Sarah Treasa Clancy, an duine is sine in Éirinn, imithe ar shlí na fírinne

108 bliain d'aois a bhí Sarah, arbh as an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe di

Sarah Clancy Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Sarah Clancy, an duine is sine in Éirinn, imithe ar shlí na fírinne. 108 bliain d’aois a bhí Sarah, arbh as an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe di. Fuair sí bás, go moch ar maidin ina teach ar an Sruthán ar an gCeathrú Rua.

Thug a gaolta le fios go bhfuair sí bás go suaimhneach agus í ina codladh.

Is le deireanaí a fuarthas amach gurbh í Sarah an duine is sine in Éirinn agus ba é Tuairisc.ie a d’fhoilsigh an scéal ar dtús.

Rugadh Sarah ar an 2 Bealtaine 1908 i dteach cois cladaigh ar an Sruthán ar an An gCeathrú Rua ar aghaidh chalafort Ros an Mhíl. Tar éis a cuid scolaíochta agus tréimhse mar chailín aimsire chuaigh Sarah go Dorchester, Boston, in éineacht lena deirfiúr, Anne.

D’fhill Sarah ar an mbaile tar éis bhás Anne i 1988. Thug sí aire dá garchlann go dtí go raibh sí 95 bliain d’aois.

Ar Dheis Dé go raibh a h-anam.

Tá scéal Sarah le léamh anseo.

Fág freagra ar 'Sarah Treasa Clancy, an duine is sine in Éirinn, imithe ar shlí na fírinne'