Scéalta ón gCibearspás…(@AnCraoibhin, Gramadach gan stró agus Gaeilge24)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@AnCraoibhin (Dubhglas de hÍde)

Cé hé féin?

Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, iar-Uachtarán na hÉireann agus duine de fhathaigh de hAthbheochana. Ar ndóigh, ó tharla gur bhásaigh an Craoibhín Aoibhinn sa bhliain 1949, glacaimis leis gur cuntas bréige é seo. Nó go bhfuil an leathanbhanda snáthoptaice seacht n-oiread níos fearr ar neamh ná mar atá i Múscraí Uí Fhloinn.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Bíonn an té atá i bhfeighil an chuntais seo ag giolcaireacht faoi chúrsaí a chuirfeadh de hÍde spéis iontú – an cultúr, an Ghaeilge agus na dána. Ar ndóigh, ba é @AnCraoibhin a thosaigh an haischlib #WakingTheGael a tharraing aird ar an easpa dráma Gaeilge ar chlár Amharclann na Mainistreach do 2016 agus a chuir brú ar Stiúrthóir na hamharclainne ráiteas a dhéanamh faoina ‘fhaillí’.

Is cosúil go bhfuil teacht ag riarthóir @AnCraoibhin ar cháipéisí ó thús an chéid seo caite a bhaineann le hobair de hÍde i gConradh na Gaeilge agus bíonn pictiúir spéisiúla á gcrochadh aige ó am go chéile.

Cén fáth a leanfainn é?

Níl @AnCraoibhin ar Twitter chomh fada sin ach tá lucht breá leanúna faighte aige ó thosaigh sé ar an gcóras giolcaireachta. Tá an chuma air go mbeidh an cuntas fíorspéisiúil agus muid ag teacht i dtreo an chomórtha ar 1916 agus go deimhin an tréimhse a lean an Éirí Amach. Ní mór súil ghéar a choinneáil air!

Giolc na Seachtaine

Is maith linn ruainne beag grinn ar Scéalta ón gCibearspás agus bhain giolc @aedraenodubh gáire asainn an tseachtain seo cinnte. Tá súil againn gur fíor dó agus gur chun leasa na mac léinn a bheidh an leagan nua de ghramadach gan stró.  

Ragham amú tamall eile

Is annamh a bhíonn mír ó Twitter againn ar ragham amú tamall eile ach thaitin moladh @Irlpol go mór linn an tseachtain seo. Tá molta aige, i mBéarla, go mbronnfaí an Fáinne Dearg orthu siúd a dhéanann dochar don Ghaeilge.   Níor mhaith linn duine ar bith a ainmniú anseo ach táimid cinnte go bhfuil bhur gcuid moltaí féin agaibh do dhaoine a d’fheilfeadh a leithéid de ghradam dóibh! Fág scéala againn sna tráchtanna thíos má ritheann duine ar bith libh! Instituting the Fáinne Dearg award for abuse of the #gaeilge #CúplaFocal . pic.twitter.com/9aQ9ZgxJcj — Póló (@irlpol) November 8, 2015

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Bhí Gaeilge24, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc dhaltaí scoile na tíre, ar siúl ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin an tseachtain seo. Bhí an comhrá beo beathach ar na meáin shóisialta agus ranganna, daltaí, múinteoirí agus daoine eile nach iad ag crochadh pictiúir ar Facebook, Twitter agus Instagram i gcaitheamh an lae.

Faraor géar níor éirigh le roinnt daoine páirt a ghlacadh sa dúshlán mar níor chuala siad faoi in am!

Ghlac na coláistí tríú leibhéal páirt sa togra in éineacht leis na scoileanna agus meánscoileanna.  

Bhí daoine ann a ghlac páirt i #Gaeilge24 ar chúinsí eile seachas grá don Ghaeilge…

Ach d’éirigh go maith leis an lá agus chuaigh sé i bhfeidhm ar Éireannaigh ar fud na cruinne, go háirithe daoine a d’airigh cumha i ndiaidh an fhóid dúchais agus na tean  

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás…(@AnCraoibhin, Gramadach gan stró agus Gaeilge24)'