Seo an duine is sine in Éirinn – Sarah Treasa Clancy, bean Ghaeltachta as an gCeathrú Rua

Is í Sarah Treasa Clancy as an Sruthán ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, atá 108 bliain, an duine is sine in Éirinn. Labhair Tuairisc.ie léi

Seo an duine is sine in Éirinn – Sarah Treasa Clancy, bean Ghaeltachta as an gCeathrú Rua

Sarah Clancy, an duine is sine in Éirinn. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níor thaitin ceiliúradh a lae breithe riamh le Sarah Clancy agus le roinnt mhaith blianta bhíodh freagra gearr gonta aici d’aon duine a chuireadh ceist uirthi faoina haois.

“Cén aois tú, a Sharah?”

“200”.

Nuair a bhí Sarah amach sna nóchaidí chuir bean sa bhanc an cheist chéanna uirthi. ‘Bliain is fiche,’ an freagra a thug sí an lá sin.

De réir mar a chuaigh Sarah in aois is mó a bhí fiosracht agus caint i measc an phobail faoina haois mhór. Ní cuimhin le haon duine dá lucht aitheantais an saol gan Sarah a bheith ann, cé gur chaith sí 50 bliain i Meiriceá.

Ach lá amháin tháinig litir sa phost agus ní fhéadfaí an rún a choinneáil níos mó. Dea-ghuí an Uachtaráin agus seic €2,500 a bhí ann. Bhí an céad bainte amach aici.

Bliain i ndiaidh bliana lean na litreacha ag tuirlingt ar urlár an halla. Bonn airgid eile mar cheiliúradh ar bhliain eile i ngach litir. Tá ocht gcinn de bhoinn ag Sarah anois.

Sea, is í Sarah Treasa Clancy anois an duine is sine in Éirinn.

Rugadh Sarah ar an 2 Bealtaine 1908 i dteach cois cladaigh ar an Sruthán ar an An gCeathrú Rua ar aghaidh chalafort Ros an Mhíl. Bhí sí fós ina leanbh tráth ar tháinig Pádraig Mac Piarais ag cuartú suíomh do theach nua deich míle siar an bóthar. Thóg an Piarsach a theach i Ros Muc nuair a bhí Sarah bliain d’aois.

An tráth sin ní raibh sa Titanic ach ‘caint san aer’ ag an bhfear gnó Bruce Ismay. Bhí Sarah cúig bliana d’aois nuair a cheannaigh Ismay ‘Teach Mór Chasla’ in aice láimhe le héalú ó dhíspeagadh na meán agus an phobail tar éis don long mhí-ámharach dul go tóin poill.

Tá an dáta breithe céanna ag Sarah – an 2 Bealtaine – is a bhí ag duine de mhórlaochra agus d’fhilí Chonamara, Colm de Bhailís. Bhí Colm 110 bliain d’aois nuair a fuair sé bás i 1906. Tá sé sa chaint i gcónaí i gConamara. ‘Go maire tú aois Choilm’ a deirtear le duine ar a lá breithe i gConamara.

Na laethanta seo, agus dhá bliain le dul aici sula mbeidh sí in aois Choilm, is deas le Sarah suí ar a suaimhneas ina teach in éineacht lena nia Petie MacDonagh agus a bhean chéile Patricia. Níor éirigh sí as an siúl go dtí mí Feabhra na bliana seo.  Bíonn loinnir ina súil agus í ag caint leat. Tá féith an ghrinn go smior inti agus bíonn meangadh breá gáire uirthi d’aon chuairteoir a thagann go dtí an teach.

SarahClancy_19-11-2016-1339
Tá ocht gcinn de bhoinn ón Uachtarán ag Sarah, ceann do gach bliain ó bhain sí an céad amach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Céad bliain ó shin, chuidíodh Sarah bheag lena máthair Mary ag réiteach an tí. In éineacht leo sa teach, bhí a hochtar deirfiúracha, a deartháir agus a seanmhuintir, Peter agus Maggie.

Tharraing Sarah feamainn aníos ar na garraíonta agus tharraing sí buicéid ghainimh ón trá nuair a bhí teach nua á thógáil ina hóige.

Bhíodh sí ar an bportach lena hathair agus iad an-mhór lena chéile. Deir Sara go raibh beagán den ‘ardnós’ ag baint lena hathair mar go raibh Béarla aige, rud nach raibh ag mórán daoine eile san am!

Bhí capall agus carr aige ina mbíodh sé ag tarraingt daoine agus earraí. Cheannaíodh sé faochain ó mhuintir na háite le díol i nGaillimh.

D’fhreastail Sarah ar scoil na Ceathrún Rua, áit nár labhraíodh ach Béarla sa rang. Bhí sí cúig bliana d’aois nuair a tháinig Ruairí Mac Easmuinn ar cuairt ar an scoil.

Tar éis a cuid scolaíochta, d’oibrigh sí mar chailín aimsire sa Lodge i gCladhnach.

Ba phoblachtánach gníomhach a deartháir, Patrick, agus is cuimhin léi daoine a bheith sa tóir air. Uair amháin agus Patrick ar iarraidh, thug sagart an Ceathrún Rua teachtaireacht di le tabhairt do shagart Na Mine. Chuir sí an teachtaireacht i bhfolach ina bróg. Ní mó ná sásta a bhí sagart Na Mine lena chomhghleacaí as teachtaire a dhéanamh de chailín óg.  Is cuimhin léi daoine á gcoinneáil ina bpríosúnaigh – idir bhrathadóirí agus lucht an tSaorstáit – sa scioból aimsir “Aimsir na bPúicíní”, le linn chogadh na saoirse. Chuirtí púicín ar dhuine ionas nach n-aithneodh sé cá raibh sé. Chuaigh Patrick go Meiriceá i ndiaidh an chogaidh agus fuair sé bás go hóg in aois a 35.

SarahClancy-
Sarah Treasa Clancy

Agus í ag fás aníos, ní raibh mórán measa ag Sarah ar an bpósadh. Ba ghnách cleamhnas a dhéanamh an t-am sin nuair a thiocfadh fear le buidéal fuisce go dtí an teach. “Ní bean a bhí siad a iarraidh ach asal,” a dúirt Sarah ina bealach neamhbhalbh féin. An rud is mó a mbíodh sí féin ag súil leis ná imeacht go Meiriceá. Rinne sí an beart lena deirfiúr Anne i 1938.

D’fhan siad lena ndeirfiúr Mary i Dorchester, Boston i dtosach ach nuair a fuair siad obair chuaigh siad amach leo féin. Bhí Sarah ag obair mar chócaire agus chuir sí meáchan suas sa chéad aimsir, rud a chuir samhnas uirthi.

Choinnigh sí smacht ar a goile ina dhiaidh sin, a deir sí. Thaitin an faisean iontach léi agus bhíodh sí ag obair sna tithe móra i mBrookline ag lucht an tsaibhris.

Théadh sí féin agus Anne ar saoire go Maine chuile bhliain. Labhraíodh siad Gaeilge le chéile i gcónaí agus bhí Gaeilge an tSrutháin go binn fós ag Sarah nuair a d’fhill sí abhaile i 1988 tar éis bhás Anne.

Choinnigh sí teach agus thug aire do pháistí a nia Petie agus a bhean Patricia. B’aoibhinn léi na páistí agus scríobhadh sí ar ais chucu nuair a scríobhadh siad chuig Santaí.

Níor éirigh sí as a bheith ag déanamh cúram leanaí go raibh sí 95. Na laethanta seo, téann sí anois agus arís go teach altranais Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Nuair a fiafraíodh di anuraidh faoi na daoine eile a bhí ansin, dúirt sí go raibh cuma “an-sean” orthu. Dhiúltaigh sí riamh don chathaoir rotha.

Sa lá atá inniu ann níl uaithi ach cupán tae, tamall comhrá agus a cat ‘Snowy’ a bheith sínte in aice léi ar a leaba.

“Go ngnóthaí Dia dhuit,” a beannacht agus sinn ag imeacht.

Go sáraí laoch nua Chonamara aois Choilm!