Saothar nua na n-údar faisin agus stíle – na seacht gcinn is fearr

Pretty Iconic le Sali Hughes ar €31.99 Tugann an saineolaí aitheanta ar chúrsaí áilleachta liosta sa leabhar seo de bhreis agus 200 táirge a bhfuil stádas mórchlú acu agus atá ar na hearraí is fearr agus is éifeachtaí a mbeadh suim iontu ag duine ar bith ar spéis leis cúrsaí faisin agus stíle. Bhain mé […]

Saothar nua na n-údar faisin agus stíle – na seacht gcinn is fearr
  1. Pretty Iconic le Sali Hughes ar €31.991

Tugann an saineolaí aitheanta ar chúrsaí áilleachta liosta sa leabhar seo de bhreis agus 200 táirge a bhfuil stádas mórchlú acu agus atá ar na hearraí is fearr agus is éifeachtaí a mbeadh suim iontu ag duine ar bith ar spéis leis cúrsaí faisin agus stíle. Bhain mé féin an-sásamh as an gcéad leabhar a scríobh Sali Hughes ‘Pretty Honest’ agus creidim fós gur bíobla é maidir le stil bheatha do chuid mhór ban ar fud an domhain. Tá an chiall agus an tuiscint céanna sa leabhar nua seo ina bpléann sí táirgí chomh héagsúil le Johnson’s baby lotion, an cumhrán clasaiceach Chanel No 5 agus smideadh Charlotte Tilbury. Tugann sí breithiúnas cothrom ar na táirgí ar fad agus molann sí na cinn is fiú a cheannach. Go simplí, tá comhairle stuama faoin iliomad gné den saol sa leabhar nua seo agus is saothar é atá éasca le léamh agus a bhfuil greann ag baint leis.

  1. Face by Pixiwoo le Sam agus Nic Chapman ar €25.992

Tá an leabhar nua seo scríofa ag an mbeirt deirfiúracha aitheanta as Norwich i Sasana a sheol an cainéal cáiliúil Pixiwoo faoi chúrsaí smididh ar YouTube sa bhliain 2008. Bhí sé mar aidhm acu ar an gcainéal físe oiliúint agus traenáil a chur ar mhná agus ar fhir maidir le húsáid smididh; anois, tá an saineolas sin bailithe le chéile faoi chlúdach amháin sa leabhar nua seo. Tá os cionn 2 mhilliún de lucht leanta ag an mbeirt bhan seo ar na meáin shóisialta agus ní hiontas ar bith é sin – tugann siad leideanna agus nodanna iontacha ar fad le cabhrú le gach deacracht smididh a shárú. Is lámhleabhar iontach é seo atá lán le pictiúir agus é an-fheiliúnach don té nach bhfuil mórán cleachtaidh acu ar smideadh nó ar mian leo dul sa seans le rud nua a thriail.

  1. Nasty Galaxy le Sophie Amoruso ar €20.003

Tá cáil an-mhór ar an údar Meiriceánach Sophia Amoruso a scríobh an leabhar #GIRLBOSS roinnt bheag blianta ó shin ach tá réimse níos leithne ná stíl agus éadach i gceist sa saothar nua aici. Bíobla don bheatha atá i Nasty Galaxy. Ar leibhéal amháin, d’fhéadfá a rá gur leabhar gearrthóg atá ann ach ar leibhéal eile is leabhar fealsúnachta saoil é. Tugann sí aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí oibre, cúrsaí caidrimh agus cairdis chomh maith le cúrsaí faisin agus stíle. Leabhar lándaite é seo atá lán le léaráidí agus ábhar grinn i bhfolach san ábhar machnaimh ann.

  1. The Coveteur: Private Spaces, Personal Style le Stephanie Mark & Jake Rosenberg ar €28.994

Tá an leabhar nua seo bunaithe ar an suíomh gréasáin an-cháiliúil faoi chúrsaí faisin. Tugann breis agus 4 mhilliún duine cuairt gach mí ar TheCoveteur.com le pictiúir agus scéalta a fheiceáil faoi réalta agus daoine mór le rá. Bíonn béim ar rogha fhaiseanta éadaigh, smideadh ar ardchaighdeán agus na réalta seo faoi agallamh ina n-áiteanna cónaithe féin. Tá léargas ar 43 duine, ar dearthóirí, mainicíní nó saineolaithe faisin mór le rá iad agus ar cheannródaithe stíle iad sa leabhair nua seo. Tá an saothar curtha ar fáil sa stíl ar a dtugtar ‘leabhar tábla caife’ agus ina measc sin a bhfuil aird dírithe orthu tá Cindy Crawford, Bobbi Brown, Christian Louboutin agus Tommy and Dee Hilfiger. Dhéanfadh an leabhair seo bronntanas álainn do dhuine ar bith gur spéis leis cúrsaí faisin agus stíle.

  1. Hair le Sam McKnight ar €35.005

An gruagaire cáiliúil Sam McKight a bhfuil 40 bliain taithí aige i ngnó na gruagaireachta a bhailigh ábhar an leabhair seo le chéile. Go bunúsach d’fhéadfaí a rá gur leabhar staire é sa mhéid is go dtugann sé tuiscint dúinn ar an mbealach ar athraigh stíleanna gruaige in imeacht na mblianta. Tá iliomad pictiúr sa leabhair de réalta móra an ama, ina measc an Bhanphrionsa Diana, Madonna, Kate Moss agus go leor uile – ach an bhéim i ngach cás ar a gcuid gruaige. Tá an leabhar roinnte i dtéamaí éagsúla agus tá tráchtaireacht tugtha ag McKnight ar na téamaí sin.

  1. Eat Yourself Fit le Rosanna Davison ar €19.996

D’éirigh thar cionn leis an gcéad leabhair ‘Eat Yourself Beautiful’ ón mainicín cáiliúil as Baile Átha Cliath a bhuaigh gradam Miss World tráth; seo saothar nua aici agus an bhéim ar aclaíocht an uair seo. Leabhar cócaireachta atá anseo agus os cionn 100 oideas ann. Cabhróidh an leabhair seo le duine leibhéal aclaíochta breise a bhaint amach agus tá neart cleasa agus nodanna tugtha le cabhrú le duine lena gcuid sláinte – idir cholainn agus intinn – a fheabhsú.

  1. Pippa: Simple Ways to Live Beautifully le Pippa O’Connor ar €16.997

Scríobh me faoi Pippa anseo roinnt seachtainí ó shin nuair a seoladh an leabhar nua seo uaithi. Thuar mé ag an am nach fada go mbeadh sé ar bharr liosta na leabhar is mó díol sa tír agus bhain sé an gradam sin amach gan deacracht ar bith. Tá an-bhéim aici ar chomhairle mhaith a thabhairt le saol sláintiúil, folláin a chaitheamh, meanma mhaith a bheith ag daoine agus cuma na háilleachta a bheith orthu i gcónaí. Is cruthú ar fhiúntas an leabhair seo an líon cóipeanna atá díolta cheana féin agus fad na scuainí gach uair a mbíonn Pippa O’Connor ag síniú cóipeanna i siopaí leabhar ar fud na tíre.

 

Fág freagra ar 'Saothar nua na n-údar faisin agus stíle – na seacht gcinn is fearr'