhéanann ‘gealt’ ionsaí sceimhlitheoireachta.

Cuimhnigh ar an mionphleanáil a bhí riachtanach roimh an ionsaí le trucail ar na sluaite ar an Promenade des Anglais i Nice.

Go fiú más aonarán le fadhbanna pearsanta é an té a dhéanann a leithéid a téann teachtaireachtaí na n-antoisceach i gcion orthu – ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an duine ar a chéill.

Caithfimid glacadh leis go bhfuil réasúnaíocht taobh thiar den fheachtas sceimhlitheoireachta domhanda de chuid IS. Is ar an mbonn sin is gá a dhul i ngleic leis. Botún mór a bheadh ann a cheapadh gur saobh-scéim nó iompar iomrallach é. Tá cuspóir ag na daoine a dhéanann ionramháil ar earcaithe i ngeiteónna an iarthair nó atá imeallaithe ar bhealaí eile. Tá insint ar a stair acu a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Ta leagam dIoslam acu nach bhfuil ceartchreidmheach ach atá tarraingteach do dhaoine a chreideann go bhfuil siad faoi chois. Ní mór a dhul i nglleic leis na fíorais agus eirí as an gcaint faoi ghealtachas.

Fág freagra ar 'Is go fíorannamh a dhéanann ‘gealt’ ionsaí sceimhlitheoireachta…'