Scéal na hiomána agus an haca oighir le hinsint i scannán nua Gaeilge

Thóg sé tamall ar Éamonn Ó Cualáin a chreidiúint go raibh nasc ann idir an iomáint agus an haca oighir ach tar éis dó taighde a dhéanamh don scannán nua Poc na nGael a thaispeánfar an deireadh seachtaine seo, deir sé go bhfuil níos mó i gceist ná cur i gcéill

Scéal na hiomána agus an haca oighir le hinsint i scannán nua Gaeilge

‘Did you know there were links between hurling and hockey?’

Níor thug Éamonn Ó Cualáin mórán aird ar scéal a chonaic sé agus é ar saoire i Toronto deich mbliana ó shin. Iarracht eile casadh Éireannach a bhaint as rud nach raibh mórán baint againn leis, a cheap sé, mar a bhí déanta na céadta uair roimhe sin.

Ba léir gur fhan an scéal ina intinn áfach mar cúpla bliain tar éis dó teacht abhaile ó Cheanada, chas Ó Cualáin le Sam Kingston, fear a raibh taighde déanta aige ar an nasc idir an iomáint agus an haca oighir, agus nuair a chuir siad an t-eolas uile a bhí acu le chéile, mheas siad go raibh fírinne éigin sa scéal.

An Domhnach seo, taispeánfar saothar a gcuid oibre, Poc na nGael, mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe. Curtha i láthair ag Ger Loughnane, caitheann an scannán faisnéise súil ar thionchar na nÉireannach ar an haca oighir, ó thús an spóirt 250 bliain ó shin go dtí an lá atá inniu ann.

Níl Corn Mhic Cárthaigh buaite riamh ag foireann Ultach ach, aisteach go leor, is iad muintir an tuaiscirt a thug an iomáint leo go Ceanada ar dtús.

“Is cineál ‘ground-hurling’ a bhí ann ag an am, thart ar 250 bliain ó shin. Ba iad an dream ó thuaidh a thug leo é. Daoine as Cúige Uladh is mó a bhí ag dul anonn go dtí gur tháinig aimsir an ghorta,” a deir Ó Cualáin.

Ní hamháin go gcuireann Poc na nGael síos ar an nasc idir an iomáint agus an haca oighir, ach leanann sé scéal na n-imirceach i gCeanada le cúpla céad bliain anuas agus na hÉireannaigh ag cur fúthu thall ann.

“Bhí an haca oighir fite fuaite sa scéal sin. Chun go gcuirfeadh na hÉireannaigh iad féin chun cinn sa saol, d’imir siad an haca oighir. Bhí siad beo bocht go leor acu tar éis an ghorta agus d’úsáid siad an haca chun bogadh suas an dréimire,” mar a mhíníonn Ó Cualáin.

Mar gheall air sin, cé nár thóg sé i bhfad ar mhuintir Cheanada dul i gcion ar an gcluiche a dtugtaí ‘ice hurling’ air nuair a imríodh ar dtús é ar lochanna reoite na hAlban Nua, tá tionchar na nGael le feiceáil ar scéal an haca oighir.

“An club mór atá i Quebec ná na Montreal Canadiens,” a deir Ó Cualáin. “Thosaigh siad amach mar na Montreal Shamrocks. Is iad na Toronto Maple Leafs an fhoireann haca oighir is mó ar domhan ach is Toronto St Pat’s a bhí orthu ar dtús, foireann Éireannach arís.”

Labhair lucht déanta an scannáin le Brendan Shanahan, uachtarán na Maple Leafs sa lá atá inniu ann, fear ar rugadh a chuid tuismitheoirí in Éirinn. Déantar trácht chomh maith ar fhir ar nós King Clancy agus Harry Trihey a raibh tionchar ollmhór aige ar an haca oighir.

“Tá bean eile ann,” a deir Ó Cualáin, “Geraldine Heaney, a rugadh in Éirinn ach ar bhog a muintir go Toronto nuair a thosaigh na Trioblóidí ó thuaidh. Is í an bhean is mó le rá í sa haca oighir. Tá boinn Oilimpeacha agus Craobh an Domhain buaite aici ach níl aon aithne uirthi in Éirinn mar nach bhfuil aon suim sa haca.”

Is ag 2.15i.n. ar an Domhnach a taispeánfar Poc na nGael agus tá ticéid ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Scéal na hiomána agus an haca oighir le hinsint i scannán nua Gaeilge'