Scannán á dhéanamh faoi scéal saighdiúirí a d’éalaigh ó na Naitsithe trí Ghaeilge a labhairt

Lig triúr saighdiúirí de chuid Arm na Breataine, arbh as Gaeltacht na hAlban iad, orthu féin gurbh as an Úcráin iad, tír nach raibh ag cogaíocht leis an nGearmáin i 1940

Scannán á dhéanamh faoi scéal saighdiúirí a d’éalaigh ó na Naitsithe trí Ghaeilge a labhairt

Pictiúr: SWNS.com

Tá scannán á dhéanamh faoi láthair ina n-inseofar scéal triúr saighdiúirí de chuid Arm na Breataine a d’éalaigh ó na Naitsithe in 1940 trí Ghaeilge na hAlban a labhairt.

Chuir an Saighdiúir Singil William Kemp, an Ceannaire Sandy MacDonald, agus an Leascheannaire James Wilson an dallamullóg ar shaighdiúirí na Gearmáine trína dteanga dhúchais, Gàidhlig, a labhairt agus ligean orthu féin gurbh as an Úcráin iad, tír nach raibh ag cogaíocht leis an nGearmáin i 1940.

Saighdiúirí de chuid na Argyll agus Sutherland Highlanders a bhí sa triúr, complacht a ghéill do na Naitsithe roinnt seachtainí roimhe sin i ndiaidh cúig lá troda.

Cé go bhfuil cáil ar scéal na bhfear sa bhaile arbh as iad, Baile a’ Chaolais i Loch Abar i nGaeltacht na hAlban, inseofar an scéal don saol mór sa scannán nua The Darkest Hour, dráma faoin dara cogadh domhanda.

I 1940, d’éalaigh na fir Ghaeltachta ó na Gearmánaigh agus chaith uathu an éide mhíleata a bhí á caitheamh acu. Gabhadh arís iad, áfach, ag seicphointe, agus tugadh chuig campa cimí cogaidh iad.

De réir na gcuimhní cinn a bhreac  William Kemp i ndiaidh an chogaidh, tugadh os comhair ceannasaí Gearmánach é féin agus a bheirt chomrádaithe, fear a dhírigh a ghunna láimhe orthu.

“Ghlacamar leis seo mar rabhadh an fhírinne a insint nó a bheith thíos leis. D’fhiafraigh oifigeach Francach, a bhí ina ateangaire, faoinár náisiúntacht. D’fhreagair mé i nGàidhlig ‘chan eil fhios agam’. Nuair a d’fhiafraigh sé dínn cén tír ar as muid, dúirt mé ‘Àird nam Murchan’,” a scríobh sé.

Dúirt sé gur chuir a chuid cainte mearbhall ar na Gearmánaigh agus gur tugadh isteach roinnt ateangairí eile féachaint an dtuigfidís teanga ‘aisteach’ na gcimí, ach níor éirigh leo. Ar deireadh, cuireadh léarscáil den domhan os comhair na nAlbanach agus cuireadh ceist arís orthu cárbh as dóibh, agus leag duine acu a méar ar an Úcráin, a bhí mar chuid den Aontas Sóibhéadach an uair sin.

Shínigh an tAontas Sóibhéadach socrú neamhionsaithe leis an Naitsithe bliain sular gabhadh na fir.

Tháinig roinnt oifigeach Naitsíoch eile isteach sa seomra, dar le Kemp, agus i ndiaidh tamaill scaoileadh saor na ‘hÚcránaigh’.

Thaistil na hAlbanaigh tríd an bhFrainc chomh fada leis an Spáinn, áit ar tháinig siad ar chonsalacht de chuid na Breataine agus chuaigh ar bord loinge faoi choim na hoíche.

A luaithe is a d’fhág siad uiscí na Spáinne, aistríodh chuig long chogaidh de chuid Chabhlach na Breataine iad agus tugadh abhaile go hAlbain iad.

Dúirt neacht le William Kemp, Susan Kemp, go bhfuil “bród” ar a muintir go bhfuil scéal a huncail mar bhunús ag an scannán nua.

“Shíl mé riamh gur ábhar maith scannáin a bhí ann. Tuigim gur bunaithe ar an scéal a bheidh an scannán nua ach níl mé ach díreach tar éis cloisteáil faoi. Bhí an scéal ar eolas againn agus muid inár bpáistí ach, mar ba dhual don ghlúin sin, níor labhair siad mórán faoi. Caithfidh go raibh croí leoin acu ar fad. Níl a leithéidí ann anois.

“Ba iontach an smaoineamh é gan ach an Ghàidhlig a labhairt, ach ba í sin a dteanga féin agus ní haon rud deacair a bhí ann,” a dúirt sí.

Tá an scannánú ar The Darkest Hour le tosú an tseachtain seo.