Saothar an-chuíosach é Goodbye Christopher Robin

Saothar é Goodbye Christopher Robin a thugann cuntas truacánta ar bhunús saothair a shamhlaítear le soineantacht agus aeracht na hóige

Saothar an-chuíosach é Goodbye Christopher Robin

Goodbye Christopher Robin

Stiúrthóir: Simon Curtis

Cliar: Domhnall Gleeson, Margot Robbie, Will Tilston, Kelly Macdonald, Alex Lawther.

I 1941 tagann teileagram ’on tigh chuig A.A. Milne (Gleeson) ar a fheirm in oirthear Sussex. Fógraítear ann, go giorraisc, neamhbhalbh, go bhfuil a mhac ar iarraidh sa chomhrac. Aithníonn a bhean (Robbie) ón bpíosa páipéir agus cuntanós a fir, cad í an teachtaireacht; táthar ag glacadh leis go bhfuil an t-aon leanbh atá acu, Christopher Robin, marbh.

Cruthaítear atmaisféar an bhróin agus an duaircis in Goodbye Christopher Robin ón gcéad luí súl mar sin agus fanann na mothúcháin sin linn go ceann scríbe. Is ait sin do shaothar atá bunaithe ar cheann de na leabhair páistí is mó ráchairte riamh ar fud an domhain.

File, drámadóir agus úrscéalaí ba ea A.A. Milne a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Luigh eachtraí an chogaidh úd go trom air ar feadh na mblianta. I gcúpla radharc agus iardhearcadh címid rian den neamhord struis iarthrámaigh agus i ndreas cainte amháin tugann sé fogha fíochmhar fúthu siúd a mhórann an chogaíocht. Go deimhin i 1934 tháinig an leabhar Peace and Honour óna pheann, saothar a dhein cáineadh géar ar an gcogaíocht. Nuair a chuireann tú an teileagram úd, ráitis fhrithchogaidh a mhná, agus leathbhádóir atá, ach oiread leis féin, ciaptha ag an gcogaíocht, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil téama soiléir ag éirí thiar as an táirge.

Ceannaíonn Milne feirm in oirthear Sussex féachaint an bhféadfadh síocháin na tuaithe é a sheoladh ar bhóthar a leasa. Airíonn a bhean, Daphne, uaithi an chathair agus léirítear an bhean chéanna mar dhuine suarach nach bhfuil aon mháithriúlacht ag baint léi. I radharc amháin agus í ag cásamh gur bheag nár mharaigh an bhreith í, caitheann buime Macdonald slais tharcaisneach léi á rá: ‘a cow can give birth’. Go deimhin ’sí an bhuime, Olive, a dhéanann an buachaill óg a thógaint agus is mó cion atá aige uirthi ná mar atá aige ar a mháthair.

Soláthraítear cúpla radharc álainn ina bhfuil an gaol idir an t-athair agus mac ag athrú agus ag neartú. Is as sin a eascraíonn coincheap Winne-the-Pooh agus is beag a shamhlaigh éinne den bheirt acu an dúil mhíchuibheasach a chuirfeadh an pobal sna ceithre leabhar neafaiseacha. Go deimhin dhein an béirín beag obair uile Milne a shlogadh, rud a chuir conach air. Go deimhin ba iad an buachaill, agus go deimhin an béirín, na laochra, na réalta, agus fágadh an scríbhneoir in áit na leathphingine.

Léirítear go truacánta an tionchar a bhí ag an bhfeiniméan foilsitheoireachta seo ar an mbuachaill óg, atá curtha inár láthair go paiteanta ag Will Tilston. Le himeacht ama glacann sé col leis na leabhair óir go bhfuilid tar éis a óige a mhilleadh. Bulaíocht agus magadh ar scoil agus ina dhiaidh sin féin, leanann an rath na leabhar. Is corraitheach an pictiúr a thugtar dúinn.

Ag an am céanna tá sé deacair léamh ar Milne (Gleeson); é beagfhoclach, scoite amach ach a ghrá dá mhac soiléir ag an am céanna. Saothar an-chuíosach é seo a thugann cuntas truacánta ar bhunús saothair a shamhlaítear le soineantacht agus aeracht na hóige.

Fág freagra ar 'Saothar an-chuíosach é Goodbye Christopher Robin'