Sceideal an fhómhair seolta ag TG4 i nGaillimh

Seoladh sceideal nua an stáisiúin Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tráthnóna. Tá idir chláir úrnua, scannáin agus seansraitheanna i measc na n-ábhar a bheidh ar scáileáin na nGael sna míonna amach romhainn

Sceideal an fhómhair seolta ag TG4 i nGaillimh

Mairéad Ní Chuaig, Caitlín Nic Aoidh agus Fiona Ní Fhlaithearta. Pictiúr: Andrew Downes, xposure.

An Béal Bocht, Murdair Mhám Trasna agus Rocky Ros Muc i measc na mórshaothar a bheidh á gcraoladh ar TG4 i gcaitheamh an fhómhair i mbliana. Seoladh sceideal an fhómhair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu.

Tá idir chláir dhrámaíochta, chláir spóirt, chláir faisnéise agus na scannáin nua ón scéim Cine4, i measc an ábhair a fógraíodh inniu. Beidh cuid den ábhar nua á thaispeáint i bpictiúrlanna áirithe na tíre roimh dheireadh na bliana freisin.

Beidh dráma nuascríofa ó pheann Antoine Uí Fhlatharta, Grace Harte, á chraoladh ina thrí chuid an mhí seo chugainn. Dráma faoi lánúin atá i bhfeighil óstáin, a bhfuil an tóin ag titim as, ar an gcósta thiar agus an “cor nua foréigneach” a thagann ina saol nuair a thagann fear óg chuig an óstán.

Una Healy – Opry Dhoire. Pictiúr: Andrew Downes, xposure.

Ar na cláir faisnéise a chraolfar beidh idir shraitheanna agus chláir aonair ina bhfiosrófar ábhair éagsúla — ról CLG i gcúige Uladh, feachtas pobail Gaeltachta, agus éachtaí mná as Corcaigh a tharrtháil na céadta ón mbás le linn na cogaíochta sa Spáinn agus sa bhFrainc 80 bliain ó shin.

Beidh Opry Dhoire, séasúr nua de cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuilleann lucht féachana do TG4, i measc na gclár ceoil. Cuirfidh Daniel O’Donnell agus Lynette Fay na hamhránaithe ceol tíre i láthair i bhFóram na Mílaoise i nDoire. Gach seachtain, ceolfaidh na ceoltóirí tíre amhrán Gaeilge i gcuideachta amhránaí traidisiúnta, chomh maith le neart amhrán dá gcuid féin.

Pictiúr: Andrew Downes, xposure .

Fillfidh GAA Beo agus Rugbaí Beo arís an fómhar seo, beochraoltaí ó chluichí ceannais na hÉireann, sna mionúir, faoi 21, cluichí ceannais contae, craobhacha Pheil na mBan, Guinness Pro 14 agus Corn na gCuradh, i measc cluichí eile sa dá spórt. Beidh an clár cuimhní cinn Laochra Gael ar ais arís freisin i mbliana.

Beidh beochraoladh ann arís i mbliana ó Oireachtas na Samhna ar TG4 agus an stáisiún Gaeilge ag clúdach mórfhéile na nGael i gCill Airne.

Craolfar Nuacht TG4 ón Oireachtas Céadaoin go hAoine, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an gCéadaoin, agus beidh Lár Stáitse, ardán do scoth na n-oirfideach óg sna taibh-ealaíona á chraoladh beo oíche Dé hAoine.

Fág freagra ar 'Sceideal an fhómhair seolta ag TG4 i nGaillimh'