Ráiméis an Taoisigh agus ráiméis na leithscéalta

Mura gcuireann comhairleoirí an Taoisigh iachall air cloí leis an bhfírinne agus é ag caint, beidh feachtas toghcháin Fhine Gael i gcontúirt, a deir ár gcolúnaí

23/9/2015 Taoiseach Enda Kenny TD is pictured checking his wellies getting ready for the Portwest National Welly Competition in aid of EMBRACE Farm at the National Ploughing Championships 2015 in Ratheniska, Co Laois. Photo: RollingNews.ie
23/9/2015 Taoiseach Enda Kenny TD is pictured checking his wellies getting ready for the Portwest National Welly Competition in aid of EMBRACE Farm at the National Ploughing Championships 2015 in Ratheniska, Co Laois. Photo: RollingNews.ie

Is breá le gach polaiteoir scéal a inseacht a oireann dá chás. Mar shampla: “Casadh fear orm i mBaile Átha áit éigin arú inné a dúirt liom…”

Is ag an bpointe sin a thagraítear do thuairim nó do chur síos a léiríonn, má tá an cainteoir ag labhairt ar son an rialtais, an tairbhe a bhain, nó a bhainfidh, an duine gan ainm as polasaí rialtais.

Nó sonraí a léiríonn a mhalairt, más polaiteoir ón bhfreasúra an scéalaí. Is dlúthchuid den pholaitíocht inseacht scéalta den tsórt seo. Castar daoine ar Theachtaí Dála gach lá beagnach a thugann léargas pearsanta dóibh ar éifeacht polasaithe nó ar a mí-­éifeacht. Nuair a bhíonn mórcheist pholaitiúil á plé san Oireachtas, teastaíonn léargas ó ghnáthdhaoine chomh maith le tuairimí na bpolaiteoirí.

Is féidir glacadh leis freisin go bhfuil formhór na scéalta seo fírinneach nó bunaithe ar an an bhfírinne. Ach glacann ár mbunáite leis, sílim, nach bhfuil corrscéal a chloistear fírinneach in aon chor, agus gur cumadh iad chun cur le tuairim pholaitiúil an scéalaí.

D’inis Enda Kenny “scéal” den tsórt sin, mar shampla, sa Dáil anuraidh. Go gairid tar éis na cáinaisnéise, dúirt sé go raibh áthas air go raibh “daoine” ag fiafraí de lucht rialtais ar dearnadh botún sa cháinaisnéis, toisc go raibh breis airgid faighte acu. Hó, hó, hó!

Faraor, ní dúradh a leithéid le lucht rialtais in aon chor, mar a d’admhaigh urlabhraí rialtais tar éis cúpla lá. Dar leis gur leagan cainte a bhí i “scéal” an Taoiseach.

Tá go maith. Shílfeá, b’fhéidir, go mbeadh a fhios ag Enda Kenny, nó ag a lucht comhairle ar a laghad, go dtugtar aird níos mó ar chaint an Taoisigh ná ar chaint polaiteoirí eile. Shílfeá go dtuigfeadh Taoiseach ar bith mar sin go mb’fhearr dó a bheith aireach agus srian a choinneáil ar a theanga aige. Gan trácht ar a shamhlaíocht.

Ach cén dochar? Nach léir duinn uilig go n-­oireann sé ar chúiseanna éagsúla do na meáin agus do pháirtithe an fhreasúra a bheith ag piocadh as briathra an pholaiteora is cáiliúla sa tír.

Mar a deir lucht tacaíochta an Taoisigh go príobháideach, níor moladh Enda Kenny riamh mar ardchainteoir, ach tá buanna eile aige. Agus ní ar a ndúirt Enda Kenny ach ar a ndearna a rialtas a thabharfar breithúnas san olltoghchán.

Ceart go leor. Ach is deacair amhras a chur i leataobh agus an “scéal” is deireanaí a d’inis an Taoiseach á mheá againn. Nuair a labhair Enda Kenny le comhdháil Pháirtí Phobal na h­Eorpa i Madrid, thagair sé do rudaí nach ndúirt Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, leis cúpla bliain ó shin.

Is léir don saol anois nach raibh a ndúirt Enda Kenny faoi chámha an chomhrá sin fírinneach (an-seans go mbeadh ar an rialtas an t­-arm a chur ar dualgas taobh amuigh de na bainc). Thapaigh an freasúra an deis gan mhoill, agus an cáineadh ba ghéire á dhéanamh ag Gerry Adams. “The Taoiseach is a spoofer who is making an eejit of himself,” a dúirt uachtarán Shinn Féin.

Tá dhá cheacht le foghlaim ón “scéal”.

1. Murar féidir leis an Taoiseach a shamhlaíocht a smachtú, is léir an seans go spreagfaidh a chaint fonóid arís, agus amhras faoina chumas, roimh an olltoghchán.

2. Má chloistear ráiméis ó Thaoiseach ar bith, b’fhearr dá chosantóirí ráiméis a sheachaint agus iad ag iarraidh an dochar a mhaolú.

Rinneadh iarracht caint an Taoisigh a chur i gcomhthéacs. Níor athraigh an iarracht an bun-­chomhthéacs.

Ní raibh a ndúirt an Taoiseach Enda Kenny fírinneach.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ráiméis an Taoisigh agus ráiméis na leithscéalta'