‘Sáraigh dlíthe bóthair is tabharfar chun cúirte thú; déantar amhlaidh leosan nach gcloíonn le dlíthe teanga’ – Michel Doucet

Labhair ár dtuairisceoir le Michel Doucet, duine de mhórshaineolaithe an domhain ar chearta teanga agus é ar cuairt ar oifigí Tuairisc.ie. Dar leis gur cheart cumhachtaí breise a thabhairt do Choimisinéir Teanga na tíre seo...

Michel
Michel Doucet

 

Cé chomh tábhachtach is atá reachtaíocht teanga do shlánú teanga, i do thuairimse?

Tá sé an-tábhachtach. Tugann reachtaíocht teanga stádas do mhionteanga nó do theanga ar bith atá an-tábhachtach. Má fhéachann tú ar dhlíthe, cífidh tú go dtugann siad sainmhíniú ar chearta daoine aonair i dtaca le teangacha agus tuigfidh lucht labhartha na dteangacha sin go bhfuil a dteanga dhúchais ar comhchéim le teangacha eile. Sa chomhthéacs sin, tá sé fíorthábhachtach go bhfeicfeadh lucht labhartha mionteangacha go bhfuil meas ar a dteangacha agus go bhfuil aitheantas á thabhairt dá gcearta teanga. Is chuige sin atá reachtaíocht ann.

Is minic a chloistear daoine ag rá “tá Béarla agat ar aon nós” agus iad ag baint leasa as an argóint sin chun an bonn a bhaint de chearta teanga sa tír seo agus ar fud an domhain.  Céard é an bealach is fearr le dul i ngleic leis an gcineál sin argóna agus cén freagra is fearr air?

Is cuma faoi mo chumas teanga tar éis na mbeart. D’fhéadfadh go bhfuil cúig nó sé cinn de theangacha ar mo thoil agam; ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon chearta agam. Is ionann cearta teanga agus cearta bunúsacha a bhronntar ar an saoránach. Tá sé tábhachtach uaireanta go seachnófaí míthuiscint nó coimhlint sa réimse seo i dtreo is go n-aithneofaí na cearta sin. Ó mo thaobhsa de, díreach mar gheall go bhfuil cúpla teanga agam, amhail an Ghearmáinis nó an Béarla, ní mhaolaíonn sin puinn tábhacht na Fraincise domsa, nó tábhacht na Gaeilge do mhuintir na hÉireann. Is cuid d’fhéiniúlacht agus de stair an duine a theanga ar nós mar atá leis an bhFraincis i mo chás-sa agus tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas don méid sin sa Stát ina bhfuil cónaí orm. Is cuma cén cumas atá agam ag labhairt teangacha eile; ní thagann sé sin isteach sa scéal beag ná mór.

Maidir leis an áiteamh a chloistear go minic gur cur amú airgid is ea an méid a chaitear ar aistriúchán cáipéisí oifigiúla, cad é an freagra ar an méid sin agus an dóigh leat gur féidir cothromaíocht a bhaint amach, áit a gcaithfí an t-airgead sin go stuama ach go bhfanfaí dílis do chearta teanga ag an am céanna?

Bhuel creidim féin go bhfuil an t-airgead sin á chaitheamh go stuama agus aistriúchán cáipéisí i gceist. Is cuid de sheirbhísí mionlaigh a leithéid agus tugann na seirbhísí sin stádas don mhionlach sin agus dá dteanga. I gcás Cheanada, ní chreidim go gcosnaíonn sé níos mó airgid seirbhísí aistriúcháin Fraincise a chur ar fáil ná a mhalairt. Rud amháin nach bhféachaimid air in aon chor is ea na ‘costais’ shóisialta a ghabhann le diúltú seirbhísí dá leithéid a chur ar fáil mar chosaint do lucht labhartha teanga. Cuid mhaith de choimhlintí an domhain faoi láthair, eascraíonn siad as an easpa aitheantais seo agus an drogall a bhíonn ar stáit seirbhísí teanga a chur ar fáil do mhionlaigh. Mar sin, ní féidir bheith de shíor ag féachaint ar an gceist seo i dtéarmaí caiteachais, ach i dtéarmaí costais shóisialta freisin agus an méid a thiteann amach de dheasca diúltú seirbhísí teanga a chur ar fáil.

An dóigh leat gur cheart idirdhealú dearfach a dhéanamh le haghaidh cainteoirí Gaeilge agus fostaithe á n-earcú sa státchóras? Más ceart, an éireodh le córas cuóta, an dóigh leat?

Bhuel, ní haon saineolaí mé ar chás na hÉireann ach má fhéachaimid ar Cheanada, níl aon chóras cuóta againn ansin ach is gá go mbeadh ionadaíocht á déanamh ar chainteoirí Fraincise agus féachtar le poist áirithe a shannú mar phoist dhátheangacha agus déantar iarracht a chinntiú gur daoine a bhfuil an dá theanga ar a dtoil acu na daoine a oibríonn sna poist sin. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeadh Frainciseoirí líofa ag obair sa státchóras ar féidir leo seirbhísí stáit a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil, ach tá sé tábhachtach freisin go ndéanfadh an móramh iarracht seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil don mhionlach agus is tábhachtaí an méid sin domsa ná cuóta a chur i bhfeidhm.

Tá straitéis fiche bliain i bhfeidhm ag an Rialtas seo againne chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn ar beag monatóireacht neamhspleách a dhéantar uirthi. An fadhb í sin agus cén leigheas atá ar an scéal?

Arís ar ais, má fhéachaimid ar scéal Cheanada, ní hionann go baileach na cumhachtaí atá ag Coimisinéirí Teanga ó réigiún go chéile. Ní gá, mar shampla, go mbeadh cumhachtaí ag Coimisinéir Teanga Ottawa (i.e. Coimisinéir Teanga Cheanada, Graham Fraser) iachall a chur ar an Rialtas tuairiscí nó moltaí dá chuid a chur i bhfeidhm, ach tá sé de chumhacht aige – má bhraitheann sé go bhfuil gá leis – institiúidí a thabhairt chun na cúirte agus go dtabharfadh an chúirt ordú dóibh meas a bheith acu ar a gcuid dualgas faoin Acht Teanga agus iad a chur i bhfeidhm. I New Brunswick, áfach, níl an chumhacht sin ag an gCoimisinéir Teanga. Ní féidir leis-sean ach moltaí a dhéanamh leis an Rialtas agus bheadh súil aige go gcuirfí i bhfeidhm ansin iad. Aithnítear an laige seo i dtaca le scéimeanna teanga go háirithe agus b’fhéidir go bhfuil sé in am againn córas Ottawa a chur i bhfeidhm.

Tar éis na mbeart, tá dlíthe tiomána agus bóthair againn agus mura gcloíonn duine leo, tugtar chun na cúirte é. Ba cheart an méid céanna a dhéanamh le hinstitiúidí a dhiúltaíonn a ndualgais teanga a chomhlíonadh le go mbeidh orthu a mhíniú cén fáth nach bhfuil siad á gcomhlíonadh i dtreo is go bhféadfaidh na cúirteanna iachall a chur orthu iad a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh An tOllamh Michel Doucet, Q.C. Ollscoil Moncton, New Brunswick agus Stiúrthóir an International Observatory of Language Rights léacht tráthnóna inniu dar teideal ‘Linguistic Rights in Canada and New Brunswick: the quest for substantive equality’ in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, BÁC.  Is iad Fiontar, DCU agus Cumann Onórach Óstaí an Rí atá ag eagrú na léachta a thosóidh ag 6.00pm.

Fág freagra ar '‘Sáraigh dlíthe bóthair is tabharfar chun cúirte thú; déantar amhlaidh leosan nach gcloíonn le dlíthe teanga’ – Michel Doucet'