Scannán cuibheasach gan a bheith maíteach faoi fhear eisceachtúil

Ba é Thurgood Marshall an chéad duine den chine dubh a ainmníodh ar Chúirt Uachtarach Mheiriceá, ach níl i scannán nua faoi ach an ghnáth-dhrámatúlacht

Scannán cuibheasach gan a bheith maíteach faoi fhear eisceachtúil

Marshall
Stiúrthóir: Reginald Hudlin
Cliar: Chadwick Boseman, Josh Gad, Kate Hudson, Sterling K. Brown, James Cromwell

Sa radharc deireanach sa scannán seo, mír a bhfuil ardú croí in ainm is a bheith ag baint leis, címid an príomhcharachtar, gur den chine dubh é, seasta taobh le tobar uisce a bhfuil ‘whites only’ greanta ar an bhfalla os a chionn.

Déanann sé neamhaird den bhfógra ciníoch agus ólann deoch is é ag gnúsachtach go sásta. Tá seanfhondúir den chine céanna suite le hais an tobair agus aoibh an iontais air.

Scéal thairis agus mír bheag fhánach b’fhéidir ach tugtar léargas ar mheon, ar théamaí agus ar chomhthéacs an scannáin. An comhrac cróga i gcoinne na héagóra i Meiriceá i 1940,  tréimhse ina raibh an tír ite le ciníochas Lena chois sin soláthraítear míreanna beaga grinn agus drámatúlacht an tseomra cúirte.

Ba é Thurgood Marshall, a cailleadh i 1993, an chéad duine den chine dubh a ainmníodh ar Chúirt Uachtarach Mheiriceá. Chaith sé blianta leis an NAACP ag comhrac ar son cearta sibhialta agus thug sé raidhse cásanna os comhair na Cúirte Uachtaraí. Ina measc siúd bhí ‘Brown v. Board of Education,’ cás a chuir deireadh leis an leithscaradh ar bhonn cine. Laoch Meiriceánach, fathach in iomaire an dlí agus fear atá sa Táin ag an bpobal Afrai-Mheiriceánach. Nuair atá pearsa den saghas sin idir lámha agat tá tú ag siúl ar an tanaí. Tá tú ag iarraidh a cheart a thabhairt do shaol eachtrúil an duine mar aon le bheith dílis don stair. Tuigeann tú go bhfuil a léamh féin ag gach éinne agus tá tusa ag iarraidh scannán, lena riachtanais drámatúlachta, a chur thar abhainn.

Gan amhras ní féidir scéal mar seo a shlogadh siar in aon bholgam amháin agus dá bharr cinneadh, mar a deineadh i gcás Nelson Mandela in Invictus (2009), díriú ar thréimhse agus eachtraí faoi leith. Ó thaobh Marshall de cloíodh lena bhlianta tosaigh agus an cás cúirte ‘Connecticut v. Joseph Spell’ mar a raibh éigniú agus iarracht dúnmharaithe (ar bhean gheal) curtha i leith fir den chine dubh.

Gan amhras tá sé rófhuirist tosnú ag rianú  comparáidí le To Kill A Mockingbird (1962) ach domsa, thosaigh The Rainmaker (1997) ag rith liom óir go bhfuil leagan den chomhghuaillíocht chorr ina lár istigh. De  bharr nach raibh Marshall (Boseman) incháilithe le seasamh i gcúirt Connecticut b’éigean dó comhghleacaí áitiúil a earcú agus b’in an púdarlach Sam Friedman (Gad); Giúdach nach raibh aon taithí aige ar chásanna coiriúla. Go minic is iad comhraic bhéil na beirte seo a shlogann cuid mhaith radharcanna. Mheasas gur imigh cuid mhaith acu seo ar bóiléagar agus ní rabhas ar mo shocracht gur go leathdháiríre a tugadh faoin ábhar sollúnta ar uairibh. Go deimhin, rinneadh tagairt thútach do ghaolta Giúdacha Friedman a bheith gafa ag na Naitsithe.

Cuibheasach gan a bheith maíteach atá léiriú Boseman. Is cinnte go léiríonn sé carachtar atá cumasach, deisbhéalach, diongbháilte agus cróga. Ag an am céanna, áfach, tá sé ceartaiseach (agus údar aige) agus lán den mhór is fiú. Déantar iarracht fhánach tionchar a chuid oibre ar a phósadh a chíoradh ach níorbh fhiú an deich triuf é.

I ndeireadh na dála mar sin níl againn anseo ach an ghnáth-dhrámatúlacht atá le feiscint i scannáin iomadúla.

Fág freagra ar 'Scannán cuibheasach gan a bheith maíteach faoi fhear eisceachtúil'