Saighdiúirí as Arm Mheiriceá ag tabhairt faoin nGaeilge i nGleann Cholm Cille

Tá daltaí ó Institiúid Mhíleata Marion ar chúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGaeltacht Thír Chonaill

Saighdiúirí as Arm Mheiriceá ag tabhairt faoin nGaeilge i nGleann Cholm Cille

Tá grúpa saighdiúirí de chuid arm Stáit Aontaithe Mheiriceá ag foghlaim na Gaeilge an samhradh seo in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá cuid de na daltaí as Institiúid Mhíleata Marion in Alabama in Éirinn don dara bliain as a chéile le barr feabhais a chur ar a gcumas sa Ghaeilge.

Tá Gaeilge líofa ag duine de na léachtóirí in Institiúid Mhíleata Marion, Rankin Sherling, a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ar dtús agus é ar scoláireacht in Kingston, Ontario i gCeanada. Bhí Sherling ag déanamh staidéar ar an Imirce in Éirinn nuair a chuala sé faoin ‘Gaeltacht’ a bhí bunaithe ag Aralt Mac Giolla Chainnigh in Ontario. Is ó Aralt a fuair se an cúpla focal ar dtús sular tháinig sé féin ar chúrsa in Oideas Gael.

Is léachtóir le stair anois é sa scoil mhíleata in Perry County in Alabama agus tá Cumann Gaelach bunaithe aige ann. Is baill den chumann sin iad na daltaí atá anois ar an gcúrsa i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá siad anseo le mí anuas cheana féin agus beidh siad cúpla seachtain eile anseo. Tá na daltaí ag ullmhú le bheith ina n-oifigigh in Arm na Stát Aontaithe agus dúirt Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael, agus a theanga ina phluc aige, go bhfuil sé “cinnte” go mbeidh an Ghaeilge ina cuidiú acu agus iad ag tabhairt faoin tsaighdiúireacht ghairmiúil.

“Tá Gaeilge réasúnta maith ag cuid acu, go háirithe na leaids a bhí anseo anuraidh, agus tá an chuid eile ag foghlaim leo. Tá siad ag baint an-taitneamh as an gcúrsa anseo i nGleann Cholm Cille agus réitíonn siad go maith le muintir na háite. Is iontach na scéalta atá acu agus tá muintir na háite ag baint taitneamh as a gcomhluadar freisin,” a dúirt Ó Cuinneagáin.

Chas an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, a d’fhreastail ar chúrsaí de chuid Oideas Gael nuair a ceapadh ina Aire Gaeltachta ar dtús é, leis na daltaí airm agus lena léachtóir i nGleann Cholm Cille an tseachtain seo.

Beidh Joe McHugh ag filleadh ar Oideas Gael níos deireanaí an samhradh seo ach an geábh seo is ina mhúinteoir seachas ina dhalta  a bheidh sé ann.

Dúirt Ó Cuinneagáin le Tuairisc.ie go bhfuil an cháil anois ar Oideas Gael mar ‘Lourdes na Gaeilge’ d’fhoghlaimeoirí teanga ar fud an domhain agus gur léiriú ar an méid sin cuairt seo na Meiriceánach ar an áit agus líon na ndaltaí ó gach cearn den domhan a bhíonn ag triall ar an áit do chúrsaí Gaeilge samhradh i ndiaidh samhraidh.

Fág freagra ar 'Saighdiúirí as Arm Mheiriceá ag tabhairt faoin nGaeilge i nGleann Cholm Cille'