Samhlaigh athrú ceannaire ar Fhianna Fáil nó Náisiúnaithe na hAlban i ngan fhios do dhaoine…

Ní ar na fíréin san SDLP a chaithfidh Colum Eastwood a dhul i gcion ach ar na vótóirí, go háirithe na mílte a staon den vótáil le dhá bhliain déag anuas

DSC_0514_0

Samhlaigh athrú ceannaire ar Fhianna Fáil nó Náisiúnaithe na hAlban i ngan fhios do dhaoine, geall leis. Tá an dá pháirtí sin sa tríú háit ina bparlaimintí féin, fearacht an SDLP sa Tionól i Stormont. Ní ar an gceannaire nuathofa, Colum Eastwood, ná an SDLP an locht gur bádh a scéal mór faoi rabharta nuachta ón uafás i bPáras ag deireadh na seachtaine. Ba é an sceimhle sa Fhrainc a tharraing aird gach éinne, ar ndóigh, ach comhartha sóirt ab ea an bheagshuim san athrú ré san SDLP ar an dúshlán don cheannaire nua.

Fuair Eastwood an ceann is fearr ar Alasdair McDonnell sa toghchán don cheannaireacht le 172 vóta in aghaidh 133. Bua sách deimhneach ab ea é, dar le hionadaithe, chun seasmhacht a chothú sa pháirtí a bhí deighilte go nimhneach faoi cheannas McDonnell le ceithre bliana anuas.

In óráid bhríomhar ag deireadh na comhdhála bliantúla in Ard Mhacha tráthnóna Dé Sathairn, d’fhéach Eastwood le huchtach a thabhairt do na teachtaí. Cé gur admhaigh sé go minic gurb é an meath ar an SDLP a thug air dúshlán Alasdair McDonnell a thabhairt don cheannaireacht, dúirt sé leis an gcomhdháil nach raibh an páirtí ar an dé deiridh. Ní imeoidís den bhfód go ciúin, a dúirt sé is é ag gríosadh na ballraíochta cur le chéile chun an SDLP a chur i gcumhacht arís ar mhaithe le rathúnas Thuaisceart Éireann agus aontú na tíre ar fad.

B’aisteach an ní é nach raibh deis ag Eastwood aitheasc an cheannaire a thabhairt don chomhdháil. Ba é an Dochtúir McDonnell a rinne é sin beo ar an teilifís, an uair ab fhearr a rinne sé an gnó sin lena ré mar cheannaire.

Bhí se níos bríomhaire ná mar is gnách, é ar a dhícheall ag iarraidh a chéile comhraic a chur ó dhoras. Bhí sé fánach aige óir bhí na baill den bharúil go raibh bail chomh holc sin ar an bpáirtí nár mhór athrú a dhéanamh go práinneach. Cheal aithisc ó Eastwood, níor chuala na baill ná an pobal go mion cén cur chuige a bheidh ag an gceannaire nua.

Náisiúnachas forásach an lipéad atá aige ar a pholasaithe ach níl feoil curtha ar na cnámha aige go fóill. Tá cóir agus ceart d’íobartaigh, forbairt eacnamaíochta agus caighdeán maireachtála sásúil do gach duine i measc a chuid aidhmeanna. Maíonn sé go seasta nach mbeidh rath ar fheachtas athaontaithe na hÉireann mura gcuirfear Tuaisceart Éireann ar bhonn teann i dtosach.

Ba chosúil go raibh teachtaí sásta leis an méid a chualadar uaidh go dtí seo, cuid acu ag rá gur údar dóchais acu an ceannaire nua. Tá siad ag súil go gcuirfidh sé stop leis an meath sa ngearrthéarma agus borradh faoin bpáirtí an lá is faide anonn. Tá níos lú ná leathbhliain aige roimh thoghchán an Tionóil i mí na Bealtaine seo chugainn. Ní ar na fíréin san SDLP a chaithfidh sé a dhul i gcion sa tréimhse sin ach ar na vótóirí agus, go sonrach, ar na mílte a staon den vótáil le dhá bhliain déag anuas.

D’admhaigh Eastwood nach caint eatarthu féin atá de dhíth ar an SDLP ach comhrá leis an bpobal. Beidh cluas le héisteacht ar a lán do na comhráití sin. An mbeidh Eastwood in ann a áiteamh ar dhaoine gurbh fhiú vótáil don SDLP, go bhfuil polasaithe agus cur chuige ag an bpáirtí nach bhfuil le fáil ó éinne eile?

Má tá rath le bheith air, caithfidh sé a chruthú go mbaineann an SDLP le hábhar i saol an lae inniu. Níor mhiste d’Eastwood glacadh le ‘ábharthacht’ mar fhocal faire: a chinntiú gach lá go bhfuil a fhios ag vótóirí céard le haghaidh an SDLP agus go mbaineann sin leo. Éacht nach beag a bheadh ansin. Beidh tuairim againn cén chaoi a bhfuil ag eirí leis tar éis 100 lá.

Fág freagra ar 'Samhlaigh athrú ceannaire ar Fhianna Fáil nó Náisiúnaithe na hAlban i ngan fhios do dhaoine…'