Scéal cumhachtach sa Taibhdhearc ach ní raibh deireadh maith air

In ainneoin na dea-aisteoireachta agus an t-aistriúchán a bhí réasúnta maith, ba é an laige ba mhó a bhí ar Cinneadh na Circe sa Taibhdhearc ná an chríoch

Cinneadh na Circe

Tá scéal cumhachtach á insint ar ardán na Taibhdheirce an tseachtain seo ach fágfaidh an chríoch mhíshásúil drochbhlas i mbéal an lucht féachana.

Cúigear ban atá ag aisteoireacht i Cinneadh na Circe seó atá á chur ar stáitse mar fhreagra ag an Taibhdhearc ar an bhfeachtas #WakingTheFeminists, a tosaíodh ag deireadh na bliana seo caite nuair a tháinig sé chun solais nach raibh mórán drámaí a scríobh mná ná a bhí á stiúradh ag mná ar chlár Amharclann na Mainistreach do 2016.

Thug chuile dhuine den chliar taispeántas láidir uathu, ach ba iad Bairbre Ní Chaoimh i ról Anta agus Fionnuala Ní Fhlatharta i ról Úna a thug an chraobh leo.

Cíortar ceist thromchúiseach an fhoréigin baile agus na mná ag “cóisir na gcearc” i sléibhte Chonamara, mar a bhfuil siad ag réiteach an tí atá ceannaithe ag an “gcearc” (Ní Fhlatharta). Léiriú macánta, cumhachtach, a chuirfeadh deora le do shúil in áiteanna, a bhí i dtaispeántas Ní Chaoimh, go háirithe sa mhonalóg uaithi lena gcuirtear críoch leis an gcéad ghníomh.

Is minic a bhíonn sé deacair ar aisteoir a bhfuil seal maith caite aici ar shobalchlár na slabhraí sin a chaitheamh di agus í ar stáitse ach ní hamhlaidh a bhí ag Ní Fhlatharta, a bhfuil cáil uirthi as a ról i Ros na Rún. D’éirigh go hiontach léi an bhrídeog a chur i láthair, bíodh sí sceitimíneach agus sona sásta nó imníoch agus lán éadóchais.

Caithfear aitheantas a thabhairt freisin do chóiriú an stáitse agus is léir gur caitheadh go leor dua leis an seit. Shíl mé nuair a shiúil mé isteach ar dtús go raibh sé iomarcach agus go mbainfí súil an lucht féachana de na haisteoirí, ach baineadh úsáid thomhaiste as an bhfearas uilig agus chuir sé leis an dráma.

In ainneoin na dea-aisteoireachta agus an t-aistriúchán a bhí réasúnta maith, ba é an laige ba mhó a bhí ar an dráma ná an chríoch. Ní mhillfear anseo an scéal ach b’ait an deireadh a cuireadh ar scéal a bhí ceaptha a bheith á stáitsiú faoi bhratach ghluaiseacht an fheimineachais. Ní mó ná sásta a bhí an fear seo leis, is measa fós a bheadh tuairim na mban faoi, chuirfinn geall.

B’ait liom freisin gur roghnaíodh dráma ó pheann fir. Mar a luadh cheana, ba mar fhreagra ar #WakingTheFeminists a léiríodh Cinneadh na Circe, dráma a scríobh fear – Jimmy Murphy. Cé gur scéal a bhaineann le mná agus atá á chur i láthair ag mná atá ann, chuaigh an Taibhdhearc ar seachrán beagán.

Ba ghearán faoi líon na mbanscríbhneoirí agus na mbanstiúrthóirí, ní líon na mban-aisteoirí, a bhí i #WakingTheFeminists. Is maith an rud mná a fheiceáil ar an stáitse ach is é croí na ceiste, cén fáth nach bhfuil ardán á thabhairt do scríbhneoirí agus stiúrthóirí mná. Beidh mná go leor ar an stáitse in Amharclann na Mainistreach, mar atá ar stáitse na Taibhdheirce an tseachtain seo, ach céard faoi na banscríbhneoirí?

Mar sin féin, tá an Taibhdhearc le moladh as Lara Ní Chathmhaoil a chur ar an stiúir agus rinne sí a cúram go slachtmhar.

Má bhí laige ar bith eile sa dráma ba í sin urlabhra duine nó beirt a bhí ar an stáitse. Chaithfeadh cluas ghéar a bheith ar dhuine le gach uile fhocal a thuiscint agus is minic a d’imigh focal gan bhrí ó bhéal aisteora. Ar ndóigh, bíonn difear idir an caighdeán Gaeilge a bhíonn ag aisteoirí, go háirithe nuair a bhíonn cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí ar aon stáitse. Ach nuair atáthar in amharclann atá chomh beag leis an Taibhdhearc, ba cheart go mbeifí in ann gach uile shiolla a chloisteáil agus a thuiscint gan dua.

Beidh Cinneadh na Circe ar ardán na Taibhdheirce anocht agus amárach ag 20.00.