Gaelghiolcaire na Seachtaine
@HiRISEIrish (HiRiseIrish)
Céard é féin?
Is cuntas uathoibríoch é seo a chrochann pictiúir agus eolas ón HiRISE, nó High Resolution Imagining Science Experiment. Is é atá i HiRISE féin ná ceamara – an ceann is cumhachtaí a seoladh riamh chuig pláinéad eile. Is é an cuntas seo an t-aon áis Ghaeilge atá ag an Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta is Spáis (sin é a n-aistriúchán féin!), nó ‘NASA’ mar is fearr aithne orthu. Tá an ceamara ar Mhars.
Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?
Bíonn pictiúir ón Rinn Dearg anseo agus blúiríní eolais faoina bhfeictear sna pictiúir sin. Is cuid den BeautifulMars Project – nó mar a thugann siad féin air, de Scéim MharsaÁlainn – é. Tá an rud ar fad bunaithe ar obair dheonach agus tá oibrithe deonacha a bhfuil Gaeilge acu i mbun na n-aistriúchán do NASA.
Cén fáth a leanfainn é?
Is féidir an Rinn Dearg, Mars, a ‘thaiscéaladh’ trí Ghaeilge ó do chuntas Twitter ach @HiRISEIrish a leanúint. Is iontach an rud é domhan eile a fheiceáil ar an gcaoi seo agus is iontaí fós gur féidir foghlaim faoi trí mheán na Gaeilge. Cuirfidh duine ar bith a bhfuil mianach an eachtránaí ann nó a bhfuil spéis aige sa Spás Mór an-suim sa chuntas áirithe seo. D’fheilfeadh sé go maith do mhúinteoirí eolaíochta agus bunscoile freisin mar áis ranga.
Giolc na Seachtaine
D’éirigh leis an mbanna ceoil Seo Linn an sprioc a leag siad síos mí ó shin a shárú Dé Céadaoin seo caite nuair a bhailigh siad breis agus €50,000 ar an suíomh sluamhaoinithe Kickstarter.
Tháinig na teachtaireachtaí comhghairdeachais ar dalladh ó Ghaelphobal Twitter ó gach uile chearn den domhan. Thug muid suntas ar leith, áfach, do theachtaireacht chraobh Nua-Eabhrac den eagraíocht Misneach. Ní raibh aon chaill ar fhreagra Seo Linn ach an oiread!
Dead languages don’t raise €50000 on @kickstarter in 3½ weeks. https://t.co/SfboD9yS9Y @SeoLinn @duponline @MisneachBAC @CnaG @MisneachBAC
— Misneach Nua Eabhrac (@MisneachNYC) July 1, 2015
Ragham amú tamall eile…
Ba é T-Rex Ó Saurus Gaelghiolcaire na Seachtaine seo caite ar Scéalta ón gCibearpsás. Ó shin i leith tá amhrán nua crochta ag an dineasár Gaelach ar a leathanach Youtube, Gaelgory. Is é Séamus Ó Seamróg, dlúthchara le Reicsí, an t-amhránaí atá ag canadh an amhráin nua-chumtha seo faoi Conor McGregor.
Spreagadh an Seamrógach chun amhrán a scríobh nuair a chonaic sé an t-agallamh a rinne an t-iriseoir Máire-Treasa Ní Cheallaigh leis an trodaí clúiteach níos túisce i mbliana. Gheall McGregor go mbuailfeadh sé José Aldo ‘sa cheann le mo chos’ agus é an tagairt don troid mhór a bhí le bheith ar siúl an mhí seo.
Ar ndóigh, tá Aldo tar éis tarraingt siar ón troid ó crochadh an físeán ar YouTube ach is é tuairim Scéalta ón gCibearspás go bhfeilfeadh an teachtaireacht do Chad Mendes freisin!