‘Scaoil leo!’ – An Ghaeltacht ag súil go dtabharfaidh an ghlúin óg an chéad chéim eile

Labhair Tuairisc.ie le comhbhainisteoir na Gaeltachta, Conall Ó Cruadhlaoich, roimh chluiche ceannais idirmheánach Chiarraí i dTrá Lí amárach.

‘Scaoil leo!’ – An Ghaeltacht ag súil go dtabharfaidh an ghlúin óg an chéad chéim eile

Gearóid Mac Gearailt (An Ghaeltacht) agus Michael Desmond (Cill na Martra) ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

‘One of those games where you come away wondering did the better team actually lose?’

Sin an cur síos a rinneadh ar The Kerryman ar thaispeántas na Gaeltachta i gcoinne an Teampaill Nua i gcluiche leathcheannais na craoibhe Idirmheánaí anuraidh.

Dhá phointe d’fharasbarr a bhí ag an Teampall Nua an lá sin, 2-7 in aghaidh 0-11, ach murach an dornán deiseanna a chuir fir Chorca Dhuibhne amú sa chluiche, d’fhéadfadh gur a mhalairt de scéal a bheadh ann.

Casfaidh na foirne ar a chéile arís amárach ach iad sa chluiche ceannais an turas seo.

Tar éis dóibh deis na bliana seo caite a scaoileadh uathu de bharr a míchruinnis, thuigfeá dá mbeadh treoracha tugtha d’imreoirí na Gaeltachta a bheith níos cúramaí agus an liathróid ina seilbh acu amárach, ach ní hin mar atá, a deir Conall Ó Cruadhlaoich, duine de bhainisteoirí na Gaeltachta.

“Ní foireann chosantach sinn. Ní chuirimid bac ar imreoirí caid a imirt,” a deir Ó Cruadhlaoich, atá ina chomhbhainisteoir ar an bhfoireann in éineacht le Marc Ó Sé, a bheidh ag imirt chomh maith amárach. Foireann óg atá faoina stiúir, ach tá a bhuntáistí féin ag baint leis sin,” a deir Ó Cruadhlaoich.

“Tá luas againn agus tá a fhios againn má táimid ag iarraidh barr ár maitheasa a bhaint amach, is le luas agus le peil a dhéanfaimid sin. Tá sé tábhachtach scaoileadh leo.

“Déanaimid an-chuid botún,” a admhaíonn Ó Cruadhlaoich, “ach tá sé tábhachtach gan béim mhór a chur ar na botúin sin. Tá bainisteoirí ann a dhíreodh isteach ar na botúin sin a ghearradh amach, a laghdú, ach chaithfeá a bheith cúramach le leaideanna óga, gan an brú sin a chur orthu.”

Thuigfeá don bhainisteoir mura mbeadh sé ag iarraidh srian a chur lena chuid imreoirí ach ní haon ghnáthghrúpa imreoirí óga iad ach oiread. Idir ghaiscí foirne faoi aois Chiarraí agus foirne Phobalscoil Chorca Dhuibhne, is beag duine acu nár imir i gcluiche ceannais na hÉireann nó i gcluiche ceannais an chúige.

Mar sin tá neart taithí acu ar chluichí mhóra cheana féin, rud a chuideoidh go mór leo amárach, dar le Ó Cruadhlaoich.

“Tá foireann óg againn, painéal óg. Níl ach beirt nó triúr atá os cionn 30 agus tá bearna mhór ansin go dtí na leaideanna eile. Tá cuid acu fós ina ndéagóirí. Mar gur foireann óg sinn, cheapfá nach mbeadh an taithí sin againn ach tá. Chomh maith leo siúd a d’imir leis an bPobalscoil, d’imir seisear le sóisir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana agus bhí roinnt eile ag imirt sa ghrád sinsir le Ciarraí Thiar. Is buaiteoirí iad na leaideanna seo.”

In éineacht le Ó Cruadhlaoich agus Marc Ó Sé, tá beirt eile d’iarimreoirí an chumainn mar chuid d’fhoireann bainistíochta na Gaeltachta, Dara Ó Cinnéide, atá ina roghnóir acu, agus Tomás Ó Muircheartaigh, a bhíonn i mbun na traenála.

“Sin an t-idéal a bhíonn againn anseo, gan a bheith ag lorg daoine ón taobh amuigh chun a thaispeáint dúinn conas caid a imirt!” a deir Ó Cruadhlaoich.

Bhí baint ag an gceathrar sin uile le ré órga na Gaeltachta ag tús na mílaoise nuair a bhíodh craobhacha sinsir an chontae á dtabhairt leo acu, ach deir Ó Cruadhlaoich go bhfuil an taithí a bhí roimhe sin ag Ó Cinnéide agus Ó Sé ar an ngrád idirmheánach chomh tábhachtach céanna.

“Tá an taithí sin ann ó thaobh cluichí craoibhe sinsir a bhuachan ach ba é an bua i 1998 [sa chraobh idirmheánach], a thug an spreagadh agus an t-ardán dúinn. Ní raibh ormsa aon chluiche idirmheánach a imirt ach d’imir Marc agus Dara ag an ngrád sin agus tá sé curtha in iúl acusan do na leaideanna cé chomh tábhachtach is atá an chéim seo.”

Má tá an Ghaeltacht ag iarraidh an chéad chéim eile sin a thabhairt, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua i bPáirc Aibhistín de Staic tráthnóna amárach. Idir chluiche leathcheannais na bliana seo caite agus cluiche sraithe na bhfoirne i mbliana, a bhuaigh an Ghaeltacht, tá aithne mhaith acu ar fhir Chiarraí Theas.

“Mar a chéile linn féin, is cumann beag iad ach tá imreoirí láidre acu. Tá trí chluiche ceannais an chontae as a chéile sroichte acu, bhuadar Craobh Shóisir na hÉireann cúpla bliain ó shin. Tá aithne ag gach duine ar Thadhg Morley agus na Spillanes ach tá imreoirí maithe eile acu, leaideanna ar nós Teddy Doyle agus Seán Sheehan. Ach ní bheimid ach ag féachaint orainn féin, sin é an fócas.”

Cé go ndeir Ó Cruadhlaoich go ndeachaigh a gcuid ullmhúchán don chluiche ceannais go maith, tá cúpla gortú ag cur as don Ghaeltacht. Gortaíodh, mar shampla, Tomás Ó Sé, agus é ag imirt do Chiarraí Thiar i gcraobh na sinsear le déanaí.

“Tá gortuithe ag cur as do chúpla imreoir. Ní áit mór é Ciarraí, téann an t-eolas timpeall sách tapaidh, ní fiú a bheith ag iarraidh rudaí a choimeád faoi cheilt. Seans go bhfuil sé 50/50 an mbeidh fáil ar chúpla duine acu, ach muna mbíonn tabharfaidh sé sin deis do leaideanna eile a cheap, b’fhéidir, nach mbeadh an seans acu cluiche ceannais a thosnú. Spreagfaidh sé sin iad.”

Fág freagra ar '‘Scaoil leo!’ – An Ghaeltacht ag súil go dtabharfaidh an ghlúin óg an chéad chéim eile'