Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-11-26 at 18.17.41Ainm?

@KingDonncha1 (Dennis King)

Cé hé féin?

Saoi Seattle. Glór rúndiamhrach anall as Meiriceá a bhfuil eolas as cuimse aige ar an nGaeilge agus a stair.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Tá Dennis ar dhuine de na daoine is eolaí ar Twitter ar an nGaeilge agus ar an tSean-Ghaeilge. Is le cúrsaí teanga go príomha a bhaineann a chuid giolcaireachta féin ach is minic a d’fhreagródh sé giolcairí eile agus glacann sé i gcomhráite nach mbaineann le ceisteanna teanga.

Cén fáth a leanfainn é?

Is fiú go mór Dennis a leanacht. Fear é atá an-chabhrach agus an-fhlaithiúil lena chuid eolais agus a chuid ama. Ní mór do dhuine ar bith ar spéis leis an teanga agus a stair, chomh maith le roinnt mhaith craic agus spraoi, @KingDonncha1 a leanacht.

Giolc na Seachtaine

Tá muid ag ceapadh go bhfaca muid an jóc seo cheana i dteangacha eile ach fós féin is deas é a fheiceáil i nGaeilge agus é chomh barrúil céanna! Tá sé á roinnt ar fud na meán sóisialta inniu ach de réir mar a thuigeann Scéalta ón gCibearspás, is é Pádraig Ó Tiarnaigh a roinn ar dtús é.

Ragham amú tamall eile

ragham amú 2

@DirkVanBryn ar dhuine de na Gaelghiolcairí is gníomhaí ar Twitter agus cáil air i measc na mBéarlóirí freisin – ainmníodh i measc na nÉireannach is fearr le leanacht ar Twitter ar an Daily Edge le deireanas é. Tá blag anois aige agus bhain an chéad bhlagmhír gáire mhór asainn nuair a foilsíodh Dé Máirt í. “Ní raibh tada scríofa agam le bliain go leith agus cuireann na híomhánna sin a bhíonn ar Instagram faoi na haischlibeana #keepfit, #motivation agus #manicmonday agus araile isteach go mór orm. D’aimsigh mé na ‘ráitis inspioráide’ is measa agus chuir mé isteach i Google Translate iad. “Bhí cuid acu nach raibh chomh dona sin; sílim go bhfuil feabhas ag teacht ar Google Translate le cúpla mí anuas, ach bhí cuid eile a bhí uafásach ar fad agus d’úsáid mé iad sin. Dúirt cara liom ar Facebook go mba cheart séanadh a chur orthu i mBéarla ar fhaitíos go ndéanfadh duine éigin póstaer díobh agus go mbeidís le feiceáil ar chuisneoir i Minnesota!” a dúirt sé.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Bhí dhá haischlib á n-úsáid go tréan i measc Gaelghiolcairí an tseachtain seo: #GoAimee agus #plé16. Bhain an haischlib Bhéarla le hEoraifís na nÓg a bhí á chraoladh ar TG4 Dé Sathairn seo caite. D’éirigh le Aimee Banks an 11ú háit a fháil sa chomórtas, agus í ar an gcéad iomaitheoir ón tír seo a ghlac páirt ann. Bhain #plé16 leis an seimineár a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide oíche Dé Luain. Bhí aoichainteoirí a raibh dearcadh agus léargas éagsúil acu ar “Cad is brí le Saor agus Gaelach i 2016?” agus ghlac Gaelphobal Twitter páirt sa phlé le linn an tseimineáir agus ina dhiaidh. Foilsíodh cur síos ar imeachtaí na hoíche ar Tuairisc.ie níos túisce an tseachtain seo ach seo blaiseadh den méid a bhí le rá ag muintir Twitter.  

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'