Scéal faoi Éirinn ach ní mhothaíonn tú gur in Éirinn féin atá tú

Léirmheas leabhair: Bóthar aduain nach n-aithneoidh tú atá romhat i ‘The Green Road’ úrscéal nua Anne Enright, agus faraor neamhdhaoine seachas daoine a chasfar ort feadh na slí

 

21/3/2000 Anne Enright at Easons O'Connell Street, Dublin. Photo Paul Sharpe/RollingNews.ie
Anne Enright Pictiúr: Paul Sharpe/RollingNews.ie

Bhí sé de mhí-ádh ar Anne Enright gur thosaigh mé ag léamh The Green Road (Jonathan Cape)  tamall gairid i ndiaidh dom úrscéal iontach Michel Houellebecq, Submission, a chríochnú. Bíodh is go mbaineann an dá úrscéal le cúrsaí comhaimseartha, ní thiocfadh leat dhá leabhar níos difriúla a shamhlú. Tá Submission iomlatach dúshlánach barrúil agus tá The Green Road… bhuel, níl na buanna sin ag leabhar Enright.Green Road_9780393248210

Ní chuidíonn cur chuige Enright lena scéal a insint. Dhá chuid atá sa leabhar agus caibidlí aonair sa dá chuid sin. Is mó gur cnuasach gearrscéalta é an leabhar ná aon ionad aontaithe litríochta; iad ag insint scéalta rúnda na Madigans, teaghlach a bhfuil cónaí orthu thiar in ‘Ardeevin’, Contae an Chláir, thar thréimhse 25 bliain. (Ní bheidh sé doiligh duit ‘Ardeevin’ a aistriú go Gaeilge.) Ní go réidh a luíonn na scéalta aonair le chéile, bíodh is go mbaineann siad leis an mhuintir chéanna agus, faoin am a mbaineann an léitheoir an dara cuid den leabhar amach, ní fiosrach faoi na Madigans a bhíonn sé ach dubh dóite ina gcuideachta.

Dá mbeadh an scéal spéisiúil, leanfá ar aghaidh ach níl an scéal spéisiúil agus is é rud is fearr is féidir le Enright a dhéanamh ná preab a bhaint asat. Tóg ‘Dan’ mar shampla, mac de chuid na Madigans. Castar Dan orainn ag tús na 1980í, é ar ollscoil agus é ag siúl amach le cailín. Is mian leis bheith ina shagart; níl a mháthair tugtha leis an smaoineamh. Leoga, is ag caoineadh na ndeor a bhíonn sé de bharr a chinnidh. An bhfuil sin inchreidte an t-am sin? Ní thuigeann tú cad chuige a bhfuil Dan ag iarraidh bheith ina shagart; níl ann ach seift ag an údar le go mbeadh sí in ann cor a chur ina scéal lá níos faide anonn. Ní thugann sí léargas tuigseach ar ghairm spioradálta Dan ná doicheall a mháthar roimpi.

Ní leanann Dan dá mhian. ‘Sagart millte’ atá ann an chéad uair eile a chastar orainn é. Chan amháin sin ach tá sé ag luí lena chailín agus – fan ort – le fir. ‘Sea, tréigeann Dan na sagairt do bhean agus d’fhir. Bí ag caint ar shaint. Faraor, ní thuigfeá cad chuige ar chuir Dan spéis sna fir sa chéad dul síos. Seift eile údair atá ann. Ní thuigeann muid cad chuige ar chreid sé san Eaglais an chéad lá riamh; ní thuigeann muid cad chuige a luíonn sé le fir ina dhiaidh sin. Níl ann ach go dtarlaíonn sé.

Is breá le Enright béim a chur ar an ghnéas a bhíonn ag Dan le fir. Tá a cur síos ar an ghnéas idir fir garbh ach, murab ionann agus Houellebecq, níl spórt ar bith leis an bhualadh craicinn – bíonn de ghnáth, nach mbíonn? – agus ní chuireann sí síos ar an chollaíocht idir Dan agus a chailín ach sna téarmaí is ginearálta: “I loved her. I have always loved her. And I fucked her willingly. And none of that is a lie.”

Ní go deas a luíonn “fucked” san abairt sin ach is míle trua nach ndéanann an t-údar iarracht an ráiteas sin “none of that is a lie” a chíoradh níos mó. Cá bhfuil an choimhlint sa chloigeann; an t-aighneas aigne, an sciúrsáil as gairm an tsagairt a thréigean, as loiceadh ar a chailín, as léim isteach i leaba fir? Braitheann tú go bhfuil Enright ag iarraidh bheith ‘ceannródaíoch’ anseo ach rómhall atá sí. Beidh léitheoirí Gaeilge eolach ar ghearrscéalta Mhíchíl Uí Chonghaile sa réimse seo agus is fearr agus is filiúnta an údair aeraigh, James Baldwin, ná Enright agus é ag plé leis an chás céanna i mBéarla.

D’fhéadfá na fabhtanna céanna a aimsiú i scéalta na gcarachtar eile. Ní mhaireann siad neamhspléach ar an údar; ní fís de chuid an údair iad ach forógra. Is ann dóibh le teachtaireacht a dhéanamh don údar agus níl splanc ar bith sa Bhéarla féin a thógann an croí. Chomh leamh agus atá an scríbhneoireacht: “And it was not ten o’clock, because that clock had been stopped for years, maybe five years. It stopped some time after Dan went. And by Dan she meant Pat, of course, her husband. It was nice to think he would have fixed it for her, if he had not died…”

(Agus seo agat líne chomh ciotach agus a léifidh tú – “It was nice to think he would have fixed it for her, if he had not died…”  ‘Sea, sin an rud a chuireann baintreach ó chodladh na hoíche, an clog briste, chan an céile a bheith ar iarraidh.)

Scéal é atá lonnaithe san aimsir chaite agus ní éiríonn le Enright aon léargas a bhaint as an scéal le hinsint duit cad é atá i ndán don tsochaí ina maireann na carachtair. Bíodh athrú ar an saol, cinnte, ach abair linn cad é an toradh a bheas ar an athrú sin. Chuaigh Houellebecq sa seans le buille faoi thuairim a thabhairt in Submission faoina bhféadfaí tarlú san am a bhí le teacht – agus ábhar díospóireachta dá réir sin ag an léitheoir.

Oiread céanna le Enright, ní ann dá chuid carachtar ach tá difear suntasach amháin ann – creideann tú go bhféadfadh siad bheith beo. Cruthaíonn Houellebecq domhan agus greamaíonn domhantarraingt an scéil na carachtair – agus an léitheoir – de pháinéad a phróis.

Scríobhann Enright scéal faoi Éirinn ach ní mhothaíonn tú gur in Éirinn féin atá tú. Dúr atá siad mar dhaoine; neamhdhaoine i ndáiríre. Níl greann ar bith iontu ná sa scéal. Ach fan bomaite, nach muidinne a bhronn an focal ‘craic’ ar an domhan mór? Nach muid inne a d’fhulaing anró, ocras, dífhostaíocht, buamaí, seicteachas, polaiteoirí lofa, an bád bán, críochdheighilt, agus a thug ár gceann linn? D’fhulaing muid “glean seo na ndeor”; chuir oideachas orainn féin; shaothraigh ár gcuid; bhuail lenár gcairde; bhain ár gcuid éadaí dínn féin in árasáin fhuara ollscoile; fuair blas ar an bheagán; fuair blas ar an mhórán; fuair blas ar an bheagán arís; thug aghaidh ar an saol agus fuair ‘craic’ agus pionta ann.

I gContae an Chláir atá an scéal seo suite ag deireadh na haoise seo caite agus tús na haoise úire. Ar tharla rud ar bith le linn na tréimhse sin a thug ardú meanman don phobal? Rud ar bith ar chor ar bith? Á, tharla cinnte. Bhí iomáint ann; bhí laethanta móra glóire ann a thóg cian de dhaoine fud fad na hÉireann; bhí ceapairí liamháis agus carranna go Baile Átha Cliath ann.

Ach na Madigans? Ní dócha go n-aithneodh siad camán ina luí ar an bhóthar glas féin.

 

Fág freagra ar 'Scéal faoi Éirinn ach ní mhothaíonn tú gur in Éirinn féin atá tú'