Scannail gan stad – agus sinn féin atá ciontach as cuid mhaith

De réir na bpobalbhreitheanna tá sé ar intinn ag 60% dínn vótáil arís do na páirtithe a thug an déine isteach agus a chuireann an tsaint phríobháideach chun tosaigh ar gach rud eile

Scannail gan stad – agus sinn féin atá ciontach as cuid mhaith

Cén scannal atá i mbéal an phobail anois?

Scannal na tithíochta, b‘fhéidir agus níos mó daoine gan dídean, agus níos mó leanaí ná riamh fágtha gan áit bhuan cónaithe. Teip shoiléir ar bheartais an rialtais le déileáil leis seo.

Nó scannal an chórais sláinte? Bíonn an oiread sin daoine ar thralaithe sna ranna éigeandála nach dtugann muid aon aird ar na figiúirí anois. Agus go deimhin tá imní mhór léirithe ag saineolaithe sláinte go bhféadfadh géarchéim an fhliú scrios iomlán a dhéanamh ar obair na n-ospidéal in ainneoin feachtas instealladh in aghaidh an fhliú a bheith molta.

Nó scannal an chórais iompair? Tá oibrithe iarnróid ar stailc agus níl tada le rá ag an Aire Iompair, Shane Ross faoi.

Ní hionadh ar bith é sin mar ní cheapann sé gur chóir comhlachtaí poiblí de chuid an stáit a bheith i gceannas ar sheirbhís ar bith. Agus ní chreideann sé gur chóir ardú pá ar bith a thabhairt do dhaoine nach bhfuair a leithéid le deich mbliana.

Tá leibhéal tacaíochta an stáit don chóras iompair ar an leibhéal is ísle san Eoraip ar fad. Níl ach an Liotuáin agus an Ghréig in aon ghaireacht dínn ó thaobh tacaíocht phoiblí.

I ngach aon tír déantar iarracht seirbhís fhiúntach a chur ar fáil, agus cuirtear an tacaíocht airgid ar fáil atá riachtanach dá leithéid.

Ach in Éirinn thiocfadh a leithéid salach ar idé-eolaíocht na haicme rialaithe – i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil – agus thiocfadh sé salach ar shaint lucht an rachmais. Ní cóir airgead poiblí a úsáid le freastal ar riachtanais phoiblí más féidir le fear airgid éicint brabús a dhéanamh as – sin a ndearcadh.

Go deimhin, cuireann sé isteach go mór ar an aicme seo go gcreideann oibrithe gur chóir dóibh tuarastal ar bith a fháil, ná bí ag caint faoi thuarastal a thabharfadh saol compordach ar bith dóibh!

A leithéid de shotal! Nach dtuigeann na hoibrithe seo go bhfuil siad ag cur isteach ar lucht fiontair, agus cá mbeadh muid cheal lucht fiontair?

Anois féin tá a lán cainte ann faoi na bainc. Is cuimhin leat gur fhulaing muid an-chuid déine ar mhaithe le teacht i gcabhair ar na bainc sin – anseo in Éirinn, sa nGearmáin, sa bhFrainc, agus ar fud na hEorpa.

Tá an rialtas ag labhairt go borb leo! Mura ndéanfaidh siad an rud ceart déanfaidh an rialtas rud éicint.

Ach go dtí lá sin an díoltais, cuimhnímis nach ndeachaigh ach daoine beaga sa gcóras baincéireachta chun príosúin. Tá praiseach déanta ag forais stáit de chásanna cúirte i gcoinne na ndaoine mór le rá a bhí i gceannas sna bainc nuair a rinneadh an éagóir orainn, agus is léir nach bhfuil i gcaint bhorb an rialtais inniu ach baothchaint.

Tá scannail eile ann ar ndóigh: is annamh do na gardaí  gan scéal a bheith fúthu sna ceannlínte maidir le tástálacha bréaga anála nó an ghéarleanúint orthu siúd a sceith eolas faoi dhroch-chleachtas.

Ach ná bí buartha, tá an bhean a bhí gceannas ar na Gardaí agus a bhfuil ceisteanna tromchúiseacha le freagairt aici éirithe as an nGarda Síochána agus í ag obair anois le foras idirnáisiúnta a chinntíonn go gcloíonn fórsaí póilíneachta eile leis an gcleachtas is fearr!

Sea, admhaím go ndearna mé gáire mhór nuair a chuala mé an scéal áirithe sin. Ach nach léiríonn sé arís an dímheas atá ag an aicme rialaithe ar an gcuid eile againn? Is cuma leo faoi na gearáin, na scannail, nó eile.

Tá siadsan i gceannas agus ní bhíonn aon chosúlacht orainn féin nach nglacfaidh muid le tuilleadh den scéal céanna.

Sea, má tá tú bréan den fhírinne nach bhfuil an tsochaí seo ag feidhmiú i gceart toisc gur tábhachtaí brabúis an mhionlaigh ná riachtanais an mhóraimh, toisc go bhfuil muid ag cloí le hidé-eolaíocht a thugann tús áite don fhiontar príobháideach, nár cheart duit  rud éicínt a dhéanamh faoi?

Ach de réir na bpobalbhreitheanna tá sé ar intinn ag 60% dínn vótáil arís do na páirtithe a thug an déine isteach agus a chuireann an tsaint phríobháideach chun tosaigh ar gach rud eile.

Tá roghanna ann: Sinn Féin, na páirtithe ar an eite chlé, na ceardchumannaigh atá ag iarraidh páirtí nua a bhunú. Tá roghanna ann d’aon duine a thuigeann nach féidir linn leanacht mar atá.

Ach má tá tusa i measc an 60%, atá ag tacú le Fine Gael, le Fianna Fáil nó le Páirtí an Lucht Oibre ná bí ag  gearán faoi na scannail. Mar is tusa, ag deireadh thiar, atá ciontach astu.

Fág freagra ar 'Scannail gan stad – agus sinn féin atá ciontach as cuid mhaith'