Sáraistriúchán ar scéal seanchaite C.S. Lewis

LÉIRMHEAS: Cé nárbh aon J.K Rowling é C.S. Lewis, éiríonn leis an sáraistritheoir Antain Mac Lochlainn saothar soléite, eachtrúil, éachtúil, floscthach a chur os ár gcomhair.

Antain14-0053

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh

Scéal do Pháistí le C.S. Lewis

(aistrithe ag Antain Mac Lochlainn)

An Gúm

 

I Meán Fómhair na bliana 1939 agus bombardú na cathrach ar lic an dorais, aslonnaíodh páistí amach as cathair Londain agus athshealbhaíodh iad i dtithe faoin tuath.

Páistí as dílleachtlanna, as ceantair easnamhacha agus as teaghlaigh mhífheidhmiúla a bhformhór.

Bhí baint ag C.S. Lewis féin leis an aslonnú seo. An-chuid scríofa i dtaobh an fheiniméain.

An t-úrscéal Goodnight Mister Tom (1981) le Michelle Magorian is fearr a thugann spléachadh ar an tréimhse sceirdiúil seo, i mo thuairimse.

Éiríonn le Magorian an stoitheadh agus gach a mbaineann leis a athchruthú ina steillebheatha.

Ní mar sin do C.S. Lewis. Úsáideann sé mar cheol cúlra é. Cleasaíocht shoiniciúil chun stádas a bhronnadh ar a shaothar, i mo thuairimse.

Murab ionann agus Magorian, níl ann ach ciúta liteartha chun na carachtair a thabhairt le chéile. Cuirtear an ceathrar – Lucy, Edmund, Peter, Susan – go teach mór galánta seanollaimh a bhfuil cónaí air i gceartlár na tuaithe.

Duine uasal, caoin, cneasta é an tOllamh seo agus cuireann sé na múrtha fáilte roimh na páistí.

Ní fada sa teach iad agus iad ag déanamh na bhfolachán nuair a aimsíonn Lucy an prios éadaigh, téann isteach ann agus osclaítear bealach éalaithe ón Dara Cogadh Domhanda agus ó bhrúidiúlacht an chogaidh di (rudaí nach léirítear a bheag nó a mhór sa téacs) nuair a éiríonn léi Nairnia, an domhan sin lán draíochta, a bhaint amach.

Déanann sí caradas le Fánas darbh ainm dó Máistir Tumnus. Imíonn sí leis go dtí a phluais agus caitheann tamall ina theannta ann.

Scéal aithnidiúil?

Bhuel, is leor a rá go raibh Alice in Wonderland (1865) agus Through the Looking Glass (1871) de chuid Lewis Carroll léite agus athléite ag C.S. Lewis faoin mbliain 1950 nuair a foilsíodh an leabhar seo ar dtús.

Is leor a rá go raibh tionchar nach beag ag Carroll air ach nárbh aon Carroll é féin! Agus is dóigh liom go raibh The Wind in the Willows (1908) de chuid Kenneth Grahame léite aige níos mó ná uair amháin freisin!

In ionad titim isteach i bpoll coinín nó dul tríd an scáthán, baintear leas as prios éadaigh sa chás áirithe seo chun bealach éalaithe ón domhan réadúil a aimsiú.

Tagann Lucy thar n-ais ach ní chreideann éinne den triúr eile í. Ansin téann sí isteach sa phrios arís agus an t-am seo leanann Edmund í ach nuair a fhilleann sé siúd, séanann sé go bhfuil a leithéid d’áit ann agus Nairnia.

Is saghas agóidí coinsiasach é an tEdmund céanna. Ach ansin téann an ceathrar acu le chéile agus is ag an bpointe seo a thosaíonn an eachtraíocht agus an floscadh i gceart.

‘An sibhse Clann Ádhaimh agus Éabha?’ a dúirt sé (An Béabhar).

‘Bhuel, ceathrar acu,’ arsa Peter.

Ar ndóigh, más rud é go raibh Cogadh Domhanda faoi lánseol i ndomhan Ádhaimh agus Éabha, bhí a mhacasamhail de chogadh ar siúl i Nairnia chomh maith.

An Bandraoi Bán ina Hitler baineann agus í meáite ar na comhghuaillithe a threascairt. Áslan (Churchill?), an leon, i gceannas ar na comhghuaillithe ach fainic!

Ní bhuafadh sé aon chogadh ná baol air gan na páistí cliste, éirimiúla, cróga, dea-mhúinte seo as ceartlár na hImpireachta chun cuidiú leis. Ag an deireadh, mar a bheifeá ag súil leis, bíonn an bua ag fórsaí na gcomhghuaillithe.

Cruthaítear Liosta Gradam do na buaiteoirí daonna agus déantar Ríthe as Edmund agus Peter agus Banríonacha as Lucy agus Susan sula scaoiltear thar n-ais trí dhoras an phriosa éadaigh iad ar theach mór an Ollaimh mar laochra cogaidh lena ngradaim.

Sáraistritheoir agus scríbhneoir é Antain Mac Lochlainn agus éiríonn leis saothar soléite, eachtrúil, éachtúil, floscthach a chur os ár gcomhair. Éacht.

Is ríléir gur chaith sé dua leis an saothar. Taitníonn a stíl scríbhneoireachta go mór liom chomh maith agus rachainn chomh fada is a rá gurbh é feabhas an aistriúcháin a choinnigh mé ag casadh na leathanach ó thús deireadh.

Maidir leis an saothar féin, an mbeadh sé inchomórtais le heachtraí Harry Potter?

N’fheadar ach ní dóigh liom é. Ná níorbh aon J.K Rowling é C.S. Lewis. Ní hionann agus a mhac, Daniel, ní bhíonn ar a chumas a mhéar a leagan ar chuisle na beatha.

Is beag forbairt a dhéantar ar na carachtair sa scéal – an tOllamh san áireamh. Níl iontu go léir ach steiréitíopaí agus ní éiríonn leat aithne cheart a chur orthu ná bá a bheith agat leo, dar liom.

Cé dó an leabhar? Déagóirí an lae inniu? Ní dóigh liom é. Lucht bunscoile? B’fhéidir.

Tá an t-ábhar atá faoi chaibidil sa leabhar seanchaite agus as dáta ag an bpointe seo. Bheinnse ag moladh go gcuirfí leaganacha giorraithe de shaothair mar seo ar fáil seachas bunleaganacha.

Tá seacht gcaibidil déag sa leabhar 237 leathanach. Rófhada.

Mar sin féin thaitin sé liom. Líníocht, dearadh agus leagan amach álainn. Sáraistriúchán.

Rud beag amháin a ghoill orm. An focal ‘prios’. B’fhearr liom ‘vardrús’ nó ‘cófra’ nó ‘cupard’. Tá sé deacair creatlaigh chráite a shamhlú istigh i bprios, nach bhfuil!

Fág freagra ar 'Sáraistriúchán ar scéal seanchaite C.S. Lewis'

  • Bríd

    Iontach. Beidh an leabhar sin, a thaitin go mór liomsa nuair a bhí mé óg, i stoca Nollag sa teach s’againne i mbliana. Is deacair leabhar Gaeilge a cheannach do chailín 9 mbliana d’aois ach déarthainn go ndéanfaidh an ceann nua seo an jab.

  • Jack Ó Drisceoil

    Ní aisteach go dtí an léirmheas seo. De réir cosúlachta, tá nimh san fheoil ag an léirmheastóir do C.S. Lewis agus tapaíonn sé an deis anseo chun díoltas de shaghas éigin a imirt air.

    ‘Sé an rud atá an léirmheastóir ag cur i leith Lewis ná – iontas na n-iontas – gur thóg sé sin ionsparáid ó shaothair litríochta eile!!!

    Dia dár sabháilt, agus i bhfad uainn an drochrud! Más peaca é sin, ba chóir don léirmheastóir tabhairt faoi gach uile scríbhneoir a chum scéalta faoi anáil na scríbhneoirí a chuaigh roimhe. Ina measc:

    James Joyce, a raibh “tionchar nach beag” ag eachtraí Ulysses ar úrsceal beag bídeach a scríobh sé dar teideal – seachain! – “Ulysses.” (Agus is amhlaidh go ndeachaidh Alfred, Lord Tennysson i mbun na drochoibre céanna in a dhán a bhfuil an teideal sin air freisin, mo sheacht náire é).

    Samuel Beckett, a raibh saothar James Joyce “léite agus athléite” aige, agus a bhí, ina chéad úrscéal, ag iarraidh aithris a dhéanamh go hoscailte ar stíl Joyce. Gan trácht ar an tionchar a d’imir saothar Proust air. Baintear an Gradam Nobel de Bheckett ar an bpointe boise!

    Tolkien, a chuaigh go bun thobar na miotaseolaíochta Lochlonnaí, an bhéaloidis cheiltigh srl chun ábhar a scéalta féin a aimsiú. Baintear an ceann de!

    Shakespeare, a rinne athchursáil ar scéalta a bhí i gcló cheana féin. Níor chum sé dada as féin, an pleidhce ceart críochnaithe.

    Myles na gCoplaleen a bhfuil mé ionann agus cinnte go raibh “An t-Oileánach” léite aige. Dóitear gach cóip de “An Béal Bocht” agus bliain mhaith ina ndiaidh!

    J.K Rowling, a bhfuil, de réir cosúlachta, roinnt mhaith de na saothair thuasluaite léite aici. (Ar chúis éigin, ní chuireann an cás seo isteach nó amach ar an léirmheastóir seo, ní fheadar cén fath…)

    Agus tú ina cheann sin, caith isteach i bpoll an duibheagáin gach uile leabhar ficsin dár scríobhadh riamh, mar, níos dóichí ná a mhalairt, bhí leabhair eile léite ag a n-údair sin chomh maith. Nuair a bheidh talamh an domhain seo bánaithe ar fad de na leabhair, beidh ábhar ceart léitheoireachta againn. Um, fan soicind…

  • magfrank

    Deireann an léirmheas gur ionann Aslan agus Churchill. B’fhéidir go bhfuil an Críostaíocht as dáite chomh maith ach tá sé fós aisteach nach bhfuil áird ar bith tughta don tionchar is láidre a bhí ar an scéal. Faigheann Aslan bas ar son peaca Edmund agus tagann sé ar ais an saol agus é mar shlánaitheoir (agus é timpeallaithe ag na mná). Is léir gur thóg sé an píosa sin ón Bíobla, n’fheadair cén fath nach lúann an léirmheas é sin sa liosta thuas.

  • Brian de Róiste

    Ní thig leis an léirmheastóír buachan de réir cosúlachta. Má mholann sé an leabhar cáintear é. Má cháineann sé an leabhar cáintear é. Má mholann sé agus má cháineann sé gnéithe áirithe den leabhar in éineacht fós cáintear é.
    Ceist: cé a bheadh ina léirmheastóir?!
    BdeR

  • Roibeard ó conaing

    Ní aontaím gur leor leaganacha ciorraithe do léitheoirí óga, measaim gur cheart an bunleagan iomlán a aistriú, mar a rinneadh sa chás seo