Scéalta taibhsiúla agus lúfaireacht sa choiscéim ag Fianna Fáil – ócáid ómóis do Frank Fahey

Bhí seanfhondúirí de chuid Fhianna Fáil go tréan ag ócáid a eagraíodh in ómós do Frank Fahey sa Ghaillimh, ina measc an t-iarThaoiseach, Brian Cowen, a thug óráid uaidh

frank-fahey

Ina dhán ‘Raglan Road’ déanann Patrick Kavanagh tagairt don tsráid bheag chiúin ar ‘a gcastar seantaibhsí ar a chéile’.  Cé nach sráid bheag chiúin a bhí i mBóthar na Trá san oíche Dé hAoine, bhí seanfhondúirí de chuid Fhianna Fáil ann go tréan ag tabhairt ómóis do Frank Fahey.   Bhí seanscéalta le cloisteáil agus cuimhní cinn á ndúiseacht.  Ba é an t-iarThaoiseach, Brian Cowen, a thug an óráid ag an ócáid.

Comhairle Ceantair Fhianna Fáil i gcathair na Gaillimhe a d’eagraigh an ócáid mar chomhartha ómóis agus buíochais do Frank Fahey as an dá scór bliain a chaith sé ina ionadaí poiblí.  Thosaigh sé  amach mar Chomhairleoir Contae i nGaillimh i 1971, an Comhairleoir Contae ab óige sa tír san am.  Sna blianta ina dhiaidh sin bhí sé ina Sheanadóir, ina Theachta Dála, ina Aire Stáit agus ina Aire Sinsearach Rialtais.  Chríochnaigh a théarma sa saol poiblí nuair a chaill sé a shuíochán Dála in Olltoghchán 2011 – toghchán ina ndearnadh slad  ar Fhianna Fáil ar fud na tíre.

Bhí céile comhraic Frank Fahey i nGaillimh Thiar sna 1980í, Mark Killilea ann; bhí an t-iarTheachta Dála, Noel Tracey ann; bhí Batt O’Keeffe tagtha aníos as Corcaigh ann; bhí lucht tacaíochta Fahey a shiúil na bóithre agus na cosáin leis in imeacht na mblianta ansin.   Bhí polaiteoirí Fhianna Fáil na linne seo ann freisin – an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála, Anne Rabbitte, Comhairleoirí Contae agus Cathrach agus cathaoirleach nuathofa Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Michael Connolly, agus iadsan uile i gcuideachta 300 duine eile ag léiriú a n-ómóis. 

Bhí lorg ilchreidmheach ar an ócáid freisin.  Bhí an Teachta Dála Neamhspleách, Noel Grealish ansin (‘thaitnigh Frank liom i gcónaí’) agus bhí fear láidir de chuid Fhine Gael sa gcathair ansin – John Mulholland.  Bhí an tIar-Sheanadóir de chuid an Lucht Oibre as oirthear na Gaillimhe,  Lorraine Higgins, ansin freisin. “Ní déarfainn go bhfuil an pholaitíocht caite as mo cheann agam ach tá cruóg eile orm faoi láthair,” a dúirt sí. 

Baineadh cor as Frank Fahey, é féin.  Eagraíodh an ócáid i ngan fhios dó – chomh mór agus ab fhéidir – agus ní raibh súil aige leis an slua.  “Ní raibh súil agam leis seo agus ní raibh mé á iarraidh. Níl mé ar an bpáirc níos mó.  Tá mé imithe le cúig bliana anois,” a dúirt sé.

B’fhéidir go léiríonn eagrú na hócáide an mhuinín atá tagtha ar ais i bhFianna Fáil tar éis an Olltoghcháin le gairid.  Ní mba thráth ceiliúrtha ar bhealach ar bith na blianta beaga i ndiaidh 2011 ach is cosúil go bhfuil an tuirse sin curtha díobh ag baill an pháirtí.

Cuireadh na múrtha fáilte roimh Brian Cowen agus thagair sé do chroí agus do mhisneach an pháirtí agus é ag labhairt.    bhíodh “drogall ná cúthaileacht oraibh ag cur an pháirtí chun cinn,” a deir sé.  Ach ní óráid pholaitiúil a bhí inti.  Ní leis féin anois a ladar a chur isteach in imeachtaí Fhianna Fáil, a deir Brian Cowen.   Cé nach eol sin do chuid mhaith daoine, is duine é Cowen a bhfuil féith an ghrinn ann agus é deisbhéalach agus tráthúil. Ar an téad sin a  bhí sé san oíche Dé hAoine.  “An gcreidfeadh sibh gur casadh fear dom uair amháin nach bhfuair gléas teileafóin ó Mhark Killilea,” a dúirt sé.    

“Maidir le Frank Fahey, ba mhaith an cara é sa bpolaitíocht agus is dílis an comhghleacaí é sa saol mór,” arsa Brian Cowen.  “Dílseacht – dílseacht nuair atá an ghaoth sna seolta agus dílseacht freisin nuair atá tú ar charraig – sin ceann de thréithe uasal an tsaoil,” a deir an tIar-Thaoiseach agus na gártha molta ag teacht ón urlár.

D’fhan Frank Fahey glan amach ón bpolaitíocht freisin.  Diabhlaíocht faoin gcoimhlint san aimsir a caitheadh i nGaillimh Thiar idir é féin agus Mark Killilea ba mhó a bhí i gceist aige.  “Bhí an lá a ndeachaigh sé don Eoraip mar Fheisire i 1987 ar an lá ab fhearr de mo shaol,” a deir Fahey. 

Trí scór agus cúig bliana a bhí sé le gairid, a deir Frank Fahey  “agus ní dhearna mé aon cheiliúradh air sin!”.  Níl lot ar bith déanta ag na blianta air. Chuirfeadh mórán chuile dhuine a bhí ansin deich mbliana níos óige ná sin é – lúfaireacht ina choiscéim mar atá i gcoiscéim Fhianna Fáil faoi láthair.

Fág freagra ar 'Scéalta taibhsiúla agus lúfaireacht sa choiscéim ag Fianna Fáil – ócáid ómóis do Frank Fahey'