Scannán gruama, corraitheach lán macallaí é Detroit

Bhí uisce le fiacla nuair a chualathas go mbeadh Kathryn Bigelow ag tabhairt faoi eachtraí a tharla i rith chíréibeacha Detroit i samhradh na bliana 1967

Scannán gruama, corraitheach lán macallaí é Detroit

Detroit

Stiúrthóir: Kathryn Bigelow

Cliar: John Boyega, Will Poulter, Algee Smith, Jacob Latimore, Hannah Murray, Jack Reynor, Anthony Mackie.

Ceardaí faoi leith í Kathryn Bigelow; saoiste atá go hiomlán teann aisti féin agus a cuid saothar. Ar feadh i bhfad bhí cáil uirthi mar an té a bhí ar an stiúir don scannán aicsin sainiúil sin Point Break (1991) agus mar bhean chéile James Cameron. Ó shin, agus ó scaradar, tá scannáin théagartha tagtha uaithi; Zero Dark Thirty (2012) agus The Hurt Locker (2008) ina measc. Ghnóthaigh an ceann deireanach acu sin dhá dhuais Oscar di. ’Sí tuairim na coitiantachta anois gur suimiúla i bhfad a cuid oibre siúd ná méiseáil Cameron leis an iliomad gálaí d’Avatar. Dá réir bhí uisce le fiacla nuair a chualathas go mbeadh Bigelow ag tabhairt faoi eachtraí a tharla i rith chíréibeacha Detroit i samhradh na bliana 1967.

I dtosach an scannáin tá montáis de phictiúir cháiliúla Jacob Lawrence ár dtionlacan fad is a thugann na giotaí scríbhneoireachta éachtaint thapa dúinn ar The Great Migration. Ó 1915 go 1970 d’aistrigh tuairim is sé mhilliúin duine den chine gorm ó cheantair thuaithe an deiscirt go cathracha an tuaiscirt. Ní nach ionadh chothaigh seo míshuaimhneas agus teannas le geiteonna bochta duairce á maoirsiú ag póilíní bána a raibh dearcadh ciníoch ag a bhformhór. Faoi na seascaidí bhí cathracha ar nós Detroit ar tinneall. Cuireadh an lasair sa bharrach ansin ar an 23 Iúil nuair a dhein na póilíní ruathar fíochmhar faoi shíbín.

Tugann an scannán léiriú cumasach ar na heachtraí tosaigh ansin ach ní fada nó go dtréigtear an mórphictiúr le díriú ar eachtraí Óstán an Algiers mar ar maraíodh triúr fear den chine gorm go brúidiúil. Tá an saothar, oiread agus is féidir, bunaithe ar fhianaise ach baintear leas as díolúine an ealaíontóra le bearnaí sa scéal a líonadh, rud atá ríshoiléir ar uairibh. 

Ní nach ionadh tá an ciníochas ina théama lárnach. In ainneoin a chuma óigeanta, shaonta is ciníochaí go smior é Krauss (Poulter) nach bhfuil uaidh ach gaoth an fhocail le dul i muinín an fhoréigin. Dé réir mar a ghluaiseann rudaí ar aghaidh níl aon oidhre air féin agus a bheirt chomhghleacaithe ach síceapataigh. Fiú na carachtair atá ábhairín báúil táid ciníoch go réchúiseach. Fite fuaite leis seo tá an móitíf don fhear gorm atá/a bhí san arm. Iad ag troid ar son na tíre ach cearta na tíre ceilte orthu.

Teanntaítear an scéal agus an lucht féachana nuair a dhéantar ruathar ar Óstán an Algiers sa tóir ar shnípéir. An foréigean, an ciapadh, an sceimhle agus an alltacht. Garda slándála (John Boyega) ina shaghas ceann feadhna. Deineann sé iarracht an dá thráigh a fhreastal ach teipeann air in ainneoin a dhíchill.  Taispeántais thathagacha ón gcliar ar fad, Jack Reynor na hÉireann in measc.

Éiríonn rudaí liobarnach nuair atá an cás cúirte a lean na heachtraí faoi chaibidil. Sinn fágtha le cúpla radharc fánach cé go raibh an triail féin chomh corraitheach céanna leis na heachtraí a spreag; duine geal ba ea gach duine ar an ngiúiré rud a chinntíonn nach bhfuil aon fhuascailt ná réiteach ag an gcríoch ach tuilleadh gíoscán fiacal. Scannán gruama, corraitheach agus ní féidir macallaí eachtraí maraithe in Ferguson, Baton Rouge agus áiteanna eile nach iad a sheachaint.

Fág freagra ar 'Scannán gruama, corraitheach lán macallaí é Detroit'