Scéalta ón gCibearspás (an celtic camino, TG Lurgan agus litreacha Gaeilge 1916)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@celticcamino (celticcamino)

Céard é féin?

Seo cuntas taistil @kevinmageebeeb. Tá Kevin ag rothaíocht ar Shlí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall go Rubha Robhanais in Oileán Leòdhais na hAlban. Tá sé ag giolcaireacht leis ar an mbealach, i nGaeilge, Béarla agus i nGáidhlig.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Is dialann taistil de shaghas éicínt é seo ach é teoranta do 140 litir i ngach iontráil. Bíonn go leor pictiúr ag Kevin agus míreanna beaga eolais faoin tSlí agus na daoine a gcasann sé leo.

Cén fáth a leanfainn é?

Cuirfidh sé fonn taistil ort! Is beag duine taobh amuigh de chúige Uladh agus iarthar na hAlban a bheadh ar an eolas faoi Shlí Cholm Cille agus níl bealach níos fearr len é a fheiceáil (gan an diabhal rud a shiúil!) ná ó chuntas Twitter duine éicínt atá níos cróga/aclaí ná tú féin.

Taitneoidh @celticcamino le héinne a bhfuil spéis acu i gcultúr na nGael agus go deimhin cheangal cultúrtha idir Éirinn agus Albain.


Ragham amú tamall eile…

Tá sé ina shamhradh arís buíochas le Dia agus an ghrian, anois is arís, ag scaladh anuas orainn ar feadh trí nóiméad as a chéile. Ar ndóigh, ar theacht an tsamhraidh tagann an dream óg chun na Gaeltachta agus tá na céadta acu landáilte in Indreabhán i gCois Fharraige ag Coláiste Lurgan.

Tá cúpla físeán curtha amach ag TG Lurgan, cainéal YouTube an choláiste, cheana féin an samhradh seo ach inné sceitheadh an chéad cheann mór – Síoraí Spraoi, leagan Gaeilge den amhrán clúiteach Cheerleader le OMI.

Tá an físeán ar cheann de na cuide is spleodraí atá tagtha ó cheárta an choláiste go dtí seo agus na gasúir lán sonas ar an Trá Mhór. Tá beagnach 200,000 duine tar éis súil a chaitheamh ar an bhfíseán go dtí seo agus gan é a bheith crochta ar YouTube ach le trí lá anuas.


An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

D’eagraigh an cuntas @Letters1916 beochomhrá ar Twitter tráthnóna Dé Máirt inár pléadh an Ghaeilge agus na litreacha atá bailithe ag lucht stiúrtha an togra go dtí seo.

Tá sé i gceist ag Letters 1916 litreacha a scríobhadh idir Samhain na bliana 1915 agus Samhain na bliana 1916 a chnuasach agus scagadh a dhéanamh orthu. Nuair a bheidh an togra críochnaithe, beidh teacht ag an bpobal ar na litreacha ar fad agus táthar ag súil go dtabharfaidh an togra léargas níos fearr dúinn ar an saol mar a bhí le linn bliain na réabhlóide.

Ghlac roinnt Gaeilgeoirí páirt sa chomhrá agus nochtadh eolas spéisiúil lena linn. Mar shampla, ón 2,000+ litir atá bailithe ag Letters 1916 go dtí seo níl ach 13 acu i nGaeilge (tá cárta poist Gaeilge amháin aimsithe freisin).

Dúirt Emma Clarke, atá ag obair le foireann an togra, go bhfuil sé deacair theacht ar litreacha Gaeilge ón tréimhse sin.

Bhí míniú ag Emma Ní Chearúil, a bhí ag stiúradh an chomhrá don oíche, ar a laghad litreacha Gaeilge atá faighte go dtí seo

Ach bhí míniú níos éadóchasaí ag Murchadh Mór ar an nganntanas

Rith ceist spéisiúil le Neale Rooney. Tá a fhios againn go raibh Éireannaigh le Gaeilge ag troid in Arm na Breataine sa Chogadh Mór, ach ar scríobh siad litreacha i nGaeilge?

I measc na litreacha Gaeilge atá ag Letters 1916 tá ceann an-spéisiúil ó láimh an Uachtaráin Seaghan T. Ó Ceallaigh (nach raibh ina Uachtarán nó a shaoránach Éireannach nuair a chuir sé peann le pár!)

Faraor géar ní raibh aon toradh ar iarratas Derek O’ Brien, ach tá muid cinnte go dtiocfar ar sheoda focal dá mbeadh an bailiúchán ábhairín níos mó

Ach spreag sé cúpla freagra spéisiúil. Tá códfhocail agus códainmneacha le fáil i roinnt de na litreacha atá sa bhailiúchán. Cérbh é M? Agus cén fáth a raibh sé ag scríobh faoin ‘Aingeal’? Agus céard a bhí le déanamh ag Tadhg?!

Tá an comhrá ar fad curtha ar Storify ag Letters 1916 agus is féidir é a léamh ina iomlán ansin. Bíonn beochomhráite Twitter ag Letters 1916 faoin haischlib #AskLetters1916 ar an gcéad Mháirt de gach mí.