Sceilig Mhichíl oscailte don phobal ach d’fhéadfaí í a iamh arís gan choinne

Ag brath air nach dtarlóidh aon eachtraí eile amach anseo, táthar ag súil go bhfanfaidh an láthair ar oscailt le haghaidh an phobail suas go dtí an dáta druidte atá sceidealaithe – an 2 Deireadh Fómhair seo chugainn – ach braitheann sé sin ar fad ar an aimsir

Skellig_Michael03(js)

Cé gur oscail Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Sceilig Mhichíl, an Láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO, atá suite amach ó chósta Chiarraí, le haghaidh cuairteoirí Dé Domhnaigh, b’fhéidir go gcaithfeadh na húdaráis atá ina bun an láthair ársa seo a iamh ar fhógra gairid arís.

Bhíothas ag súil go n-osclófaí an t-oileán sceirdiúil seo an lá roimhe sin, an Satharn, an 14 Bealtaine, ach níorbh fhéidir an beart sin a dhéanamh mar gheall ar obair bhreise a bhí le cur i gcrích ag foireann an OPW mar gheall ar bhollán mór carraige a thit anuas tráthnóna Dé Luain seo caite ar Bhóthar an Tí Solais, bóithrín cúng mí-réidh ar a mbíonn cuairteoirí ag taisteal ina sluaite i rith na biaiste chun iad a bhreith go dtí an láthair mainistreach ársa ar an oileán.

In éis teacht i dtír ar Sceilig Mhichíl téann cuairteoirí ar an mbóithrín seo, atá gearrtha amach cuid mhaith as an gcarraig lom, ar dtús, agus ansin bailíonn siad leo anairde ar chéimeanna déanta le clocha, a bhfuil na scórtha ann díobh, ag ardú leo go géar, sula mbaineann siad buaic amach.

Ní hobair gan dua í seo ach aon duine a bhaineann amach an tseanmhainistir, ní dheineann sé dearmad ar an radharc sin go deo.

Ar an lá is fearr ar an Sceilig bíonn dainséar ag baint le cuairt a thabhairt uirthi. Tamall de sheachtainí ó shin do sceith smut den aill anuas ar an mbóithrín céanna ach do bhí an sceitheadh seo glanta arís ag foireann ó OPW.

Seo a deir cuid den ráiteas ón Oifig a seoladh sular osclaíodh an láthair ag an deireadh seachtaine:

“Rinne an OPW measúnuithe innealtóireachta agus teicniúla ar an Oileán sna limistéir leochaileacha; meastar go bhfuil an priacal is mó do chuairteoirí ó thitimí carraige thart anois agus go bhfuil an tOileán réidh um oscailt le haghaidh an phobail. Ach leanfaidh an OPW leis an scéal a choimeád faoi aird lena gcomhairleoirí; thug oifigigh rabhadh inniu go mb’fhéidir go gcaithfí an tOileán a dhúnadh faoi ghearrfhógra, ar mhaithe le sábháilteacht foirne agus an phobail, sa chás go n-éiríonn priacal aitheanta.”

Ag brath air nach dtarlóidh aon eachtraí eile amach anseo, táthar ag súil go bhfanfaidh an láthair ar oscailt le haghaidh an phobail suas go dtí an dáta druidte atá sceidealaithe – an 2 Deireadh Fómhair seo chugainn – ach braitheann sé sin ar fad ar an aimsir.

Téann na mílte cuairteoirí, idir 8,000–9,000 acu, go dtí an Sceilig gach bliain ach an aimsir a bheith faoi dóibh. Comhlachtaí farantóireachta áitiúla a thugann na turasóirí amach ’on Sceilig agus iad faoi cheadúnas ó OPW.

D’athraigh an Oifig sin an córas ina ndáiltear ceadúnais le déanaí agus níl na bádóirí áitiúla róshásta leis an gcóras nua. Ní lú ná a bhíodar sásta go raibh ar an OPW dáta oscailte na biaiste a chur siar, ach mar sin féin tá a bhformhór sásta anois nár cuireadh moill rómhór ar oscailt na biaiste.

Mar gheall ar an scannánaíocht a rinne lucht Star Wars ar an Sceilig le dhá bhiaiste anuas, tá aird an domhain níos mó ná riamh ar an gcarraig lom sceirdiúil seo.

Siar i gceo na staire do rinne na Lochlannaigh léirscrios ar an mainistir iargúlta a bhí ar an Sceilig agus de réir Annála Inis Faithleann do chuireadar an tAb Eitgeal a bhí ansin chun báis leis an ocras.