Saothar corraitheach a raibh téagar staire ann a bhí i ‘Trial of the Century’

Ba dheas agus ba chaolchúiseach mar a tagraíodh d’imeachtaí an Éirí Amach agus na ceisteanna a lean i mórdhráma ‘1916’ TV3

Trial of the Century

Seo an tríú saothar drámaíochta bunaithe ar eachtraí 1916 atá tagtha os ár gcomhair ó thosach na bliana.

Tá luach a leathphingine caite isteach ag RTÉ agus TG4 cheana féin, ach tá an meall mór ar deireadh againn le táirge corraitheach ó cheárta TV3, Trial of the Century (Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus aréir).

Tá glacadh forleathan leis go bhfuil sobalchlár TV3, Red Rock, i bhfad Éireann níos cumasaí ná sobalchlár RTÉ agus go raibh a maitheasaí féin ag baint le saothair amhail The Guarantee, Deception agus na scannáin Jack Taylor. Ina ainneoin sin níl dea-theist na drámaíochta ar TV3.

Cuirfidh an saothar seo é sin ina cheart.

Níor chuir an chéad ghála den tsraith trí chlár aon am amú ach an cur chuige a leagadh síos ar an bpointe. ‘Cur i gcás’ is ea coincheap an chláir le Padraig Mac Piarais ar a thriail seachas á chur chun báis sa ‘Stonebreakers Yard’.

Coincheap áiféiseach ach curtha i gcrích go cliste, cumasach, machnamhach agus téagar ann ó thaobh na staire leis. 

Chuir Tom Vaughan-Lawlor an Piarsach ina steillbheatha os ár gcomhair, é idéalach, stobarnáilte, deisbhéalach agus gafa leis an mairtíreacht. Thug Lawlor taispeántas den chéad scoth uaidh ó thús deireadh agus d’éirigh leis dul go smior sa charachtar.

Lucht an ionchúisimh a bhí i lár an aonaigh sa chéad ghála, an lucht cosanta sa dara gála agus giúiré de phearsana an lae inniu ag tabhairt a mbreithiúnas sa tríú gála.

Ba dheas agus ba chaolchúiseach mar a tagraíodh d’imeachtaí na tréimhse; John Redmond á cheistiú faoin Rialtas Dúchais, General William Lowe á cheistiú faoin 15 a maraíodh ar ‘North King Street’ agus James Connolly ag cur síos ar thionóntáin Bhleá Cliath.

Ina theannta sin, bhí tagairtí tútacha do ghnéasacht an Phiarsaigh.

Cé go raibh óráidí an Phiarsaigh méaldrámata ar uairibh chuireadar an ghruaig ina seasamh ar chúl do chinn, go mórmhór an ceann ag tosach an dara gála.

Suíomh drámata í an chúirt i gcónaí agus is láthair iontach í an Chúirt ar Shráid na Faiche i Margadh na Feirme. Is oiriúnach an mhaise é gurbh í an chúirt seo a roghnaíodh óir san áit chéanna a bhí Wolfe Tone agus Robert Emmet ar a dtriail.

B’uirlisí éifeachtacha iad na haturnaetha le hábhar cigilteach a chíoradh go deisbhéalach.

Go deimhin más aon comhartha an dúil mhíchuíosach atá i dtáirgí cosúil le Making a Murderer agus American Crime Story tá an-ghoile ar na saolta seo do dhrámaíocht cúirte.

Cé gur fhág an struchtúr seo rian an dráma stáitse ar an saothar d’éirigh leis an script shnoite, phaiteanta sinn a choimeád ar tinneall.

Bhaineas súp thar na bearta as an trasnaíl dheisbhéalach sa chúirt agus taobh amuigh di. A leithéid seo nuair atá an Piarsach agus a abhcóide in adharca a chéile: ‘What’s important is picking your battles; unlike you (Pearse) and your friends I’d prefer to win mine.’

Go deimhin bhí cúpla focal Gaelainne againn. 

Mheasas go n-imeodh an tríú gála ar bóiléagar ábhairín ach bhaineas sásamh as im ainneoin féin. Bailíodh giúiré de phearsana an lae inniu lena marana a dhéanamh agus breith a thabhairt. Ba choincheap úrnua, misniúil an struchtúr seo.

Ní nach ionadh is dáréag a earcaíodh: Patrick Geoghegan, Lynn Ruane, Elanor Tiernan, Colm O’Gorman, Damien Dempsey, Emma Dabiri, Una Mullally, Oisín McConville, Justine McCarthy, Nick Leeson, Michael Nugent agus Pat Kenny mar chathaoireach.

Pléadh fiúntas agus dlisteanacht an Éirí Amach is é measctha le dearcthaí na bpearsan éagsúil agus an t-ábhar ficsin. Bhí éagsúlacht mhaith cúlraí agus dearcthaí ag an mheitheal agus iad ar fad deisbhéalach agus teanntásach. D’fhág sin teas sa phlé go minic, rud a bhí riachtanach.

Ar an iomlán ba shaothar corraitheach é seo a raibh téagar staire agus ábhar machnaimh ag baint leis.