San earrach a thabharfar faoi réiteach athuair ar chúrsa an bhóthair as Bearna go Scríb

An bóthar nua pléite ag cruinniú d’Údarás Bardasach Chonamara ag ar gealladh go mbeadh ‘lámh mhór’ ag na Comhairleoirí Contae sa scéal

R336 Road

Tabharfar iarraidh eile faoi réiteach a fháil ar chúrsa an bhóthair nua as Bearna go Scríb idir Márta agus Meitheamh na bliana seo chugainn. Tugadh an méid sin le fios do Chomhairleoirí Contae Chonamara ag cruinniú d’Údarás Bardasach Chonamara, Comhairleoirí Contae an cheantair agus feidhmeannaigh as an gComhairle Contae, i nGaillimh tráthnóna inné.

Dúradh leis na Comhairleoirí freisin go mbeadh lámh chinniúnach acusan sa socrú sa deireadh. Pé ar bith moladh a thiocfaidh chun cinn, beidh ar na Comhairleoirí a mbeannacht a thabhairt dó, nó diúltú dó.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, an Comhairleoir Noel Thomas, go raibh stádas na gComhairleoirí Contae maidir leis an scéal i bhfad níos soiléire tar éis don innealtóir, Damian Mitchell, míniú a thabhairt ar chúrsaí ag an gcruinniú. Mar fhreagra ar cheist a chuir an cathaoirleach air, dúirt an t-innealtóir gur léir go mbeadh lámh mhór ag na Comhairleoirí Contae i dtionscnamh an bhóthair as Scríb go Bearna agus “nach raibh aon éalú uaidh sin”.

D’fhiafraigh an Comhairleoir Noel Thomas den innealtóir an bhféadfaí, dá réir sin, vóta a chaitheamh ag an gcéad chruinniú eile de Chomhairleoirí Chonamara “ag moladh go gcuirfí cúrsaí éagsúla atá molta cheana féin don bhóthar as an áireamh uilig”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Damian Mitchell go mbeadh go leor le cur sa gcomhaireamh ag na comhairleoirí a bheadh ag obair ar an gceist arís tar éis na Féile Pádraig seo chugainn. Dúirt sé go bhfuil na scileanna acusan agus gur leosan na moltaí a chur chun cinn.

Ceist chonspóideach a bhí á dúiseacht ag an gComhairleoir Thomas faoin lear bealaí atá san áireamh i gcónaí don bhóthar as Bearna go Scríb. 

Meastar go mbeadh sé geall le bheith do-dhéanta cead pleanála a fháil do chodanna de chuid de na bealaí sin i gCois Fharraige. Dúirt an Comhairleoir Thomas gur cheart cuid de na bealaí seo a chur as an áireamh agus gan bac a choinneáil ar thalamh príobháideach na ndaoine. 

Níl sé soiléir cén t-údar nach féidir le Comhairleoirí Chonamara vóta a chaitheamh faoin ábhar seo, ach is cosúil gur géilleadh do thuairim an innealtóra tráthnóna inné.

Dúirt an t-innealtóir, Damian Mitchell, go mbeadh sé chomh dóigh céanna go mbeadh cuid de na bealaí – tá ocht gcinn acu ann faoi láthair – á sníomh isteach ina chéile sa staidéar nua an chéad bhliain eile. Ní fhéadfadh sé, a deir sé, mórán eile a chur leis an tuairim sin.

Dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin gurbh fhearr i bhfad go mbeadh teagmháil ag na Comhairleoirí Contae agus an pobal leis na comhairleoirí sula dtiocfaí ar mholtaí críochnúla faoin gcúrsa a d’fheilfeadh don bhóthar as Bearna go Scríb. 

Dúirt an Comhairleoir Eileen Mannion go raibh go leor teagmhála idir na comhairleoirí, an pobal agus na Comhairleoirí Contae cheana féin nuair a leagadh amach na chéad mholtaí don bhóthar. “Is beag a tháinig as sin,” a dúirt sí.

Dúirt an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin go gcaithfí ‘a dhul go bun an údair’.

“An brat caomhnaithe atá curtha ar Chonamara is ciontach leis an trioblóid uilig. Ba cheart go mbeadh cosán fágtha anoir as Gaillimh thrí cheartlár Chonamara le haghaidh bóthar ceart, cosán coisithe agus rothaíochta agus cá bhfios nach bhféadfaí ráille iarnróid a chur ann amach anseo,” a dúirt Tomás Ó Curraoin. Dúirt an Comhairleoir Ó Curraoin gur túisce a d’éireodh seisean as an gComhairle Contae uilig ná vóta a chaitheamh ar son “leagan slám tithe” nuair atá sé “soiléir”, dar leis, go bhfuil cúrsa eile ar fáil. 

Na SACanna (ceantair speisialta chaomhnaithe) an chonstaic is mó roimh an mbóthar nua, dar le hÓ Curraoin agus chuile sheans, a dúirt sé, go bhfuil an polasaí caomhnaithe seo “ag fáil fabhar i mBaile Átha Cliath seachas sa Bhruiséil”.

Dúirt an Comhairleoir Eileen Mannion go ndeachaigh seachtar Comhairleoirí Contae as Conamara go dtí an Bhruiséil ag fiosrú na ceiste seo cheana, rialacha caomhnaithe agus bóithre, agus gur tugadh freagraí ar na ceisteanna a bhí acu. Dúirt an Comhairleoir Thomas Healy, nach mbeifí ag súil “ag an tráth seo le tada eile san Eoraip ach freagraí oifigiúla”. 

Ba í an cheist, dar le Healy, an raibh “aon bhrú ag dul orthu faoin scéal ón Rialtas s’againne”. “Is cosúil nach bhfuil mórán fonn ar Rialtas Bhaile Átha Cliath tionscnaimh bhóthair a chur chun cinn faoi scáth an chórais IROPI,” a dúirt Healy.

Tugann an córas sin deis iarratas ar leith a dhéanamh, beag beann ar chaomhnú má cheaptar go bhfuil géarghá eacnamaíochta agus sóisialta leis an tionscnamh. Dúirt an Comhairleoir Healy gur cheart do Chomhairle Chontae na Gaillimhe féin caidéis a chur ar Údarás na mBóithre agus ar an Rialtas i dtaobh bheartas IROPI i gcás an bhóthair as Bearna go Scríb.

Nuair a rinne na saineolaithe a gcuid oibre cheana, bhí formhór na gComhairleoirí Contae ar an intinn chéanna, gur cheart an bóthar as Bearna go Scríb a choinneáil suas ó thuaidh sa sliabh. Ach tá tuairim láidir i measc fheidhmeannaigh na Comhairle Contae nach nglacfaí leis seo mar go bhfuil caomhnú SAC ó thuaidh. 

Tá chuile chosúlacht ann anois go dtiocfaidh an chonspóid chéanna chun cinn i gConamara san earrach seo chugainn.