Scannán machnamhach faoi leith a gineadh i scioból samhlaíochta cheardaí ar leithligh

LÉIRMHEAS: Cé go bhfuil stiúrthóir ‘My name is Emily’ sáinnithe i gcathaoir rotha níl a shamhlaíocht teanntaithe ná a scamhadh chun oibre tráite

My Name is Emily

My Name is Emily
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Simon Fitzmaurice
Cliar: Evanna Lynch, Michael Smiley, George Webster, Deirdre Mullins.

Is leasc liom cúinsí pearsanta stiúrthóra/aisteora a lua nuair atá saothar á mheas ach caithfear eisceacht a dhéanamh do Simon Fitzmaurice. In 2008 tugadh le fios do Simon go raibh sé buailte leis an ngalar néarón luadrach. Bhí beirt chlainne air ag an am agus bhí a bhean ag iompar. Tuaradh nach mairfeadh sé ceithre bliana. Anois tá cúigear clainne air, leabhar faoina shaol scríte aige agus é fós ina stiúrthóir bisiúil.Ní mar a thuartar a bítear.

Cé go bhfuil Simon sáinnithe i gcathaoir rotha níl a shamhlaíocht teanntaithe ná a scamhadh chun oibre tráite. Níl ná an diabhal é. Tá an chuid eile againn a bhíonn ag cnáimhseán gan dealramh náirithe aige. Tá sé anois ar an gcéad duine riamh leis an ngalar cloíteach chun scannán a scríobh agus a stiúradh.

Caithfidh go mbeadh fealsúnacht faoi leith ag duine atá tar éis bóthar chomh fada, agus chomh hachrannach leis sin a chur de agus tagann sé sin go barr uisce sa scannán seo. Óir ag caint ar uisce mé, seo an dara scannán Éireannach (Mammal ba ea an ceann eile) le tamall a bhain úsáid mheafarach as an uisce síos tríd le leochaileacht agus staid intinne na gcarachtar a léiriú. Is duine ar leithligh í Emily (Lynch) agus is trína súile seo a chítear eachtraí an scannáin.

‘An rud a bhíonn sa chú bíonn sé sa choiln’ mar gur éan corr é a hathair Robert (Smiley), scríbhneoir gur éirigh leis a chóta bán a dhéanamh le leabhar corr.  Cailltear an mháthair agus tar éis tamaill tógtar Robert go teach na ngealt. Fágtar Emily faoi chúram altramaithe.

Ní nach ionadh tá an cailín seo dúnta isteach inti féin agus is trína tráchtaireacht agus a monalóga inmheánacha a fhaighimid spléachadh ar a meon faoi leith agus a briseadh croí. Go deimhin is beag comhrá atá sa chéad deich nóimint nó mar sin agus sinn i dtaobh le ráitis ar nós ‘you stared into a great emptiness and took a step.’ Níos faide anonn bíonn carúlacha ar nós ‘a fact is a point of view.’

Agus í ag tabhairt faoi scoil nua soláthraítear radharc seanchaite ina dtéann a meon neamhspleách, faoi leith, in adharca an mhúinteora tíoránaigh. Go deimhin is ‘Greasy Haired Teacher’ an cur síos a thugtar ar an múinteoir ar an liosta den gcliar. Is ansan a chuireann sí aithne ar Arden (Webster) déagóir a bhfuil a ábhair bhuartha féin aige in ainneoin a rachmais.

Buaileann an bheirt acu an bóthar le Robert a shaoradh ó bhraighdeanas. Tá blas mínádúrtha ar choincheap an turais agus an truas é féin: faigheann siad seanachairt Renault 4 ó sheanmháthair Arden gan aon dua, cairt a bhfuil gach aon ní féin spéir sa bhúit agus tógann sé trí lá orthu tiomáint ó thuaidh. Chuaigh an rud ar fad ar bóiléagar agus chun leadráin orm ar feadh tréimhsí ach éiríonn le Lynch agus Arden taispeántais thathagacha a thabhairt uathu agus bíonn gean againn ar an gcailín óg misniúil seo agus ar an mbuachaill leochaileach dea-chroíoch.

Is táirge machnamhach faoi leith é seo a gineadh i scioból samhlaíochta ceardaí ar leithligh.

Fág freagra ar 'Scannán machnamhach faoi leith a gineadh i scioból samhlaíochta cheardaí ar leithligh'