Scáthán é ospidéal na leanaí nár tógadh fós ar chur chuige nach fiúntach

Tá roghanna móra le déanamh ag an Rialtas agus ag Dáil Éireann a rachaidh chun sochair dúinn uilig má dhéantar i gceart iad. Ní beag é an má.

Scáthán é ospidéal na leanaí nár tógadh fós ar chur chuige nach fiúntach

Pictiúr: RollingNews.ie

Tráth na gCeist: an cuimhin le léitheoir ar bith cé mhéad bliain ó shin a fógraíodh tógáil ospidéal náisiúnta nua do pháistí an chéad uair?

Freagra: Is in 2006 a dúirt an t-aire sláinte Mary Harney go raibh sé“thar am”áiseanna cóireála den scoth a chur ar fáil do pháistí na hÉireann ar shuíomh lárnach amháin.

Stair an tionscnaimh, nár tógadh fós, ó 2006 ar aghaidh:

2006 D’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (nó an HSE) gur mhol coiste saineolaithe go lonnófaí ospidéal náisiúnta nua do pháistí in aice leis le hOspidéal an Mater ar an taobh ó thuaidh de chathair Bhaile Átha Cliath. Dúirt an t-aire sláinte Mary Harney gur ghlac an rialtas le moladh an choiste.

2007 Ceapadh bord chun dul i bhfeighil phleanáil agus tógáil an ospidéil nua.

2007-2011 Roghnaíodh ailtirí agus plean i  gcomhair an fhoirgnimh. Rinne saineolaithe éagsúla taighde agus athbhreithniú ar an bhfoirgneamh a bhí beartaithe a thógáil agus ar oiriúnacht an tsuímh.

2011 D’iarr an t-aire sláinte nua James Reilly ar choiste saineolaithe idirnáisiúnta oiriúnacht an tsuímh a athbhreithniú arís. Mhol an coiste go rachfaí chun cinn leis an Mater mar láthair don ospidéal nua.

2012 Dhiúltaigh An Bord Pleanála don fhoirgneamh a bhí beartaithe a thógáil. Bhí sé ró-ard, dar leis an mBord, don suíomh agus don cheantar máguaird.

Rinne coiste saineolaithe eile athbhreithniú eile. Níor mhol siad suíomh ar bith, ach chinn an rialtas gur ar champas Ospidéal Naomh Séamas ar an taobh ó dheas den chathair a thógfaí an t-ospidéal nua.

2014 Roghnaíodh plean eile a mhol ailtirí eile.

2016. Rialaigh An Bord Pleanála go gceadófaí an foirgneamh a bhí deartha a thógáil.

2017 Fógraíodh i mí Feabhra go raibh an comhlacht tógála BAM Ireland roghnaithe i gcomhair na hoibre. Tugadh le fios go raibh praghas iomlán an tionscnaimh méadaithe ó 650 (mar a fógraíodh é in 2006) go dtí  950m.

Níl an obair thógála tosaithe fós.

2020 An spriocdháta i gcomhair oscailt an ospidéil nua. Is é sin le rá, chríochnaítear an obair go hiomlán faoin uair sin, agus bhíonn an fhoireann agus na háiseanna cuí ar fáil chun cóir a chur ar othair, beidh an t-ospidéal ar oscailt 14 bliain tar éis don HSE plean lena aghaidh a fhógairt.

Is fiú cuimhneamh ar stair léanmhar ospidéal na bpáistí agus sonraí ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh, a d’fhoilsigh an rialtas inné, á mheá. Bainfidh sé le hábhar chomh maith nuair a fhógróidh an rialtas plean caiteachais chaipitiúil sa bhFómhar..

Is léir arís eile ón moilleadóireacht agus ón malltriall thuas go dteipeann ar pholaiteoirí agus ar riarthóirí na hÉireann rómhinic plean mór fadtéarmach a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Níl sampla níos fearr dá n-éagumas ar fáil ná ospidéal na leanaí, toisc go raibh an riachtanas soiléir do chách. Ní hamháin sin, ach tá an togra slán ón gcuid is mó den chomórtas paróisteach a bhaineann le gnáthroghanna polaitiúla. 

Mar sin féin, níl oiread agus bríce leagtha ar bhríce ar shuíomh an ospidéil fós, 11 bliain ó fógraíodh an chéad phlean. Tá roghanna níos leithne agus níos tábhachtaí le déanamh anois maidir le caiteachas caipitiúil ó 2019 ar aghaidh ar bhóithre, ar ospidéil eile, ar scoileanna, ar thithíocht srl.

Ní hacmhainn don rialtas airgead a chaitheamh i ngach dáilcheantar de réir gach riachtanas áitiúil. An gnáth-leigheas? Córas an Late Late Show nó one for everyone in the audience’ agus caiteachas á roinnt ag rialtais de ghnáth.

Ní leor cur chuige dá leithéid chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá romhainn anois.  Faraor, ní léir gur cúis imní ach a mhalairt é scéal an ospidéil.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Scáthán é ospidéal na leanaí nár tógadh fós ar chur chuige nach fiúntach'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Aontaím go hiomlán leis an alt seo agus tá meas agam ar údar an ailt.
    Ní maith liom an abairt sin “Ní beag é an má”. Tá an abairt sin go mór faoi thionchar an Bhéarla.
    B’fhearr liom go mor: “Tá dealramh nach ndéanfar.”