Scéal na Gréige agus scéal na hÉireann…

Tá ceachtanna le foghlaim ón ar tharla sa Ghréig le bliain. Ach céard iad?

 

alexis tsipras

Déan do rogha. Is féidir déine (‘austerity’) a chosaint nó a cháineadh mar leigheas ar chruachás tire. Ní tearc an fhianaise, in Éirinn go h-áirithe, i bhfabhar na déine agus i gcoinne na déine.

I bhfabhar

Téann cúrsaí eacnamaíochta i bhfeabhas tar éis tamaill MÁ chuirtear  déine i bhfeidhm go h-éifeachtach, agus MÁ tá geilleagar tíre sách láidir lena cur i bhfeidhm;

I gcoinne

Bíonn na ciorruithe ar chaiteachas rialtais a ghabhann le polasaí déine ró-dhian ró-mhinic ar dhaoine bochta, ar dhaoine breoite, ar dhaoine óga, ar dhaoine le riachtanais speisialta agus ar mhórán eile.

Tá cuid mhór de mhianach an fheachtais toghcháin atá romhainn (fágaimis ceannach vótaí as an áireamh faoi láthair) sna tuairimí thuas. Ach ní cóir neamhshuim a dhéanamh den bhagairt déine agus a cur i bhfeidhm faoi dheireadh i dtír Eorpach eile.

Súil siar ar 2015 a i máthair-thír an daonlathais 

Eanáir: Thug toradh olltoghchán na Gréige cúis mhisnigh do pháirtithe frith-dhéine ar fud na hEorpa nuair a chuaigh Siriza i mbun rialtais san Aithin.

Dúirt Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin gur chóir dár rialtas tacú le moladh an phríomhaire Alexis Tsipras go reáchtálfaí comhdháil Eorpach chun cealú fiacha a phlé. Rachadh socrú dá leithéid chun tairbhe d’Éirinn, dar leis. Thug an Teachta Richard Boyd Barrett “a victory for all the victims of austerity in Europe” ar thoradh na vótála.

Iúil: B’éigin bainc sa Ghréig a dhúnadh tar éis do Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) stop a chur le lena maoiniú sealadach. Reáchtáil rialtas na Gréige reifreann ar na beartais déine agus ar na coinníollacha eile a ghabh le plean tarrthála BCE agus an AE. Dhiúltaigh móramh láidir (61 faoin gcéad) don phlean.

Lúnasa: Ainneoin toradh an reifrinn, d’fhógair rialtas na Gréige go gcuirfí an plean tarrthála (nár athraíodh) i bhfeidhm.

Nollaig:  Laghdú beag ar ráta dífhostaíochta na Gréige (24.6 faoin gcéad). Ach tá níos mó daoine faoi 25 bliain díomhaoin (49 faoin gcéad) ná i dtír ar bith eile san AE.  Tá 30 faoin gcéad den phobal bocht, de réir an áirimh oifigiúil, agus tá cúlú eile eacnamaíochta á thuar i 2016.

Níl an tslí inar dhéileáil údaráis na hEorpa leis an nGréig le bliain cothrom ná éifeachtach, mar atá ráite cheana féin ag an IMF. Ach beidh ar Shinn Féin agus ar ionadaithe eile ar an eite chlé aghaidh a thabhairt ar ar tharla sa tír sin ó toghadh Siriza.

D’fhógair Siriza go seasfaí an fód i gcoinne na déine, ach ghéill said faoi dheireadh. Theip glan ar gach iarracht a rinneadar an déine a mhaolú. Diúltaíodh freisin don chealú fiacha a d’iarr said cé go bhfuil sé ionann is cinnte go bhfillfear ar chealú, ar dhóigh éigin amach anseo. I mbeagán focal, agus arís mar at á ráite ag an IMF:  ní bheidh laghdú suntasach ar  lán-fhiacha na Gréige (242 billiún, i gcomparáid le 182 billiún in Éirinn) indéanta mura n- athraítear an ‘plean tarrthála’.

Ó thaobh cothrom na Féinne de, is féidir cás frithdhéine Shinn Féin agus na bpáirtithe eile ar an eite chlé a chosaint gan dua. Ach is deacra ceist eile a chuirfidh páirtithe an rialtais orthu a fhreagairt: ‘nach léir ó chruachás na Gréige agus ó fhorbairt bhreá na hÉireann  go ndearnamar* an rud ceart stuama, seachas an beartas gan chiall a mhol sibhse?’

Ceist chrua, a thuilleann freagra.

*Agus Fianna Fáil, cé nach n-oireann sé do chás an Rialtais creidiúint a thabhairt don pháirtí sin.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a h-Aon.

Fág freagra ar 'Scéal na Gréige agus scéal na hÉireann…'

  • monto53@yahoo.com

    Bhi agus ta an t-adh leis an gComhrialtas, oir cuidionn luach iseal an EURO go mor le heasportalacha, cuidionn geilleagar laidir sa Riocht Aontaithe agus sna Stait go mor leo toisc gurb iad sin an da cheann scribe easportala is mo ata againn (agus is bunaithe ar easportalacha is mo ata na figiuiri) agus an lapadail/lapadail atathar a dheanamh maidir leis an gcaineachas corparaide (feacht n-aon) a chuireann deallramh gle ar an tearnamh eacnamaioch ceanna. Ceistionn Patrick Honohan e fein na figiuiri a chuireann an rialtas amach agus caitheann uisce fuar orthu. Ta galamaisiocht agus cleasaiocht thar foir a ndeanamh acu agus an beal ban breagach ceanann ceanna acu is a bhi ag FF roimhe seo gan ach bunaidhm nithiuil amhain curtha rompu acu .i. an chumhacht a choimead ´A Dhia na bhFeart go leaga iad gan chlu gan mheas gan rath gan sean, go dtinne meara i measc na bpian, gan faoiseamh go deo´´ (Cath Cheim an Fhia)