Saothar tuisceanach, ealaíonta faoi dhuine de mhórfhilí na hÉireann

Clár faisnéise faoi leith é Deargdhúil (TG4, Dé Máirt), saothar a thug éachtaint ar shaol agus ar shaothar Mháire Mhic an tSaoi

Máire Mac an tSaoi

Ón gcéad luí súl b’fhuirist a aithint gur clár faisnéise faoi leith é Deargdhúil (TG4, Dé Máirt), saothar a thug éachtaint ar shaol agus ar shaothar Mháire Mhic an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann sa bhfichiú haois.

Bhí damhsa butoh agus freangadh ó Maureen Fleming mar mheafair agus mar léiriú ar an ábhar corraitheach, coiscthe a bhí idir chamáin ag Mac an tSaoi agus baineadh úsáid ealaíonta as an nochtacht ar bhealach a chuir abhaile orainn gur saothar é seo a bhí teann as féin.

Deineadh an t-ábhar á chniotáil le chéile gan dul i dtuilleamaí na tráchtaireachta agus ba mhaith mar mhaise ar na dánta an ceol nuachumtha ó Cholm Mac Con Iomaire. Ba mhaith leis Olwen Fouére mar ‘ghuth’ Mháire agus baineadh úsáid chuimsitheach, éifeachtach as ábhar cartlainne. Gan amhras chuaigh na dánta féin i bhfeidhm go mór orainn agus iad á n-aithris ag Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Fágfaidh mé faoi lucht an léinn agus an tsaineolais léirmheas a thabhairt ar shaothar Mháire ach ní fhéadfadh fiú aineolaí cosúil liom féin  gan cumhacht agus cumas a cuid filíochta a aireachtáil; ‘Codladh an Ghaiscígh’, Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’ agus na línte taibhsiúla sin faoin dtigh tréigthe i nDún Chaoin – ‘Má b’é seo tráth mo bhaile/Táim gan baile feasta’.

Ní hé an ‘strapaire fionn’ amháin a spreag an file seo.

Déeineadh trácht ar a gaol lena hathair, Seán McEntee, agus a huncail, Pádraig de Brún, fear go mba gheall le hathair é agus labhair Máire go cumhach faoina fear céile nach maireann, Conor Cruise O’Brien, nó Conchúr mar a thugann sí air go ceanúil, Dhein an file cur síos suimiúil ar an gconspóid a bhain lena gcaidreamh, agus, ní nach ionadh, labhair sí faoi Chorca Dhuibhne.

Ní bhíonn gá le tráchtaireacht nuair atá cainteoir chomh deisbhéalach, tomhaiste le Máire os do chomhair, go mórmhór agus file eile, Louis de Paor, á tathaint. Bhaineas súp thar na bearta as gach léargas agus carúl a chaith sí inár dtreo.

Deir sí féin gur saibhre i bhfad a Gaeilge Dhuibhneach, canúnach ná a Béarla cathrach, meánaicmeach. N’fheadfá gan aontú léi nuair a thabharfá fé ndeara go bhfuil macántacht, tíriúlacht, nádúrthacht agus gearradh ag baint lena hionchur as Gaeilge nach bhfuil le sonrú ina ráitis Bhéarla.

Is mar seo thíos a labhair sí faoin gconspóid a ghin a gaol le Conor Cruise O’Brien agus a gcinneadh pósadh.

‘Cad eile a bhí le déanamh agam? Cá bhfaighinn fear eile? An dtuigeann tú? Faoi mar a deirim i gcónaí tá sé deacair go maith cailíní meabhracha a chur i gcrích maidir le pósadh. Ní rabhas chun mo sheans a scaoileadh le sruth.’

An bhféadfaí a leithéid a rá i mBéarla?

‘In am an ghátair’  a scríobhann sí dánta, a deir sí. ‘Ní scríobhaim ach amháin nuair nach bhfuil aon leigheas agam air. Go mbraithim go bhfuil an cumha, nó uaireanta, an t-áthas róthréan agus go scoiltfidh rud éigin muna scaoiltear amach é.’

Taibhsíodh dom chomh maith go raibh rud éigin léanmhar ag baint lena cuid tuiscintí ar an nGaeilge agus a pobal léitheoireachta, go mórmhór do dhuine a fuineadh agus a fáisceadh as an gceantar ar a bhfuil sí ag trácht.

Dar léi go mbíonn sí ag scríobh do dhomhan agus pobal nach ann dó a thuilleadh; í sáinnithe idir dhá shaol, an fíorshaol agus an ceann ‘that continues only inside my head’.

Is í ag éirí chun coinlíochta i nDún Chaoin ba gheall le filíocht í an chaint a bhí ina timpeall agus gach éinne in ann véarsaí a chur i dtoll a chéile. An feirmeoir ag taoscadh leaba phrátaí ach ina scioból samhlaíochta ‘ag foirfiú an rud a déarfadh sé tráthnóna’.

Is saothar é seo a thugann faoina ábhar go tuisceanach, eolgaiseach agus go healaíonta.

Fág freagra ar 'Saothar tuisceanach, ealaíonta faoi dhuine de mhórfhilí na hÉireann'

  • padraig

    ‘leanmhar’ an aidiaicht a oireann go maith dhuinn mar chine tri cheile. Fuaireas hein spleachadh ar an saibhreas ceanna sin a raibh Maire fe gheasa aige, leis. La da rabhas ag siul siar i dtreo Bhaile na Ratha casadh an Pound orm (trocaire air, a Thiarna). Bhiosa sna deaga luaithe ag an am agus bhi Pound scothchrionna go maith, fe mar a mheasas. Bhi stuaire ‘nar gcoinne aniar ar rothar agus bheannaiodar go tlaith da cheile. Thogas ceann den mbeannu a dheineadar agus arsa mise go saonta leis an bPound, ‘Bhfuil aithne agat uirthi sin a Sheain?’ ‘ Ta mhuise a bhuachaill, ar se, aithne mhaide ramha leis an bhfarraige!’ Thog se tamall orm an bolgam brea sin a dhilea dar ndo’. Sea, d’imigh sin is thainig seo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An léirmheas ar chlár íontach. Ach chomh maith le creidiúnt a thabhairt do Louis de Paor, is ceart creidiúnt a thabhairt don Astráileach a chuir an clár le chéile, Paula Kehoe. Bhí Paula agus Louis i láthair nuair a taispeánadh ‘Deargdhúil’ ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, Indreabhán an tseachtain seo caite agus ghlac sí páirt le Louis sa phlé ina dhiaidh.

    Bhí an damhsa nochtach draíochtúil ar an scáileán mór.