AN KLONDIKE: Saothar ceannródaíoch, misniúil bainte as as seánra seanchaite

Cé go bhfuil coiscéim bhacaí sa luas ar uairibh agus go bhfuil an saothar eipeasóideach in áiteanna, is táirge é seo atá in ann é a fhéachaint le céilithe comhraic atá i bhfad Éireann níos gustalaí, a deir ár gcolúnaí

AN KLONDIKE: Saothar ceannródaíoch, misniúil bainte as as seánra seanchaite

An Klondike

An Klondike

Stiúrthóir: Dathaí Keane

Cliar: Owen McDonnell, Dara Devaney, Seán T. Ó Meallaigh, Robert O’Mahoney, Siobhan O’Kelly, Ian Toner, Megan Riordan, Séamus Hughes, Julian Black, Bríd Ní Neachtain

Tar éis dom an scannán seo a fheiscint, thosaigh an focal ‘misneach’ ag ráthaíocht im’ intinn. Ba mhisniúil an mhaise é tabhairt faoina leithéid de scéal lena leithéid de shuíomh agus bhí an tréith chéanna le feiscint sa scríbhinn agus sa léiriú araon. Ní saothar é seo atá in áit na leathphingne. Níl ná an diabhal é.

Deirtear linn gurb é seo an chéad scannán faoin Iarthar fiáin a deineadh in Éirinn. I gConamara seachas in iarthuisceart Cheanada atá sé lonnaithe agus déanann meitheal an scannáin seo iarracht fhónta a gcuid féin a dhéanamh d’iomaire atá treafa go rímhinic. 

Agus saothar Micí Mac Gabhann, Rotha Mór an tSaoil, agus foinsí staire mar bhunchloch acu, tugtar faoi scéal a bhaineann le fuadar óir Klondike i ndeireadh na naoú aoise déag.

Meastar gur thug tuairim is 100,000 duine faoin gceantar i rith na tréimhse sin, na mílte Éireannach ina measc agus, ní nach ionadh, bhí Gaeilge ag lear maith acu.

Luaigh an stiúrthóir Dathaí Keane go raibh leithéidí Deadwood agus Boardwalk Empire mar shlat tomhais acu agus iad ag iarraidh ficsean a bhaint as eachtraí agus pearsana staire.

Ag tús an scannáin (craolfar ar TG4 é mar shraith ceithre chlár), címid beirt de dheartháireacha Connolly ó Ros Muc, Tom (McDonnell) agus Séamus (Devaney), ag tochailt airgid faoi thalamh i Montana fad is atá an deartháir eile, Pádraig (Ó Meallaigh) ag tabhairt aire dá n-athair.

An tráthnóna sin agus iad ag gabháil aníos, tá orthu a gcuid éadaí a bhaint díobh le cinntiú nach bhfuilid ag gadaíocht. Faightear airgead i seilbh Shéamuis agus tarraingítear raic. Seo an chéad éachtaint dúinn gur táirge réalaíoch é seo ná cuirfidh fiacail ann.

I ndiaidh caimeo beag ó Mháirtín Jamsie Ó Flaithbheartaigh, tugtar aghaidh ar bhaile Dominion sa Klondike. Buailtear le meascán mearaí de charachtair ansin agus téann na deartháireacha in adharca a chéile agus na mbithiúnach.

Téann snáthanna den scéal ar bhóiléigear ach san iomlán, tugtar léagas cruinn agus taitneamhach dúinn ar eispéireas na na n-eisimirceach agus na siritheoirí, leis an nGaeilge i lár an aonaigh. 

Cé go bhfuil coiscéim bhacaí sa luas ar uairibh agus go bhfuil an saothar eipeasóideach in áiteanna, is táirge é seo atá in ann é a fhéachaint le céilí comhraic atá i bhfad Éireann níos gustalaí.

Tógadh baile bréagach congarach d’Uachtar Ard agus cruthaítear baile fuadar óir atá inchreidte agus réalaíoch. Bhíos an-tógtha leis an gcéad radharc de Shéamus ag siúl tríd an mbaile. Tá tírdhreach dearóil Chonamara iontach mar ionadaí don Klondike agus tá scannánaíocht álainn déanta leis an táirge.

Bhí sé deas an Ghaeilge a chlos agus a fheiscint i suíomh réalaíoch, stairiúil agus d’oibrigh an cur chuige dhátheangach. Go deimhin, bhí i bhfad Éireann níos lú Béarla anseo ná mar a shamhlaíos a bheadh.

Tá cliar cumasach bailithe le chéile agus tugann an triúr ceann feadhna taispeántais ábalta uathu le leithéidí Siobhan O’Kelly agus Séamus Hughes ar fheabhas chomh maith.

Tá éirithe le meitheal Klondike saothar ceannródaíoch, misniúil a bhaint as seánra seanchaite.

An Klondike curtha chun cinn chuig IFTA le súil go roghnófar é le cur san iomaíocht sa chatagóir ‘An Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta’ ag gradaim na nOscar an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'AN KLONDIKE: Saothar ceannródaíoch, misniúil bainte as as seánra seanchaite'