Scannal eile i Stormont agus an mhéar á díriú ar Shinn Féin an turas seo

Sinn Féin ar a ndícheall ag iarraidh an ghoimh a bhaint as an scannal is déanaí i Stormont agus tréimhse chorraitheach i ndán do roinnt na cumhachta

Scannal eile i Stormont agus an mhéar á díriú ar Shinn Féin an turas seo

Nach fánach an áit a bhfaighfeá scannal. Ba é cás NAMA agus líomhaintí maidir le mí-iompar in aghaidh polaiteora a bhí ar bhéal gach éinne anuraidh. Shéan Céad-Aire agus ceannaire an DUP ag an am, Peter Robinson, na líomhaintí go raibh seisean ná a mhuintir ag iarraidh sochar a bhaint as margadh NAMA le comhlacht Meiriceánach. Rinne an chaint faoi mhíchleachtas dochar d’údarás Robinson ina pháirtí féin agus i measc an phobail agus bhrostaigh sé a imeacht as an bpolaitíocht.

Anois, is iad Sinn Féin atá i bhfostú sa chonspóid agus ag iarraidh srian a chur leis an damáiste. Tá Daithí McKay, teachta tionóil sinsearach de chuid an pháirtí, caite thar bord de bharr líomhaintí faoina iompar mar chathaoirleach ar an gcoiste airgeadais a d’fhiosraigh cás NAMA. Maidin Déardaoin d’fhoilsigh an nuachtán, an Irish News scéal go ndearna McKay ‘cóitseáil’ ar Jamie Bryson sular thug an dílseoir conspóideach fianaise don choiste i Stormont.

Bhí Bryson, a fuair aitheantas poiblí mar fheachtasóir le linn chíréibeacha na mbratach, ag foilsiú blaganna faoi scéal NAMA ar feadh míonna sular thug sé fianaise don choiste sa Mheán Fómhair seo caite. Mhaígh sé níos deireanaí gur ó naimhde Robinson san DUP a bhí sé ag fáil eolais. Baineann na líomhaintí in aghaidh McKay le Bryson a ‘ullmhú’ (ar chúla téarmaí) don seisiún os comhair an choiste. Foilsíodh téacs ríomhphoist inar thug ionadaí a d’ainmnigh McKay comhairle do Bryson faoin mbealach ab fhearr chun líomhaintí in aghaidh Robinson a dhéanamh sula n-ainmneodh sé é; chinnteodh sé sin nárbh fhéidir é a chur ina thost agus go mbeadh éifeacht an-mhór ag a fhianaise. Luíochán ar Robinson, go bunúsach.

Ar éigean a bhí an nuachtán léite ag daoine nuair a dúirt an LeasChéad-Aire, Martin McGuinness – ceannaire Shinn Féin i Stormont, go gcaithfeadh Daithí McKay a mhachnamh a dhéanamh faoi éirí as mar theachta Tionóil sa chás go raibh an scéal fíor. B’údar mór imní iad na líomhaintí faoi theagmháil mhíchuí, a dúirt McGuinness a mhaígh nach raibh eolas ar bith aige féin ná ag a fhoireann faoin iompar sin. Cúis iontais ag a lán i Stormont é go n-imeodh ball de Shinn Féin ar ruathar aonair mar seo. Níl páirtí sa tír le maorlathas láir chomh teann le Sinn Féin.

Tá McKay imithe agus tá Robinson imithe. Cibé ní atá i ndán dóibh siúd, níl an chonspóid ach ina tús. Ba léir ón tslí ar chaith Sinn Féin McKay i dtraipisí ar luas lasrach gur mhaith leo clabhsúr a chur ar an achrann go sciobtha. Níl seans acu. Tá an cás á chur faoi bhráid na n-údarás cuí i Stormont ag an DUP agus deir páirtithe an fhreasúra go gcaithfear freagraí a sholáthar.

Teastaíonn ón SDLP agus Alliance go ndéanfadh saineolaí neamhspleách fiosrú.

Dúirt cathaoirleach an DUP, an Tiarna Morrow, nár mhór caighdeán an fhiosraithe a rinne an coiste airgeadais a scrúdú, chomh maith leis an gcaoi ar caitheadh le Peter Robinson. Is cosúil gur feachtas salach in aghaidh Peter Robinson a bhí ann, dar leis. Bhí ceannaire an UUP níos neamhbhailbhe. Is cosúil, arsa Mike Nesbitt, gur chuir Sinn Féin ceannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann dá chois.

Níl cás NAMA fuascailte ná baol air.

Táthar ag fanacht go ndéanfar forbairt ar na fiosruithe go léir a bunaíodh tar éis líomhaintí an Teachta Dála Mick Wallace faoi dhíol na maoine le Cerberus agus airgead a bheith curtha i gcuntas rúnda in Oileán Mhanann.

Tá freagraí dlite don phobal a d’íoc go daor as an lag trá eacnamaíochta agus an cúlú i dtionscal na tógála ach go háirithe. Cibé ní atá i ndán do na fiosruithe sin is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil tréimhse chorrach i ndán do Stormont agus do roinnt na cumhachta.

Fág freagra ar 'Scannal eile i Stormont agus an mhéar á díriú ar Shinn Féin an turas seo'