Saighdiúirí na hÉireann i Mailí? Tarraingítear abhaile iad!

Is truailliú ar thraidisiúin na hÉireann é a bheith ag cabhrú le hArm na Fraince agus ba chóir a bheith ag tacú leo siúd atá ag lorg chearta na dTuargach

maliDíreach i ndiaidh an uafáis i bPáras, bhí eachtra eile i mBamako, príomhchathair Mhailí i dtuaisceart na hAfraice. Treallchogaithe Ioslámacha a bhí taobh thiar de na heachtraí sa dá chás.

Sa dá chás freisin, bhain na scéalta le ról Arm na Fraince sna tíortha Moslamacha, sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice.

Tá saighdiúirí de chuid na Fraince ag troid i Mailí, ag cabhrú le rialtas a ghlac an chumhacht nuair a cuireadh an t-uachtarán tofa as oifig i gcoup. Ó tharla go bhfuil Arm na Fraince sínte rite sa mbaile anois tar éis an ionsaithe ar Pháras, tá siad ag lorg cabhrach ó Éirinn is ó thíortha eile san Aontas Eorpach.

Cheana féin, tá deichniúr ó fhórsaí cosanta na tíre seo i Mailí, i mbun traenála.

Ach cén fáth a bhfuil Arm na Fraince sa tír seo ar chor ar bith, agus cén fáth a mbeadh muide ag cabhrú leo?

Tá éirí amach in aghaidh an rialtais lárnaigh ar siúl ó bunaíodh an stát i 1960, agus ní Ioslámaigh ach an pobal dúchasach Tuareg atá ag lorg neamhspleáchais dá gcuid den tír – cuid atá saibhir le salann, fosfáit is clocha aoil.

Tá aithne ag cuid againn, is dócha, ar na Tuargaigh mar phobal sa Sahara a throid in aghaidh Léigiún Eachtrannach na Fraince sa bhfásach sin.

Agus go deimhin, is iad na Tuargaigh a thug an cur i gcoinne ab fhíochmhaire don Fhrainc i dtuaisceart na hAfraice, cé gur buadh orthu sa deireadh.

Agus nuair a cuireadh deireadh le himpireacht na Fraince sna seascaidí, scoilteadh na pobail Thuargacha idir an Ailgéir, Mailí, an Nígéir, an Libia agus an tSeaid mar a thugtar ar na tíortha sin inniu – agus na Tuargaigh ina mionlach i ngach aon cheann acu.

D’éirigh siad amach i gcoinne na socruithe iarchoilínithe seo, i Mailí go háirithe – i 1960, agus arís i 1990, agus arís i 2007.

Táthar ag rá ar na meáin gur dhíbir gluaiseachtaí Ioslámacha arm Mhailí as tuaisceart na tíre, ach ní fíor sin, mar ba iad na reibiliúnaigh Thuargacha a rinne é.

Is éard a tharla ná gur chuir an t-arm an t-uachtarán tofa, Amadou Touré, as oifig le coup i 2012 toisc go raibh sé ag iarraidh idirbheartaíocht a thosú leis na reibiliúnaigh (MNLA). Ghabh an MNLA an tuaisceart, ach scoilt siad go luath ina dhiaidh sin. Bhí cuid acu sásta glacadh le féinriail in ionad neamhspleáchais agus cuid eile nach raibh sásta le rud ar bith seachas neamhspleáchas iomlán.

Tháinig na gluaiseachtaí Ioslámacha isteach sa bhfolús a bhí cruthaithe ag scoilt an MNLA, ach tá a lán fianaise ann gur chothaigh an Fhrainc an scoilt seo san MNLA agus an coup féin.

Ach arís, cén fáth?

Tá Mailí ar an deichiú tír is boichte ar domhan ó thaobh ioncam per capita de. Ach tá taiscí saibhre mianraí sa tír, go háirithe ór, san iarthar. Go deimhin, is í Mailí an tríú tír ar domhan ó thaobh onnmhairiú óir de.

Nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann, rinne an rialtas lárnach iarracht na mianraí a fhorbairt don stát, ach i ndiaidh 1991, fuair comhlachtaí Francacha greim arís ar na mianraí – sa tuaisceart agus sa deisceart.

Agus sin é i ndáiríre atá taobh thiar d’idirghabháil na Fraince sa tír – seanchoilíniú i gcruth nua-aimseartha.

D’fhéadfadh Mailí a bheith saibhir dá ndéanfaí na mianraí a chur ag obair chun leas an phobail, agus dá dtabharfaí aitheantas cuí do cheart na dTuargach. Ach ní shin an aidhm atá ag Arm na Fraince sa tír.

Ní raibh aon díospóireacht sa Dáil faoi cén fáth a gcuirfí saighdiúirí ar bith go dtí Mailí, ach tugadh le fios gur ag cloí a bhíothas leis an atá nós againn cabhrú le síocháin a choinneáil é.

Ach ní ag iarraidh síocháin a choinneáil atá na fórsaí eachtrannacha ann ach ag cabhrú le síocháin na Fraince is síocháin an rachmais idirnáisiúnta a bhunú is a bhuanú ann.

’Sea, tá gean ag a lán daoine in Éirinn ar Pháras, agus, ar ndóigh, is sa bhFrainc a rugadh prionsabail na Poblachta a spreag sinn chun a lorg saoirse dár náisiún.

Ach is truailliú ar thraidisiúin na hÉireann é cabhrú le forlámhas coilíneach. Ní cóir tuilleadh saighdiúirí Éireannacha a sheoladh go dtí Mailí san iarracht náireach seo, ach an dream atá ann a thabhairt abhaile agus tacaíocht na hÉireann a thabhairt dóibh siúd atá ag lorg cearta na dTuargach agus ag iarraidh gur ag muintir Mhailí a bheadh saibhreas Mhailí.

Fág freagra ar 'Saighdiúirí na hÉireann i Mailí? Tarraingítear abhaile iad!'

  • Ruairi s. O'Donaill

    AONTAIM LE EOIN O’MURCHU. NI COIR, NA NI CEART GO MBEADH ARM NA H-EIREANN AG FEIDHMIU I MALI. NIL AON BHAINT AG MUIINTIR NA H-EIREANN LEIS AN TROID ATA AR SIUL ANN AGUS NI BHEADH SE DE REIR PRIONSABAL NA NAISIUN AONTAITHE. IS LEIR GO BHFUILIMID MAR CHINE THAR AIS I RE SHEAIN MHIC REAMOINN LEIS AN BHFEAR SEO ATA IN AINM IS A BHEITH IN A ‘AIRE COSANTA’ AGAINN — AN T-UASAL SIMON KEAVENEY

  • Fearn

    Tá sainordú ag na Naisiúin Aontaithe sa Mháilí áfach!

    https://www.un.org/en/peacekeeping/missions/minusma/background.shtml

  • Eoin Ó Murchú

    Rinne an t-iarcheannfort Frank Reidy iarracht beag a dheanamh den alt seo ar Raidió na Gaeltachta ach níor dhein se aon iarracht freagra a thabhairt ar na buncheisteanna:
    1. Si Mailí ar an deichiú tir is boichte sa domhan, ach sa tríú hait maidir le or a onnmhairiú san Afraic. Rud eicínt contrailte anseo.
    2. Tá na Tuareg a chónaíonn sa Tuaisceart ag iarraidh stát dá gcuid féin ó bunaíodh Mali as iarsmaí impireacht na Fraince. Bhí éirí amach acu i 1960, i 1990 agus i 2007. Rinne an t-arm coup nuair a dhein an t-uachtarán iarracht ar idirbheartaíocht a dheanamh leis na Tuareg i 2012.
    3. Tháinig forsaí Ioslámacha isteach sa scéal nuair a thit an rialtas dlisteanach is nuair a scoilt na Tuareg ag an am céanna.
    4. Le síochain a choinneail caithfidh an da thaobh den choinbhliocht a bheith ar aon tuairim faoin tsíocháin. B’shin mar a bhí aon ait eile gur cuireadh ár gcuid saighdiúirí ann. Níl aon tsíocháin ann sa Mailí le coinneail. Tá an Fhrainc ag iarraidh a gcuid síochain fein a bhunú – síocháin an nua-chóilíneachais.
    5. Bhí pointe laidir amháin ag Frank – sé sin nach ndearna mé aon tagairt dona Náisiúin Aontaithe maidir leis an scéal seo. Ach ní athraíonn sé sin aon chuid den bhun-anailís go bhfuil arm na Fraince ann ar mhaith le leas cóilíneach na Fraince. Is ní coir duinn bheith pairteach san iarracht naireach seo.

    • Fearn

      Is trua nár chuala mé caint Fhrank ach seo mo léamhsa ar na pointí ‘s agat.

      1>Tá an Aifric tré chéile ina praiseach nach mór. Ní bréaga a rá go bhfuil ” Rud eicínt contrailte anseo.”. Tá. Ach is é ceann gach aistir an chéad chéim.

      2>Seo an buille, nach ea? Ní síochán é má tá cogaíocht ar bun.

      3>Tháinig. Ní coinbhliocht dhá-thaobhach é seo a thuilleadh.

      4>Tagaim leat. Ach tá mé ag déanamh amach nach bhfuil an Taoiseach s’ againne ag iarraidh dul in áit an Fhrancaigh, ach gualainn ar ghualann na Náisiún Aontaithe.

      5>Tagaim leat. Ní hé nach bhfuil an Francach ag déanamh a leasa fhéin, ach seans go bhfuil leas an Mháilígh bonn ar bhonn leis, stráice den bhóthair ar scor ar bith.

      B’fhéidir in áit saighdiúirí, chuirfeadh Rialtas na hÉireann múinteoirí ann, dochtiúití agus altraí ann comhleoirí agus a leithéid agus lab airgid.

      Cá bhfios nach ligfeadh lucht an éirí amach dófa!