SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ag caint liathróidí

Ní chreideann ár gcolúnaí go mairfidh an CLG gan stad gan staonadh agus na comórtais mhóra sacair agus eile ag mealladh aird daoine ach tugann an CLG deis le spórt a imirt

SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH

Ar dtús, mo bhuíochas leis an Eagarthóir as deis a thabhairt dom liathróidí a labhairt. Ní miste liom bheith ag caint liathróidí. Déarfadh mórán daoine gur liathróidí amháin a labhraím, is cuma cén t-ábhar atá i gceist. Mar sin féin, mothaím cosúil leis an Bomber Liston; tá an bainsiteoir i ndiaidh scairt a chur orm agus caithfidh mé na bróga a shaoradh ón charn deataigh.

Is maith, mar sin féin, go raibh neart liathróidí ag dul ag an deireadh seachtaine. Ba é an cluiche idir Dún na nGall, aka Dorn na nGall, agus Fear Manach, a mheall mé. Bhí leathchluiche maith ann – agus rud beag aicsin den seandéanamh. Shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh Fear Manach in ann luíochán a chur ar na Conallaigh ach níorbh amhlaidh é. Tháinig na Conallaigh chucu féin agus mhúch siad agus phlúch siad na comharsana.

Níorbh olc an cluiche é i gcomparáid le gach cluiche eile a imríodh in Ulaidh go dtí seo. Ní mórán de mholadh é sin. Tá cúrsaí peile chomh holc sa Tuaisceart faoi láthair gur chuala mé fear as Ard Mhacha á rá go mbeadh clú an chúige ag brath ar … fan go fóill … ar Thír Eoghain! Sea, sin slat tomhais ar  dhroch-chaighdeán na peile go cinnte.

Déarfainn nach mise an t-aon duine amháin a mhothaigh bród mór as an oiread sin daoine a fheiceáil ag cluichí CLG thar an deireadh seachtaine. Tá, gan amhras, an sacar ar an mhór-roinn ag mealladh an-chuid airde agus tá sin intuigthe. Tá airgead mór taobh thiar den spórt gairmiúil. Ach b’fhéidir gur chóir dúinn béim a chur arís eile ar bhua sin an CLG mar eagraíocht don spórt amaitéarach agus dílseacht a lucht leanúna – go fóill beag ar aon nós.

Más fianaise ar bith é The Sunday Game, tá na sluaite ag tarraingt ar na cluichí agus iomaíocht idir na contaetha ina hábhar bróid go fóill. Is mór an cuidiú an dea-aimsir agus is mór an tógáil croí é an oiread sin daoine – óg, meánaosta agus aosta – a fheiceáil ar a n-oilithreacht bhliantúil. Caithfidh muid, mar phobal, sin a chosaint agus a chur chun cinn. Ní duine de na daoine sin mé a chreideann go mairfidh an CLG gan stad gan staonadh.

Déarfainn go bhfuil go leor comharthaí ann, i gceantair uirbeacha ach go háirithe, nach bhfuil greim ag an CLG ar an mhuintir óga mar a bhí. Meallfaidh na comórtais mhóra sacair agus eile aird daoine – mar tá spéis againn i spórt – ach tugann an CLG deis duit spórt a imirt. Agus na hEuros ar tí tosú, bhí iníon de mo chuid agus a comrádaithe ag imirt camógaíochta in éadan bhuíon eile ban ar mhachairí Mhacha – agus iníon eile de mo chuid ina réiteoir! (Is í atá cróga.) 30 déagóir i mbun imeartha, roinnt tuismitheoirí ag cuidiú leo, tráthnóna galánta samhraidh agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

Go raibh laethanta den sórt seo againn uilig go léir san am atá le teacht.

Euros

Buaicphointe an tsacair go dtí seo? An Bhreatain Bheag gan amhras nó Cymru v Slofacia mar a bhí ar S4C. Bhí bua ar dóigh acu ach níorbh é sin an chuid ab fhearr den lá. An tAmhrán Náisiúnta sin acu, é á chanadh in ard a chinn ag gach aon duine a thóg an spiorad. Mhothaigh tú go raibh na Gaeil ar ais ar an mhór-roinn, nach raibh bua ag Caesar ar Vercingetorix riamh. Tá súil agam go mbeidh pobal na hÉireann lán chomh binn i mbun Amhrán na bhFiann tráthnóna. Tá pobal na Breataine i ndiaidh ár ndúshlán a thabhairt!

Ceiltigh Hibernia

Leanann an caidreamh idir Éirinn agus peil na hAlban. Bhí bainisteoir na Poblachta agus fear Dhoire, Martin O’Neill, lá ina bhainisteoir ag Ceiltigh Ghlaschú; d’imir fear Chorcaí Roy Keane don fhoireann chéanna; tá fear Aontroma, Brendan Rodgers, anois ina bhainisteoir acu agus tá iarbhainisteoir eile dá gcuid, fear Ard Mhacha, Neil Lennon, anois ina bhainisteoir leis an chlub eile Éireannach, Hibernia, i nDún Éideann.

Ní dhéantar mórán cainte faoi Hibs agus is beag duine in Éirinn a thugann tacaíocht dóibh. Bhí mé féin sa chathair cúpla uair agus fonn orm geansaí de chuid an chlub a cheannach. Ní fhéadfainn teacht orthu sna siopaí áitiúla spóirt. Geansaithe Celtic agus Rangers ar fad a bhí ann. Is mór an trua. Ba bhreá liom cúpla punt a thabhairt dóibh – agus olc a chur ar lucht leanúna Hearts fosta!

Fág freagra ar 'SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ag caint liathróidí'