Saoirse Chontae Dhún na nGall le bronnadh ar Shéamus Coleman inniu

Bronnfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall an gradam ar fhear na gCealla Beaga i dTeach an Chontae

Saoirse Chontae Dhún na nGall le bronnadh ar Shéamus Coleman inniu

Seamus Coleman. INPHO/James Crombie

Bronnfar saoirse Chontae Dhún na nGall inniu ar an imreoir sacair de chuid na hÉireann Séamus Coleman. Bronnfaidh Cathaoirleach na Comhairle Contae agus comhairleoirí contae eile an gradam ar Coleman ag ócáid speisialta ag Teach an Chontae i Leifear amárach.

Is as na Cealla Beaga ó dhúchas é Coleman agus thosaigh sé amach ag imirt don fhoireann áitiúil, St. Catherine’s, nuair a bhí sé óg. Chuaigh sé ar aghaidh chun imirt le Ruagairí Shligigh i Sraith na hÉireann sular bhog sé go Everton i bPríomhroinn Shasana. D’imir Coleman d’fhoireann na hÉireann den chéad uair in 2011 agus tá os cionn 40 cluiche imeartha aige don fhoireann náisiúnta ó shin. Ainmníodh mar chaptaen na foirne anuraidh é i ndiaidh do Robbie Keane éirí as.

Deir Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Terence Slowey, go bhfuil sé ag súil go mór leis an ngradam a bhronnadh ar Coleman.

“Is mór an chreidiúint é Séamus Coleman do Dhún na nGall agus is mór an onóir domsa, mar Chathaoirleach, saoirse Dhún na nGall a bhronnadh air. Is eiseamláir iontach é do ghasúir agus do dhaoine óga sa chontae seo.

“Tá gaiscí ar leith déanta aige agus é ag imirt go dtí seo agus, cé go bhfuil an leibhéal is airde sroichte aige ina spórt, ní dhearna sé dearmad riamh ar a dhúchas. Is duine umhal, macánta é agus tá sé gan locht maidir lena thiomantas do Dhún na nGall agus do na Cealla Beaga go háirithe.”

Bronnfar suaitheantas agus biorán speisialta ar Coleman mar chuid den ócáid.

Ní hé Coleman an chéad imreoir sacair a bhfuil an gradam bronnta air. Tugadh an t-aitheantas céanna do Shay Given agus Packie Bonner. Is iad Anthony Molloy, Patsy McGonagle, Phil Coulter, Daniel O’Donnell agus baill an 28ú Cathlán Coisithe na daoine eile a mbeidh saoirse Dhún na nGall á bronnadh orthu.

Fág freagra ar 'Saoirse Chontae Dhún na nGall le bronnadh ar Shéamus Coleman inniu'