Sarah Ghriallais ceaptha ina hamhránaí cónaitheach ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Cuirfear amhráin Sarah leis an gcartlann amhrán sean-nóis atá á cur le chéile ag Ionad an Léinn Éireannaigh san Ollscoil

Sarah Ghriallais ceaptha ina hamhránaí cónaitheach ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá an t-amhránaí sean-nóis Sarah Ghriallais, as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara, ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, don bhliain seo.

Déanfar taifeadadh ar amhráin shean-nóis Sarah agus cuirfear leis an gcartlann sean-nóis iad. Tá an chartlann á cur le chéile le tamall anuas in Ionad an Léinn Éireannaigh san Ollscoil. I measc na n-amhrán a luaitear go mór le Sarah Ghriallais tá ‘Sagart na Cúile Báine’, ‘ Contae Mhaigh Eo’ agus ‘Eileanóir na Rún’.

Beidh ceardlanna á reáchtáil aici ar champas na hOllscoile agus in áiteanna eile i gcaitheamh na bliana agus iad á gcur ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san amhránaíocht ar an sean-nós. Cuirfear tús leis na ceardlanna an tseachtain seo chugainn in Ionad an Léinn Éireannaigh ar Bhóthar na Drioglainne i nGaillimh.

Bhuaigh Sarah Corn Uí Riada sa bhliain 1984 agus tá an duais cháiliúil buaite ag tuilleadh dá muintir chomh maith, a mac Michael, a deirfiúracha Nóra agus Nan agus a neacht Celia. Bhí an sean-nós ag a beirt tuismitheoirí freisin agus is uathu sin a fuair sí a cuid amhrán ar dtús.

Fág freagra ar 'Sarah Ghriallais ceaptha ina hamhránaí cónaitheach ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le Sarah. Is maith an airí uirthi é.