Gaeilgeoir á lorg ag NASA, 37,000 comhrá Gaeilge ar Twitter agus scéalta ón gcibearspás…

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@eDIL_Dictionary (eDIL)

Cé hé féin?

Seo cuntas Twitter an tsuímh dil.ie. Is é an leagan leictreonach den Dictionary of the Irish Language ar thosaigh Acadamh Ríoga na hÉireann ag obair air sa bhliain 1913 agus ar cuireadh críós leis sa bhliain 1976. Tá thart ar 35,000 ceannfhocal sa bhfoclóir a bhaineann leis an tsean-Ghaeilge agus leis an meán-Ghaeilge. Ní fios fós cén uair a chuirfear Gaeilge ar an suíomh a ghabhann leis an gcuntas Twitter seo ach táimid ag súil leis!

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Bíonn eolas faoin suíomh á scaipeadh ann agus, dála mar a bhíonn ar chuntais Twitter na bhfoclóirí ar fad, focal an lae agus nathanna spéisiúla freisin. Bíonn lucht an chuntais gníomhach go maith agus iad ag caint le le giolcairí eile. Is minic ag @eDIL_Dictionary sanas nó bunús na bhfocal nua-Ghaeilge a chroctar ar chuntais eile.

Screen Shot 2015-11-20 at 16.38.53Giolc na Seachtaine

Is minic a chuireann an tOllamh Kevin Scannell grafaicí spéisiúla faoin ‘nGaeltacht Dhigiteach’ ar Twitter. Inniu chroch sé an léaráid seo a léiríonn an 37,000 comhrá a bhí ag Gaelghiolcairí gníomhacha le seacht mbliana anuas. Dá mhéid na litreacha in ainm na ngiolcairí ar an léaráid is ea is ‘tábhachtaí’ an giolcaire i measc Ghaelphobal Twitter.

Ragham amú tamall eile…

Mí Iúil seo caite, ba é an cuntas @HiRISEIrish Gaelghiolcaire na Seachtaine ar Scéalta ón gCibearspás. Cuntas uathoibríoch atá ann a chrochann pictiúir agus eolas i nGaeilge ón High Resolution Imagining Science Experiment. Tá an ceamara ar Mhars agus bíonn an cuntas seo ag giolcadh eolais i dteanga na nGael. Is cosúil, áfach, go bhfuil níos mó daoine á lorg ag an eagraíocht le haistriúchán a dhéanamh ar na míreanna eolais a chrochtar ar an suíomh. Crochadh giolc inné inar lorgaíodh daoine nua le dul i bhfeighil ar an aon chuntas Gaeilge atá ag NASA! Tá tuilleadh eolais faoin HiRISE ar fáil i nGaeilge ar an suíomh agus ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i gcúraimí an chuntais Twitter ríomhphost a chur chuig irish@uahirise.org

An chaint sa sráidbhaile ar líne…

Bhí an chéad seisiún beo ag an gCoimisinéir Teanga ar Twitter an tseachtain seo agus é ag giolcaireacht leis faoin haischlib #ctbeo. Ghlac roinnt daoine páirt sa chomhrá agus thug an Coimisinéir freagra ar cheisteanna an phobail maidir le cearta teanga in Éirinn.

Nochtaigh sé a thuairim faoin teicneolaíocht ag cearta teanga

  Tháinig moladh spéisiúil ó @GoitseAnseo:

Agus ceist spéisiúl ó @MOMeachair

Cuireadh deireadh leis an gcomhrá ag am lóin ach tá geallta ag an gCoimisinéir go mbeidh beochomhrá eile ann ar Twitter.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir á lorg ag NASA, 37,000 comhrá Gaeilge ar Twitter agus scéalta ón gcibearspás…'