Scéal na gCúigí sa tseachtain dheireanach den séasúr

Tháinig deireadh le feachtais Chúige Chonnacht agus Chúige Uladh an deireadh seachtaine seo ach beidh Cúige Mumhan ag imirt i gcluiche ceannais an Pro12 ar an Satharn

Billy Twelvetrees (Gloucester) ag déanamh greamú ar Robbie Henshaw (Connacht) i rith an chluiche ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Kevin Barnes
Billy Twelvetrees (Gloucester) ag déanamh greamú ar Robbie Henshaw (Connacht) i rith an chluiche ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Kevin Barnes

Léargas ar shéasúr Chonnacht in aon chluiche amháin

Taispeántas maith gan toradh, botúin ag amanna cinniúnacha, drochréiteoireacht. Nuair a bhreathnóidh Pat Lam agus a chuid imreoirí siar ar an séasúr seo, seo hiad na tréithe a sheasfaidh amach agus bhí oiriúnach go raibh na tréithe céanna ar fad le feiceáil i gcluiche deireanach na gConnachtach an séasúr seo.

go raibh an feachtas is fearr a bhí ag Connachta riamh sa tsraith acu, tháinig críoch dhíomách leis ar an Domhnach nuair a chaill siad in am breise in aghaidh Gloucester. Tar éis taispeántas iontach, go háirithe ó Jack Carty agus Matt Healy, bhí Connacht 25-18 chun cinn gan ach nóiméad fágtha ach bhronn an réiteoir Romain Poite cic pionóis thar a bheith conspóideach ar na Sasanaigh agus d’aimsigh siad an t-úd a chothromaigh na scóir. Chuaigh na Connachtaigh chun cinn arís in am breise ach chlis orthu sa deich nóiméad dheireanacha, iad ag cailleadh 40-32.

Gan ach cúpla lá caite ón gcailliúint sin, seans go bhfuil lucht leanúna Chonnacht fós in ísle brí ach bhí a ndóthain rudaí dearfacha le feiceáil sa chluiche agus sa bhfeachtas san iomlán chun dóchas a thabhairt dóibh don chéad séasúr eile. Tá cuid mhaith de na himreoirí óg agus fós ag forbairt agus dá dtabharfaí cúpla imreoir nua isteach i rith an tsamhraidh, níl fáth ar bith nach bhféadfaidís dul chun cinn a dhéanamh arís.

Ba léir frustrachas Rory Best tar éis an chluiche in aghaidh Glasgow. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd
Ba léir frustrachas Rory Best tar éis an chluiche in aghaidh Glasgow. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd

Cúige Uladh buailte ag bligeardaíocht

‘Ní sacar é seo’, a dúirt captaen Chúige Uladh, Rory Best, tar éis dá fhoireann cailleadh i gcluiche leathcheannais an Pro12 an Aoine seo caite. Is ag tagairt do chleasaíocht Niko Matawalu a bhí húcálaí na hÉireann agus an chaoi ar chaith an Fidsíoch é féin go talamh.

Faoi dhó a chuir Matawalu olc ar na hUltaigh. Bhronn an réiteoir George Clancy cic pionóis ar Glasgow sa chéad leath, cé gur bhreathnaigh sé gur léim Matawalu isteach ar Craig Gilroy. Sa dara leath, bhuaigh an Fidsíoch cic pionóis cinniúnach nuair a rinne Ricky Lotton greamú air.

go ndearna Matawalu áibhéil ar an méid teagmhála a bhí ann sa dá eachtra, dá mbeadh a mhalairt de chás ann, gach seans nach mbeadh Best ag déanamh aon tagairt dóibh. Rud amháin a thabharfaidh faoiseamh do na hUltaigh ná nach mbeidh orthu imirt in aghaidh Matawalu arís sa tsraith toisc go mbeidh sé ag imirt le Bath i Sasana an chéad séasúr eile.

Ian Keatley ag faire ar chic eile a chuir sé amú in aghaidh na Ospreys: Pictiúr: INPHO/James Crombie
Ian Keatley ag faire ar chic eile a chuir sé amú in aghaidh na Ospreys: Pictiúr: INPHO/James Crombie

Laige Keatley le feiceáil arís

Níl aon dabht ach go bhfuil dul chun cinn déanta ag Ian Keatley le cúpla bliain anuas agus leiríonn an áit a bhain sé amach ar phainéal na hÉireann i rith Craobh na Sé Náisiúin na bliana seo an méid sin. Faraor, tá cuid de na laigí céanna fós le feiceáil ina chuid imeartha, go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid den bhróg.

Chuir Keatley cúig iarracht í amú ar an Satharn agus dá bhrí sin, bhí cluiche i bhfad níos deacra ag na Muimhnigh ná ba cheart dóibh. Dhealraigh sé go raibh an cluiche buaite ag na Ospreys nuair a thrasnaigh Josh Matavesi an líne úid ag an deireadh ach bhí an t-ádh le foireann Anthony Foley nár ceadaíodh an t-úd mar gheall ar phas chun tosaigh níos túisce sa ghluaiseacht.

Agus Corn an Domhain le teacht, is ag Paddy Jackson atá an buntáiste anois, go háirithe agus é ag traenáil faoi stiúir Joe Schmidt agus foireann na hÉireann atá ag fáil faoi réir do chluiche dúshláin in aghaidh na Barbarians ar an Déardaoin. Má Keatley ag iarraidh é sin a athrú, is féidir leis tosú le taispeántas maith i gcluiche ceannais na sraithe ar an Satharn.