Scéal ‘Eiffel Tower Ghaoth Dobhair’ le hinsint ar chlár ar TG4

Tá Sonia Nic Giolla Easbuig, a stiúir an clár Bád Eddie a bheidh á chraoladh Dé Domhnaigh ag súil go bhfreagróidh a saothar roinnt de na ceisteanna a bhíonn ag cuairteoirí faoin mbád clúiteach

Scéal ‘Eiffel Tower Ghaoth Dobhair’ le hinsint ar chlár ar TG4

Inseofar scéal Cara na Mara, nó ‘Bád Eddie’ mar is fearr aithne uirthi, ar chlár faisnéise a chraolfar ar TG4 Dé Domhnaigh. Tá Bád Eddie ina luí ar an trá ag Machaire Chlochair, i nGaoth Dobhair le dhá scór bliain anuas agus tá an bád triomaithe seo ar cheann de na rudaí is mó a thógtar grianghraf de i nGaeltacht Thír Chonaill anois.

Tháinig bád iascaigh i dtír ag Machaire Chlochair i 1977 agus bhíothas le cúpla clár adhmaid a briseadh uirthi a dheisiú, ach níor fhág sí an trá riamh arís. Tá fíor-dhrochbhail uirthi anois agus comharthaí sábháilteachta crochta timpeall uirthi ag an gComhairle Contae.

Tá Sonia Nic Giolla Easbuig, a stiúir an clár Bád Eddie a bheidh á chraoladh Dé Domhnaigh ag 17.55 ar TG4, ag súil go bhfreagróidh a saothar roinnt ceisteanna a bhíonn ag cuairteoirí faoin mbád clúiteach. Caithfear súil sa chlár ar thús saoil an bháid, an rud a tharla di i 1977, an fáth ar tréigeadh ar thrá Mhachaire Chlochair í, an bhaint atá ag an mbád leis an bhFrainc agus a bhfuil i ndán anois di.

“Tá na mílte duine tar éis cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair thar na blianta agus fíorbheagán acu a tháinig go dtí an ceantar nach ndeachaigh ar cuairt chuig ‘Bád Eddie’ agus is fíorbheagán freisin nár ghlac pictiúr di. Cé go bhfuil na mílte íomhá den bhád scaipthe fud fad na cruinne, níl a scéal ar eolas ag mórán daoine,” a dúir Nic Giolla Easbuig.

Bhí an bád le feiceáil i bhfíseán ceoil de chuid an bhanna Clannad, arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas iad. Is don amhrán In a Lifetime a taifeadadh an físeán, ina bhfeictear séadchomhartha eile Ghaoth Dobhair, Óstán Ghaoth Dobhair, atá suite ar an aill os cionn an bháid. Beidh duine d’amhránaithe Chlannad, Moya Brennan, faoi agallamh ar an gclár faisnéise.

“Tá sí cosiúl leis an Eiffel Tower do Ghaoth Dobhair, is cuimhin liom nuair a rinne mé féin agus Bono taifead in aice léi, áit ar bhuail muid le soilseach í san fhíseáin ‘In a lifetime’ le Clannad/Bono. Shíl achan duine go raibh muid i ndiaidh an bád a scriosadh – nach raibh sí ann níos mó! Bhí daoine buartha faoi. Tá sí íocónach,” a dúirt sí.

Tá éiginnteacht ann faoina bhfuil i ndán do Bhád Eddie. Tá macasamhail an bháid le cur in áit ag an trá, ach bhíothas ag súil anuraidh go gcuirfí an maoiniú ar fáil leis an mbád cáiliúil a chaomhnú. Cinneadh nárbh fhiú an t-airgead a chaitheamh ar chaomhnú an bháid mar gheall ar bhfíor-drochbhail atá uirthi anois.

Níl sé i gceist ag an gComhairle Contae an bád, atá ar an trá le dhá scór bliain, a bhogadh agus ní léir an nglacann an Chomhairle freagracht aisti. Maireann muintir Eddie Beag, arbh leis an bád, fós ach tá comharthaí de chuid na Comhairle crochta timpeall uirthi.

Fág freagra ar 'Scéal ‘Eiffel Tower Ghaoth Dobhair’ le hinsint ar chlár ar TG4'