Scaradh na gcompánach – is cuma cén dáta a roghnaíonn Enda

Cibé dáta a roghnóidh Enda Kenny anois i gcomhair an olltoghcháin, beidh an t-easaontas idir é féin agus Joan Burton soiléir do chách

08/10/2015. 1916 - The launch of 31 Local and Community Plans. Tanaiste and Labour Party Minister for Social Protection Joan Burton with Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny at the 1916 launch of 31 Local and Community Plans. Led by Local Authorities, featuring 1,800 special events and initiatives, as part of the Ireland 2016 Centenary Programme. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí an port céanna toghcháin á cheol ag an Taoiseach ar feadh ceithre bliana. Ní bheadh olltoghchán ann go dtí 2016, mar a dúirt sé liom féin arís in Áth Dara an mhí seo caite. Ach coícís ó shin, d’athraigh a phort go tobann.

Ní cinnteacht ach doiléire d’aon ghnó a chloistear anois gach uair a fhreagraíonn Enda Kenny ceisteanna faoi dháta an olltoghcháin. Ní bheadh aon chontúirt sa rámhaíocht éidreorach seo dá mbeadh na príomhiomróirí i mbád an rialtais ag rámhaíocht in éineacht. Ach, ar ndóigh, níl.

Olltoghchán san earrach a theastaíonn ó Joan Burton, mar a dúirt sí go poiblí i rith na seachtaine. Dar léi go bhfuil lear mór oibre le déanamh aici agus gur mian léi coinneáil ar aghaidh go ceann cúrsa mar a bhí beartaithe go dtí seo.

Is ar an bhfiosrúchán baincéireachta is mó a chuir sí béim, mar a rinne  cathaoirleach an fhiosrúcháin Ciarán Lynch. Tá thart ar €5m caite faoin am seo ar obair agus ar fhoireann (51 duine) an choiste go dtí seo. Tá deireadh leis na héisteachtaí poiblí, ach ní scríobhfar an tuarascáil go dtí mí Eanáir ar a luaithe.

Má thagann deireadh le ré na Dála reatha roimhe sin, ní chuirfear bailchríoch ar thuarascáil an choiste go deo. Téann údarás gach coiste as feidhm a luaithe a fhógraítear scor na Dála.

Má thugtar deis don Choiste toradh a machnaimh a chur i gcló, ní bheidh breithiúnas ann ar fhreagracht phearsanta (mar gheall ar shrianta an Bhunreachta). Mar sin féin, is deacair cur in aghaidh thuarim an Tánaiste gur chóir ligean don choiste a saothar a chríochnú agus a chur os comhair an tsaoil.

Tharla mórthubaiste sa tír. Fiosraíodh é – go déanach gan dabht – agus b’fhearr go mbeadh deis ag an gcoiste cibé ceacht a shíleann siad ba chóir a fhoghlaim dá bharr a chur os ár gcomhair.

Faraor, ní ar fhiúntas an choiste ach ar leas polaitiúil atá rogha Enda Kenny ag brath. Molann comhairleoirí áirithe dó olltoghchán gan mhoill a fhógairt tar éis lá na cáinaisnéise (Dé Mairt), toisc gur léir, dar leo, an chontúirt go rachaidh cúrsaí sláinte agus tithíochta, mar shampla, in olcas i rith an gheimhridh. Síleann dream eile gur fearr fanacht go mbeidh an laghdú ar cháin a fhógrófar Dé Máirt soiléir don phobal.

Ach tá éidreoir agus easaontas eile ag bagairt ar an rialtas mar gheall ar an argóint phoiblí idir an Taoiseach agus an Tánaiste. Níl ach dhá dhrochrogha ag Enda Kenny anois:

1 Olltoghchán roimh Nollaig a fhógairt – cinneadh a léireoidh láithreach nach bhfuil geallúint lántréimhse rialtais á comhlíonadh aige, agus nach seasmhacht agus easaontas atá i réim sa chomhrialtas agus é ag áiteamh ar vótóirí rogha a dhéanamh, mar a deir sé féin, “idir seasmhacht agus anord”.

2 Olltoghchán san athbhliain a ghealladh arís – cinneadh a léireoidh láithreach go bhfuil a gheallúint lántréimhse rialtais á comhlíonadh aige, ach nach bhfuil smacht iomlán aige ar a rialtas, agus go raibh ar an Taoiseach géilleadh d’áiteamh an Tánaiste.

Gan amhras, níl an rogha seo ag déanamh tinnis do mhórán daoine taobh amuigh de Theach Laighean. Ach b’fhearr le gach Taoiseach dul i mbun stocaireachta gan cantal agus gearáin a bheith i réim laistigh den rialtas, cibé faoin míshásamh lasmuigh de.

 – Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Scaradh na gcompánach – is cuma cén dáta a roghnaíonn Enda'