‘Saor bád’ as Carna agus ‘Loch i gCorca Dhuibhne’ le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath

Tá idir €70,000 agus €100,000 curtha mar bhunphraghas ar ‘The Boat Builder’ le Jack B Yeats agus idir €60,000 agus €80,000 atá á lorg ar A Kerry Lake, Dingle Peninsula leis an ealaíontóir Feirsteach Paul Henry

‘Saor bád’ as Carna agus ‘Loch i gCorca Dhuibhne’ le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath

‘The Boat Builder’ le Jack Butler Yeats

Beidh pictiúr le Jack B. Yeats de shaor bád as Conamara i nGaeltacht na Gaillimhe agus saothar le Paul Henry ina bhfuil loch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne á gcur ar ceant ag Adam’s i mBaile Átha Cliath amárach.

Tá idir €70,000 agus €100,000 curtha mar bhunphraghas ar ‘The Boat Builder’ le Yeats agus idir €60,000 agus €80,000 an bunphraghas atá á lorg ar A Kerry Lake, Dingle Peninsula leis an ealaíontóir Feirsteach Paul Henry.

Tá saothar leis an ealaíontóir Gaeltachta as Toraigh, James Dixon, Figures with Flags a rinneadh in 1966, 50 bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, á dhíol freisin ag Adam’s amárach. Táthar ag súil le idir €2,500 – €3,500 ar an saothar sin.

Tá an saothar seo i seilbh Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruairí, ach níl a fhios aige féin ná ag duine ar bith eile a raibh aithne aige ar an ealaíontóir cé hiad na daoine atá le feiceáil ann. Meastar gur íomhá ó óige Dixon atá in Figures with Flags .

A Kerry Lake, Dingle Peninsula le Paul Henry

Sa phictiúr le Jack Butler Yeats tá bean agus fear i gConamara le feiceáil agus iad ag breathnú ar bheirt saor bád i mbun a gceirde ar chladach Chonamara. Rinneadh an saothar i 1923 ach tá sé bunaithe ar sceits a rinne an t-ealaíontóir i gCarna fiche bliain roimhe sin.

Tháinig Jack B Yeats agus J M Synge go hiarthar na hÉireann i dtús an tsamhraidh sa bhliain 1905 agus iad fostaithe ag an Guardian chun sraith alt agus pictiúr a sholáthar don nuachtán sin faoi shaol mhuintir Chonamara agus faoi obair Bhord na gCeantar Cúng a bhí ag fóirithint ar an bpobal ag an am. I measc na n-áiteanna ar a dtugadar cuairt, bhí An Spidéal, An Cheathrú Rua, ceantar na nOileán agus Carna. Le linn na cuairte ar Chonamara, dhein Yeats sceitsí de dhaoine a casadh orthu agus de thírdhreach an cheantair agus foilsíodh i dteannta a shaothair tráchtaireacht ó Synge ar a dturas.

Díoladh pictiúr ‘Gaeltachta’ eile a rinne Yeats dár teideal ‘The Boat Builder’ ag ceant de chuid Christie’s i Londain in 2015. €600,000 a íocadh ar an saothar sin, ar pictiúr de shaor bád freisin é. Bhí na ceantálaithe ag súil le idir £300,000 agus £500,000 ar an saothar ach fuarthas £422,500 (€600,000) sa deireadh air.

Fág freagra ar '‘Saor bád’ as Carna agus ‘Loch i gCorca Dhuibhne’ le cur ar ceant i mBaile Átha Cliath'