Samhail de Donald Trump dóite ar thine chnámh ar oileán dúchais a mháthar

Dódh samhlacha de Trump, Vladimir Putin, Nigel Farage, agus Kim Il-sung ar an oileán Gaeltachta amach ó chósta na hAlban

Samhail de Donald Trump dóite ar thine chnámh ar oileán dúchais a mháthar

Rinne buíon de Ghaeil na hAlban an bhliain úr a cheiliúradh trí shamhail Donald Trump a dhó ar thine chnámh ar oileán dúchais mháthair Uachtarán nuathofa Stát Aontaithe Mheiriceá. Athmhúscailt traidisiúin a bhíodh ar Leódhas a bhí i gceist, mar go lastaí tinte cnámh ar fud an oileáin chuile lá cinn bhliana. Tuigtear go raibh scaifte maith i láthair, agus go raibh oíche ar dóigh ann.

Lasadh an tine chnámh ag Mangurstadh, atá ar an taobh thiar den oileáin, 40 míle ó Tunga, mar ar rugadh máthair Trump, Mary Anne Nic Leòid, ar an 10 Bealtaine 1912. Ba ón áit sin a d’imigh sí go Meiriceá i 1929. Is beag meas atá ag roinnt Leòdhasach ar ‘Dhòmhnaill Iain’, mar a thugann siad ar a mac.

Dódh samhail Trump in éineacht le samhlacha eile, Vladimir Putin, Nigel Farage ón UKIP, agus Kim Il-sung.

Ba é John Norgrove, innealtóir as Mangursta, a d’eagraigh an ócáid. Chuir sé cuireadh amach ar an ríomhphost chuig bunadh an oileáin, a rá gur ‘Burning the Fascists’ a bheadh sa tine chnámh.

“I mbliana, ar bharr na tine cnámh, beimid ag dó samhlacha na bhfaisistithe sin a scrios 2016, agus a bhfuil an chuma ar an scéal go scriosfaidh siad na blianta amach romhainn, go háirithe don té atá bocht, ach, le fírinne, d’achan uile dhuine againn,” a scríobh Norwood.

Dúirt sé go mbeadh Trump an “leath-Leòdhasach” ar bharr na tine cnámh agus céim níos ísle ag Putin, Farage agus Kim Il-sung.

Bhí an oíche féin fuar agus tirim. Cuireadh bia ar fáil, agus thug daoine a gcuid deochanna féin leo. Cuireadh lóistín ar fáil, agus bhain go leoir daoine tairbhe as.

Nuair a labhair Tuairisc.ie le Norgrove, dúirt sé nár mhaith leis níos mó a rá seachas ar dhúirt sé ina ríomhphost.

Ba chainteoir dúchais Gaeilge na hAlban máthair Donald Trump. Rugadh Mary Anne Nic Leòid i dTunga in Eilean Leòdhas ar an 10 Bealtaine 1912.

Ba iad Calum Mac Leòid, iascaire agus croitéir, agus a bhean Màiri (neé Nic a’ Ghobhainn) tuismitheoirí Mary Anne, a bhí ar an duine ab óige de 10 clainne.

Ba cheantar láidir ó thaobh na teanga de é sin ag an am. De réir an daonáirimh i 1901, bhí Gaeilge na hAlban ag 91.2% den phobal. Ní raibh Béarla ach ag 17.2%. D’imigh Mary Anne go Meiriceá i 1929. De réir an daonáirimh dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí Gaeilge na hAlban ag 85.5% sa pharóiste.

Tá Tunga trí mhíle go leith amach as Steòrnabhaigh, príomhbhaile an oileáin, mar ar raibh an lámh in uachtar ag an Bhéarla riamh.

Mar sin féin, tá Gaeilge na hAlban beo i Tunga i gcónaí. De réir dhaonáireamh 2011, bhí Gaeilge ag 51% den phobal in Aird Thunga agus is í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ag 36%. Bunaíodh Aonad Gàidhlig sa bhunscoil i mbliana. Tá Còisir Ghàidhlig Thunga ann, agus í lárnach i saol an phobail.

Tá dúchas saibhir ann mar sin, dúchas nár léirigh Trump mórán suime ann riamh. Thug sé cúpla cuairt, nár mhair rófhada, ar cheantar dúchais a mháthar.

Fág freagra ar 'Samhail de Donald Trump dóite ar thine chnámh ar oileán dúchais a mháthar'