Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-07-24 at 13.01.56Ainm?

@CuRaoi (Caoimhín Mac ConRaoi)

Cé hé féin?

Teangeolaí Meiriceánach a bhfuil spéis aige sna teangacha Ceilteacha, go háirithe an Ghaeilge agus an Gháidhlig. Tá spéis mhór aige in éin freisin – go háirithe piasúin, mar a deir a phróifíl féin!

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Is iomaí rud a mbíonn Caoimhín ag caint faoi, ina measc a cheantar dúchais i dtuaisceart Nua-Eabhrac, na héin a bhfuil dúil mhór aige iontu, agus ar ndóigh na teangacha Ceilteacha.

Cén fáth a leanfainn é?

Is beag duine a bhí againn mar Ghaelghiolcaire na Seachtaine go dtí seo nach raibh lonnaithe in Éirinn. Ach tá an t-uafás daoine ina gcónaí thar sáile a chuireann go mór leis an nGaeltacht Dhigiteach – tá Caoimhín ar dhuine acu sin. Tá an-eolas ag Caoimhín ar an nGaeilge mar theanga agus is mór an chabhair a thugann sé i gcomhráite faoin teanga.

Taobh amuigh de sin, gheobhaidh lucht a leanta pictiúir bhreátha ó Buffalo agus comhrá spéisiúil faoi oirthuaisceart Mheiriceá.

Ragham amú tamall…

Seo físeán nua ó GAA.ie a thaitníonn go mór linn ar Scéalta ón gCibearspás.

Is fógra é do Chomórtas Saor-Iomána CLG. Táthar ag iarraidh ar lucht leanta CLG a gcuid scileanna iomána aonair a thaispeáint ar físeán agus cur isteach ar an gcomórtas. Beidh deis ag na buaiteoirí na scileanna sin a thaispeáin i bPáirc an Chrócaigh ag Cluiche Ceannais na hÉireann san iomáint i mí Dheireadh Fómhair

Tá cleasa cliste camáin le feiceáil san fhíseán thuas agus tá muid ag súil leis na hiarratais a chuirfear isteach a fheiceáil.

Aip na Seachtaine

An tseachtain seo ar Scéalta ón gCibearspás, cuirfear tús leis an mírín seo – Aip na Seachtaine. Déanfar léirmheas gairid ar aip úsáideach.

D’íoslódail muid ‘Water Your Body’ an tseachtain seo – aip sláinte a chuireann i gcuimhne duit uisce a ól go minic i rith an lae. Bhí an aip go maith, mar is cinnte gur mó uisce a d’ól muid an tseachtain seo ná aon seachtain eile le tamall fada anuas ach bheadh muid in amhras faoin méid a mholtar a ól anseo. Athraítear an méid uisce ‘ba cheart’ d’úsáideoir a ól de réir mheáchan an úsáideora sin ach ní chuirtear aon eolas eile san áireamh agus an méid molta á mheas.

Bhí na fógraí go maith, agus iad deas ciúin. Ní chuirfeadh sé isteach ná amach ar do lá dá mbeifeá ag déanamh neamhairde orthu agus, go deimhin, is féidir iad a mhúchadh.

4/5

An Chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Bhí ceist na n-ainmneacha Gaeilge go mór i mbéal an phobail ar líne an tseachtain seo idir scannal Eircode, a bhfuil casadh agus cor fós ann, agus polasaí “ainmneacha fíora” Facebook, atá tar éis fearg na nGael a mhúscailt ar líne.

Bhí an méid seo le rá ag James Bannon i gCeanada faoi pholasaí Facebook.

Scríobh Daithí Mac Lochlainn, as Nua Eabhrac, gur beag an difríocht idir an polasaí agus meon polaiteoirí áirithe in Éirinn…

 

Campbell

 

Agus, ar ndóigh, bhí Twitter beo le giolcacha, áit a rabhthas ag tabhairt amach faoi na litreacha a seoladh i gcaitheamh na seachtaine ó Eircode. Tá sé ráite ag An Post le Tuairisc.ie gurbh iad na fir áitiúla phoist a d’athraigh na hainmneacha dá gcuid nótaí féin ach tá ceisteanna fós á gcur ag an bpobal!

 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'