Saothar uaillmhianach, taitneamhach ach is trua gan aon Ghaeilge a bheith ann

An bua is mó atá ag an scannan seo ná an mheitheal iontach aisteoirí a earcaíodh. Mar sin féin, ba mhór an trua nach raibh aon Ghaeilge le cloisint uathu

Pursuit

Pursuit
Stiúrthóir: Paul Mercier
Cliar: Ruth Bradley, Barry Ward, Liam Cunningham, Owen Roe, Brendan Gleeson, Dara Devaney, Dónall Ó Héalaí, Máiréad Conneely, David Pearse, Sorcha Ní Chéide

Tá Darren Ó Murchú tagtha in inmhe gan aon agó. Nuair a chonac ceann feadhna fireann an scannáin den chéad uair, bhí a fhios agam gur aithníos ó áit éigin é. Ba ansin a rith sé liom gurbh é an scoláire suaite a bhí sa ghearrscannán iontach sin, Lipservice (1998).

Tá seacht mbliana déag gafa tharainn ó chuir an táirge úd le Paul Mercier ag machnamh agus ag gáirí sin. Tá an bheirt chéanna i mbun comhghuaillíochta arís sa saothar uaillmhianach seo atá bunaithe ar Thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.

Cuirtear suíomh nua-aimseartha leis an seanscéal miotaseolaíochta. Is piarda mór coiriúlachta é Mr King (Roe), atá in adharca a sheanghiolla gualainne, Fionn (Cunningham). Sin againn Cormac Mac Airt agus Fionn Mac Cumhaill na Fiannaíochta.

Fara cúpla seat do cheantair faoi mhíbhuntáiste agus solas na gealaí á thionlacan, tugann Fionn cur síos ar chúis an aighnis. Tá King anois buailte faoi ina thigh gustalach, a cheantar dúchais tréighte aige agus é mórchúiseach agus lán den éirí in airde. Tá Fionn féin fanta dílis don cheantar agus don phobal.

Sa radharc roimhe, deineadh iarracht é a lámhach agus tá an lasair sa bharrach. ‘Sé Diarmaid ua Duibhne (Ward) a gharda cosanta agus i mír ghreannmhar, chliste leis siúd, Mr Law (Pearse) agus Oisín (Ó Héalaí), déantar iarracht teacht ar réiteach trí cheiliúr pósta a chur ar iníon King, Gráinne (Bradley).

Bíonn go maith agus ní bhíonn go holc go dtí go gcuireann Gráinne Diarmaid faoi gheasa éalú léi. An gheis atá i gceist ná gunna i bpoll na cluaise aige. Tá casadh bainte as carachtar Ghráinne le cabhrú le tréithe agus cnámha an bhunscéil a shleamhnú isteach sa saol nua-aimseartha.

Tagraítear di mar chailín atá míshona, míshocair inti féin agus gurb éigean di tréimhse a chaitheamh in ‘ionad’ éigin. Níl seo féaráilte ar an gcarachtar agus fágtar coiscéim bhacaí sa ghaol rómánsúil idir Gráinne agus Diarmaid, dá bharr.

Ar an gcéad luí súl, thaibhseofaí go bhfuil an-dhealramh idir atmaisféar an scannáin seo agus Love/Hate. B’fhéidir go raibh an táirge ródháiríre agus róshollúnta ar uairibh, seachas ligint don áiféis, scigaithris agus greann an lámh an uachtar a fháil.

Faoi mar is léir ón teideal agus ón scéal miotaseolaíochta, is tóraíocht agus camchuairt bóthar (road trip) atá anseo agus soláthraítear míreanna iontacha (an radharc le Gráinne agus fear ait an tsiopa a luíonn leo), mar aon le macalla a bhaint as logainmneacha an scéil Fiannaíochta.

Ba mhór an trua nach raibh aon Ghaeilge le cloisint, go mórmhór os rud é gur scéal béaloidis a bhí idir chamáin agus go raibh an oiread sin daoine le Gaeilge sa chliar. Dar liom go gcuirfeadh sé le hatmaisféar draíochtúil an scéil.

An bua is mó atá ag an scannán seo ná an mheitheal iontach aisteoirí a earcaíodh agus na taipeántais chuí, chumasacha a mhealltar uathu. Tá gach duine acu ón dá cheann feadhna anuas ar fheabhas, agus cleas na Gaeltachta chomh maith le duine.

Bheadh Cunnigham agus Gleeson molta agus mise im thost; bhí tine bhruite cheart idir Ward agus Bradley agus arís eile tá Devaney agus Ó Héalaí tar éis dul i bhfeidhm go mór orm.

Saothar uaillmhianach, taitneamhach le haisteoireacht den scoth.

Fág freagra ar 'Saothar uaillmhianach, taitneamhach ach is trua gan aon Ghaeilge a bheith ann'