Saothar Hitchens lán den saeva Indignatio… agus den ghrá

LÉIRMHEAS: Tá na mothúcháin a spreagann cnuasach nua le Christopher Hitchens chomh láidir sin, go mbraithfeá go bhfuil sé fós linn

Christopher Hitchens

An Yet…Essays, le Christopher Hitchens (London: Atlantic Books, 2016).

Cúpla bliain sular cailleadh go róluath é, scríobh an t-údar Meiriceánach David Foster Wallace aiste iomráiteach mar gheall ar an gcumhacht a bhíonn ag an teilifís ar an duine. Dar le Wallace go gcruthaíonn an teilifís ‘caidreamh bréagach’(‘false sense of intimacy’) idir an lucht féachana agus lucht an scáileáin. D’fhéadfá an rud céanna a rá faoin iriseoireacht. Léimid ailt leis na hiriseoirí céanna gach maidin, mothaímid go bhfuil an-aithne againn orthu, agus braithimid uainn iad nuair a imíonn siad ar shlí na fírinne.

B’amhlaidh an scéal é i gcás Christopher Hitchens (1949-2011), an t-iriseoir cáiliúil Sasanach a chaith cuid mhór dá shaol i Meiriceá. Bhí sé de bhua aige gur éirigh leis le gach alt dár scríobh sé mothúcháin láidre a mhúscailt, mothúcháin a chuaigh i bhfeidhm ar a lucht tacaíochta agus lucht a cháinte araon. Fuair sé bás anabaí in 2011, ach foilsíodh an cnuasach deireanach óna pheann i mbliana. Agus, mo léan, is féidir cré na cille a bhlaiseadh air go cinnte.

Ach más ea, spreagann na haistí ilghnéitheacha in And Yet… Essays (Atlantic Books) na seanmhothúcháin láidre chéanna. Agus, go deimhin, is ann i gcónaí do ghreann iontach Hitchens.

Scríobh sé trí aiste iontacha don iris Vanity Fair ina ndéanann sé cur síos ar a chuid iarrachtaí snas a chur ar a chorp, ar a chuid gruaige agus ar na fiacla a bhí aige ón NHS. Chaith sé cúpla seachtain i spá san óstán cáiliúil The Four Seasons – The Biltmore i Santa Barbara, California, áit a bhfuil cosc iomlán ar thoitíní agus ar alcól. Faoi dheireadh a chuairte, mhaígh an Hitch ‘nua’:

Christopher Hitchens2

‘As I look back on my long and arduous struggle to make myself over, and on my dismaying recent glimpses of lost babyhood, I am more than ever sure that it’s enough to be born once, and to take one’s chances, and to grow old disgracefully.’

Ba mhór ag Hitchens an fhearg agus an doicheall ad hominem (thug Jonathan Swift saeva Indignatio ar an mothúchán sin), agus cuirtear é sin in iúl go glinn glé agus Hillary Clinton á cáineadh aige.

‘What do you have to forget or overlook in order to desire that this dysfunctional clan once more occupies the White House and is again in a position to rent the Lincoln Bedroom to campaign donors and to employ the Oval Office as a massage parlor?’

Tugtar an drochíde chéanna do mhuintir Uí Chinnéide in aiste shuimiúil eile a bhaineann le Arthur Schlesinger, duine de na comhairleoirí sinsearacha i gcúirt Camelot. Ba léir do Hitchens gur uachtarán coimeádach é JFK, go háirithe maidir leis an gcos ar bolg a bhí á imirt ar dhaoine gorma i Meiriceá:

‘…Schlesinger was in the room when the Leader of the Free World complained to Martin Luther King and A. Philip Randolph that Sheriff ‘Bull’ Connor ‘has done more for civil rights than anybody else’, and that proposing a March on Washington was like forcing him to negotiate at gunpoint.’

Ach tá mothúchán tábhachtach eile le braistint ar shaothar Hitchens, sin an grá. Grá dá chairde, cosúil le Salman Rushdie, grá do thraidisiún an liobrálachais Mheireánaigh sa First Amendment (a dhéanann foráil don tsaoirse cainte agus don tsaoirse creidimh), grá do litríocht a thíre dhúchais, ba chuma Orwell nó Larkin nó Dickens nó Naipaul féin a bhí i gceist, agus faoi dheireadh, an grá a bhí aige do na comhráite glóracha a bhíodh aige istoíche leis na hintleachtóirí éagsúla a mbíodh dinnéar aige leo.

Is deacair gan suntas a chur in alt amháin sa chnuasach seo, alt a scríobh sé a fhad is a bhí sé á ‘athnuachan’ féin i Santa Barbara.

‘A voice began to speak insistently inside my skull: You aren’t going to live to spend a dime of these royalties,’ a deir sé i dtaobh an airgid a thuillfeadh sé óna dhírbheathaisnéis Hitch-22.

Fuair sé bás trí bliana tar éis dó an líne sin a scríobh. Ach dála scata beag scríbhneoirí eile, tá Hitchens fós inár dteannta. Mar a dúirt Richard Ellmann faoi phearsa Oscar Wilde, buailimid leis gach maidin fós ‘with parables and paradoxes, so generous, so amusing, and so right’.

Fág freagra ar 'Saothar Hitchens lán den saeva Indignatio… agus den ghrá'